Tá sé beagnach dochreite gur dhuine de chúntóirí óga an Phiarsaigh in 1911 ba ea iníon an Éireannaigh Óig a bhunaigh The Nation in 1842. Rugadh Louise ar 17 Iúil 1884 i Nice na Fraince mar a raibh cónaí ar a muintir. Ba í a máthair Louise Hall ó Rockferry, Cheshire, tríú bean chéile Charles Gavan Duffy. Bhí sí i bhfad níos óige ná eisean agus gaol fola (col ceathrair) agus cleamhnais (neacht) aici leis.

Ní fhaca Louise talamh na hÉireann go dtí 1903 nuair a bhí a hathair á adhlacadh. Is ansin a chuala sí Gaeilge á labhairt den chéad uair nuair a ghlaoigh sí ar oifigí Chonradh na Gaeilge. Tamall roimhe sin chonaic sí graiméar Gaeilge luaite i gcatalóg díoltóra leabhar. Nuair a chuir sí ceist ar a hathair dúirt sé léi gur chainteoir dúchais a mháthair féin ach gur cheil sí an teanga air. ‘Rinne mé rún an lá sin go bhfoghlaimeoinn an teanga, agus nuair a d’éirigh le duine de mo dheartháracha teacht ar chúpla ceann de leabhráin an Athar Ó Gramhna tamall ina dhiaidh sin, thug mé faoin obair go dúthrachtach’. Tháinig sí chun cónaithe in Éirinn in 1907 agus bhí ina mac léinn ag Máire Ní Aodáin i gColáiste na nDoiminiceánach. Ní raibh cead ag mná freastal ar léachtaí sa tsean-Ollscoil Ríoga. Ó Ollscoil na hÉireann a fuair sí a céim in 1911. Ba í Máire Ní Chinnéide a mhúin Gaeilge di.

Fuair sí cuireadh chun post múinteora a ghlacadh i Scoil Íde, scoil do chailíní a bhunaigh an Piarsach, tuairim an ama seo. Ba ghearr a mhair an scoil agus chaith Louise tamall de bhlianta ag staidéar i gcoláiste oiliúna i Sráid Eccles chun dioplóma múinteora (Cambridge) a ghnóthú. Bhí sí gníomhach i gCumann na mBan ó thosach.

I mbun staidéir dá M.A. di ina lóistín i mBóthar Haddington chuala sí go raibh éirí amach ar siúl. Shíl sí gur dhíchéillí an mhaise do na hÓglaigh é ach chuaigh sí caol díreach chuig Ard-Oifig an Phoist. Chuir an Piarsach ag obair sa chistin í go ceann na seachtaine.

Bhí sí ar an mbeagán daoine ar éirigh leo éalú amach as Oifig an Phoist tríd an ospidéal i Sráid Jervis. I rith na tréimhse corraithí a lean an Éirí Amach bhíodh sí ag obair go toildeonach don Chumann Náisiúnta Cabhrach.

I Meán Fómhair 1917 bhunaigh sí féin agus Annie McHugh (a phós Earnán de Blaghd ina dhiaidh sin) Scoil Bhríde, meánscoil do chailíní, ag 70 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Dáréag dalta a bhí acu an chéad lá agus 100 i gceann bliana. Idir 1919 agus 1921 ba mhinic coistí den Chéad Dáil ag cruinniú ann agus bhí sé ina theach tearmainn ag fir ar a gcoimeád (feic aiste in Irish Times ag Earnán de Blaghd ar 15 Deireadh Fómhair 1969). Thugadh an Blaghdach tacaíocht don scoil agus b’eisean faoi deara gur rinne scoil náisiúnta di ar ball. Ba dheacair don stát san am sin cabhair chomh mór céanna a thabhairt do mheánscoil. Scoil lán-Ghaelach ba ea í agus prionsabail oideachais an Phiarsaigh i réim inti. Osclaíodh foirgneamh nua don scoil in 1965 sa láthair a raibh Scoil Íde ag an bPiarsach ar Bhóthar Fhiodh Cuillinn, Raghnallach. Thug sí airgead do dheirfiúracha Thraolaigh Mhic Shuibhne chun scoil Ghaelach a bhunú i gCorcaigh. Lean Louise ag múineadh i Scoil Bhríde go dtí 1947. Ar feadh tamaill de bhlianta bhíodh sí ag léachtóireacht i roinn an oideachais i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. In 1962 rinne sí clár teilifíse sa tsraith 'Self Portrait’ agus d’éag sí ar 12 Deireadh Fómhair 1969. Bhí Uachtarán na hÉireann i láthair ag Aifreann na Marbh i nGaeilge, rud a bhí, arís, dochreidte nuair a chuimhnítear gur rugadh a hathair roimh Waterloo nuair a bhí na Péindlíthe fós gan chealú.

In Aibreán 1984 d’oscail an Taoiseach, Gearóid Mac Gearailt T.D., seachtain d’imeachtaí a chuir Cumann Tuismitheoirí Scoil Bhríde ar siúl in ómós di. Foilsíodh Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus Scoil Bhríde (1994), cnuasach aistí agus cuimhní cinn in eagar ag Mairéad Ní Ghacháin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú