Jamie Murphy

Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU), Nollaig 2022

Léargas ar na haistritheoirí a bhí ag plé le haistriúcháin ar bhundrámaí Synge le linn an 20ú haois mar aon le himreoirí eile i scéal drámaíochta na Gaeilge.


John Millington Synge (1871-1909)

D’áitigh David Patrick Moran (1869–1936) in The Leader ‘We deny the possible existence of such a thing as Irish literature in the English language, but literature concerning Ireland written in English and which we will always refer to as Anglo-Irish Literature we recognise as something which will probably always remain with us’ (Féach O’Leary, 1994: 283). Lena chois sin, mhaígh Eoghan Ó Neachtain (1867–1957) faoi litríocht Bhéarla na hÉireann: ‘It has really been invented as a sort of half-way house, in which certain English writers may rest, flattering themselves with the thought that what they write is not English literature, and yet not Irish literature, to be sure …’ (Féach O’Leary, 1994: 284). Treisíodh na ráitis sin ag scoláirí eile amhail Eoin Mac Néill (1867–1945) agus fiú Tadhg Ó Donnchadha (1874–1949) a chuir in iúl nach bhfuil a leithéid de rud agus ‘Cultúr’ in Éirinn mura ‘Cultúr Gaelach’ atá ann (Féach O’Leary, 1994: 286). In ainneoin an sceipteachais tosaigh, áfach, glacadh leis de réir a chéile go raibh tábhacht agus fiúntas i litríocht Bhéarla na hÉireann agus dúirt Pádraig Mac Piarais (1879–1916) ‘We are loathe to say it, but it is the plain truth, and it is no help to hide the truth. Most of the beautiful, profound thoughts being expressed amongst the Irish today are being expressed in English’ (Féach O’Leary, 1994: 288). Maidir leis an drámaíocht, mhínigh sé ina dhiaidh sin gur ‘comhghuaillithe’ iad an dá institiúid a bhí ag plé leis an drámaíocht in Éirinn .i., Conradh na Gaeilge, a bhí faoi stiúir de hÍde (1860–1949) ag an am, agus Amharclann Náisiúnta na hÉireann (Féach O’Leary, 1994: 290). Luaigh an drámadóir, Thomas C. Murray:

To my mind, at least, the literary renaissance is a tributary, not a negative current to the broad stream of the Gaelic revival ... The fact is, there is a great dividing gulf between Anglicisation pure and simple and the propaganda of the Gaelic League. The natural bridge between them is the literary movement (Féach O’Leary, 1994: 322).

Dar leis an bPiarsach, cé nach téatar na Gaeilge a bhí in Amharclann na Mainistreach, rud a d’eascair as Amharclann Náisiúnta na hÉireann, b’fhiú go mór freastal uirthi agus foghlaim ón obair a bhí ar bun acu chun borradh a chur faoi ghluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge. Tuigeadh an saibhreas a bhain le litríocht agus drámaíocht Bhéarla na hÉireann agus measadh gurbh fhiú go mór úsáid a bhaint as an litríocht sin chun litríocht na Gaeilge a fhorbairt. Fiú deir Seán Ó Ciarghusa (1873–1956) - ‘Níl i “Riders to the Sea” le Synge ach tórramh Gaedhil, agus ní raibh ach leath, - seadh agus leamh, - dheallramh air gur cuireadh Gaedhilg air agus gur chaoin an bhean-chaointe an marbh i nGaedhilg mar ba dhual’ (Ó Ciarghusa, 1933: 107-9). Cé gur catalóg sách beag a bhí i mbundrámaí Synge, baineadh an-úsáid as na saothair sin chun borradh a chur faoi dhrámaíocht na Gaeilge trí chéile. Sna hailt seo a leanas, breathnófar ar na daoine is mó a bhí páirteach san athghabháil seo thar na blianta.


Amharclann na Mainistreach

Liam Ó Briain (1888–1974) a rinne an t-aistriúchán Déirdre an Bhróin (1932). Rugadh é sa Phort Thuaidh, Baile Átha Cliath sa bhliain 1888. Níor labhair a thuismitheoirí Gaeilge ach chuir sé féin spéis sa teanga trí leabhair ghramadaí a léamh (Rouse, 2015). D’úsáid sé a ainm Gaeilge ‘Liam Ó Briain’ agus bhí sé mar bhall de bhrainse Lorcan O’Toole i gConradh na Gaeilge. Bhain sé chéad onóracha amach sa Bhéarla, Gaeilge agus Fraincis ó UCD sa bhliain 1909 agus bronnadh MA sa Fhraincis air an bhliain dár gcionn (Rouse, 2015). Rinne sé staidéar ar an nGaeilge mar chuid den chéad scoláireacht taistil de chuid NUI i mBeirlín, in Bonn agus Freiburg. Agus é ar ais in Éirinn, scríobh sé do An Claidheamh Soluis, ghlac sé páirt in Óglaigh na hÉireann agus d’oibrigh sé mar chúntóir i Roinn na Fraincise in UCD. Bhí páirt aige, leis, i bpriontáil Fhorógra na hÉireann na laethanta roimh Éirí Amach na Cásca (Rouse, 2015). Chaith sé tréimhse mar phríosúnach i gcampa Frongoch agus i bpríosún Wandsworth i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Scríobhann sé faoin tréimhse seo ina leabhar Cuimhní Cinn: Cuimhní an Éirí Amach (Ó Briain, 1951). Ba náisiúnach go smior é agus rith sé in olltoghcháin Ard Mhacha in 1918 cé nár éirigh leis (Rouse, 2015). Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh agus sheas sé don Seanad cé nár éirigh leis san iarracht sin (Rouse, 2015).

Bhí sé mar bhall den ghrúpa bunaidh i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Chaith Ó Briain deich mbliana ag obair leis an amharclann seo. D’éirigh sé as in 1938 de bhrí gur cheap seisean gurbh fhearr fhiúntaí drámaíocht na Gaeilge a bhunú ar na haistriúcháin is fearr ó dhrámaí de chuid na hEorpa in ainneoin gur mheas daoine eile gurbh fhearr bundrámaíocht na Gaeilge a spreagadh chun an teanga a chaomhnú. Bhí sé dóchasach go ndéanfaí an Ghaeilge a athnuachan arís agus dá nglacfaí le teangacha iasachta ón Eoraip agus dá mbeadh daoine níos oscailte do smaointe agus cultúr ón Eoraip, go bhfeicfí díghalldú na hÉireann dá bharr sin. Anuas air sin, bhí páirt aige i mbunú na chéad scoile lán-Ghaeilge i nGaillimh (Rouse, 2015). Ba dhuine mór le rá é Ó Briain thar na blianta i sochaí agus cultúr na Gaeilge agus bhí tionchar mór aige ar go leor gnéithe i saol na Gaeilge. Ina measc, bhí sé ar an mBord um Chinsireacht Fhoilseachán (sic), bord Amharclann na Mainistreach, coiste comhairliúcháin Raidió na hÉireann agus ar Chumann Staire Míleata na hÉireann (Rouse, 2015). Bhronn NUI dochtúireacht oinigh air in 1974 agus fuair sé bás an bhliain chéanna (Rouse, 2015).


Plaic chuimhneacháin JM Synge i mBaile Átha Cliath

Risteard Ó Foghludha (1871–1957) a rinne aistriúchán amháin de Uaigneas an Ghleanna (1930). Fear cáiliúil a bhí ann i saol na Gaeilge agus bhí ról aige i go leor réimsí den chultúr. Rugadh é in 1871 i gCnoc Chonaill Aodha, Corcaigh agus ba chainteoir dúchais Gaeilge é ón gcliabhán amach. Bhí ardchaighdeán Gaeilge aige tríd is tríd agus bhí an ghráin dhearg aige ar dhroch-Ghaeilge a fheiceáil i gcló. Bhí sé ar dhuine de chéad bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh, scríobh sé do Freeman’s Journal, chaith sé seal thar sáile i Sasana ag obair mar mhúinteoir i gColáiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath chomh maith. D’fhoilsigh sé a chéad phíosa próis in An Claidheamh Soluis in 1901 faoin ainm pinn ‘An Corcaigheach Macánta.’ Bhí suim mhór aige sa drámaíocht agus d’aistrigh beart mór drámaí ón mBéarla agus ón bhFraincis. Mar aon leis sin, bhí sé tiomanta do logainmneacha na hÉireann a bhailiú agus ceapadh é ar fhoireann Choimisiún na Logainmneacha in 1946. Os a choinne sin, bhí sé ina eagarthóir le An Gúm agus cuireann Uí Laighléis in iúl go raibh sé mar bhall d’fhochoiste in An Gúm a bhí ag plé le scripteanna drámaíochta a thagadh isteach (Uí Laighléis, 2021: 37 & 42). Bhí sé mar eagarthóir ar an aistriúchán a rinneadh ar an mBunreacht agus d’fhág sé oidhreacht mhór ina dhiaidh.

Tomás Ó Muircheartaigh (1907–1967) agus Séamus Ó Séaghdha (1870–1959) a rinne an t-aistriúchán Chun na Fairrge Síos (1945). Rugadh Ó Muircheartaigh i mBaile Átha in 1907. Bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh, áit ar fhoghlaim sé an Ghaeilge. Bhí sé an-tiomanta d’Athbheochan na Gaeilge agus in 1937, scríobh sé an paimfléad, You may revive the Gaelic language, inar mhínigh sé céard a bhí ag teastáil sa Stát chun an Ghaeilge a athbheochan in Éirinn (Ó Muircheartaigh, 1937). Ar an ábhar sin, léirigh Ó Duibhginn ‘... bhí Tomás Ó Muircheartaigh cinnte go dtiocfadh leis an Stát an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla ach an toil chuige a bheith ann’ (Ó Duibhginn, 1970: vi). Sa phaimfléad úd, mhaígh Ó Muircheartaigh ‘English came, Irish went. If Irish is to come, English must go’ (Ó Muircheartaigh, 1937: 35). Cuireann Ó Duibhginn in iúl go raibh Ó Muircheartaigh den tuairim ‘nach mairfidh ach teanga amháin’ sa Stát agus gur ghá spás a shaothrú don Ghaeilge i ngnóthaí an Stáit, ‘saol an dráma’ ina measc (Ó Duibhginn, 1970: vii & Ó Muircheartaigh, 1937: 35). Thuig Ó Muircheartaigh tábhacht na litríochta dúchais chun an Ghaeilge a shlánú sa Stát agus chun cur leis an iarracht seo, chuaigh sé i mbun na scríbhneoireachta, na foilsitheoireachta agus na léitheoireachta (Ó Duibhginn, 1970: xi). Bhí sé ina scríbhneoir do Feasta, bhí sé ar Fhochoiste Ealaíne an Oireachtais agus toghadh é mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1955-59. In ainneoin a thréaniarrachtaí chun amharclann Ghaeilge a chur ar bun san Ardchathair, níor éirigh leis an bhfeachtas sin. Ba ghrianghrafadóir é freisin agus dúirt Ó Duibhginn go raibh ‘de shíor ar thóir na foirfeachta agus na fírinne.’

Rugadh Ó Séaghdha i mBéara, Corcaigh in 1870. Fear lán lena chuid tuairimíochta féin a bhí ann agus in ainneoin gur mhol a theaghlach dó dul leis an eaglais Anglacánach, thug sé aghaidh ar Mheiriceá nuair a diúltaíodh post mar mhonatóir scoile dó. Agus é thall i Meiriceá, chaith sé seal mar chuntasóir i Nua-Eabhrac agus cé go raibh sé ar tí cáiliú mar mhinistir in Ollscoil Columbia, tholg sé tífeas agus bhí air teacht abhaile. Agus é ag tagairt dá leibhéal Gaeilge, léirigh sé:

I had not learned to write or even to read Irish, so I had to begin at the bottom. To this end … I got in an old woman who could speak hardly any English and we talked to each other with much mutual misunderstanding but with exemplary patience, till we were able to do better. And I found an old blind man who was a perfect mine of Irish poetry and prose, and I wrote daily from his dictation (Luaite in Ó Coigligh, 2000: 139)

Faoi dheireadh a shaoil, bhí meas mór ag Ó Séaghdha ar an teanga agus d’úsáid sé an Ghaeilge ar mhaithe le teagasc Eaglais Anglacánach na hÉireann a chur chun cinn timpeall na tíre (Ó Coigligh, 2000: 146). In 1897, bhain sé céim B.A. amach le teastas diagachta ó Choláiste na Tríonóide. Fear díograiseach a bhí ann ó thaobh na seanmóireachta de sa Ghaeilge. Áitíodh faoi:

He was a great Irish scholar and for that reason was most popular in all the western parishes where he served. He loved to go into the cottages of the country people and sit by the kitchen fire speaking to them in Irish and hearing the old stories of their grandparents. It was in this way that he learned so much of Irish folklore (The Church of Ireland Gazette, 1959).

Scríbhneoir clúiteach a bhí ann chomh maith agus tuairiscíodh gur scríobh sé do An Claidheamh Soluis, The Cork Examiner, Fáinne an Lae, An tEurópach agus go leor eile ina measc. Bhí baint ag Ó Séaghdha chomh maith le bunú an Chonartha cé gur éirigh sé as nuair a tháinig cúrsaí polaitíochta go mór i gceist ann. I measc a shaothar tá, cnuasach dánta Kerry Pie and other indigestibles (1902), Scríbhinní Naoimh Phádraig (1932) agus Fé’n sceich sidhe (1936) atá ina dhráma do pháistí. Sula bhfuair sé bás in 1959, bhog sé idir paróistí éagsúla timpeall na tíre mar reachtaire.


Teach Synge ar Oileáin Árann

Is é Seán Tóibín (1882–1971) a rinne aistriúchán eile ar Riders ar a dtugtar An Mhuir (1920). Rugadh é ar an bPasáiste, Corcaigh in 1882. D’oibrigh sé mar mhonatóir scoile agus bhain sé MA amach ón tsean-Ollscoil Ríoga in 1931 leis an tráchtas Béarlagar na Saor. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge mar thimire agus múinteoir agus bhí a scoil samhraidh féin aige idir 1910-11. Bhí Gaeilge na Mumhan ar a thoil aige agus maíodh nár chuir sé suim sna canúintí eile. D’oibrigh sé mar bhainisteoir ar an iris An Lóchrann agus ba thuairisceoir é do Irish-American agus Irish World. Bhíodh alt á scríobh aige freisin in The Irish Examiner agus bhunaigh sé iris nua ar tugadh An Lasair air in 1919. Áitíodh gur piúrantánach a bhí ann i leith na Gaeilge agus ‘go raibh sé greamaithe sa saol mar a bhí agus an impireacht ina buaic agus an Eaglais Chaitliceach ina buaic’. Thóg sé a chlann trí Ghaeilge agus ina measc bhí an file Tomás Tóibín agus an t-aisteoir Niall Tóibín. Fuair sé bás in 1971 agus chuir Peadar Ó hAnnracháin in iúl go raibh sé ar dhuine de na daoine is cliste i gCorcaigh i dtaobh na Gaeilge. In The Irish Times, maíodh,

Ní raibh a shárú de mháistir Gaeilge ann: le beaichte, le gontacht, le ciall do rith agus rithim chainte, le héisteacht fhriotail, le séimhe, le neart. Ba aistritheoir den scoth é, arae bhí tuiscint aige do dhlúth agus inneach teanga nach mbíonn ag mórán (Féach Ainm.ie)

Aistritheoir díograiseach a bhí ann chomh maith agus áirítear ina repertoire, Iain Álainn, 1931 (John Splendid), Muintir Inis Anaithe, 1934 (Children of Tempest) agus Ag baint lae as, 1958 (The Passing Day). Maíonn Uí Laighléis, ‘Cheap sé go bhféadfadh sé a rogha rud a dhéanamh, mar gurbh iad an t-aistriúchán agus an chumadóireacht an bóthar chun an aistriúcháin chóir’ (Uí Laighléis, 2017: 108). Maíonn sí leis go bhfuil an focal ‘aistriúchán’ sách scaoilte i gcás an Tóibínigh agus gur athscríobh thar aon ní eile a bhí á chleachtadh aige (Uí Laighléis, 2017: 111). Cé gur bhuaigh sé go leor duaiseanna sna hOireachtais i ndáil leis an drámaíocht, thairg sé bundráma nua do An Gúm ‘Inghean an Phailtínigh’, ach mhol Gearóid Ó Lochlainn gur scéalaí níos mó ná drámadóir a bhí sa Tóibíneach (Uí Laighléis, 2017: 116). In ainneoin sin, bhí meas millteanach air mar aistritheoir agus chuir Torna in iúl ‘Tá an oiread san … measa againn ar a chuid oibre’ (Luaite in Uí Laighléis, 2017: 119). Cosúil le Ó Briain, bhain Tóibín triail as Shakespeare a aistriú chomh maith agus d’aistrigh sé óráid Portia ó The Merchant of Venice (Stáitse 2005). Mar fhocal scoir, maíonn Uí Laighléis ‘[gur] mhórscríbhneoir cruinn Gaeilge é, agus d’fhág sé samplaí luachmhara againn d’ealaín an aistriúcháin, samplaí ar léiriú iad ar an dóigh leis an cheird áirithe sin a chleachtadh go cruthaitheach’ (Uí Laighléis, 2017: 131).


Árainn, áit a bhfuair Synge neart inspioráide

Anuas ar na haistritheoirí roimhe seo, ní mór trácht speisialta a dhéanamh ar bheirt eile a bhí ag plé le bundrámaí Synge thar na blianta. Rinne Seán Ó Carra na haistriúcháin ar The Playboy of the Western World agus The Tinker’s WeddingÁilteoir na Dúiche Thiar (1973) agus Pósadh an Tincéara (1970). Níl mórán eolais faoin aistritheoir seo ar fáil cé go bhfuil clú air mar aistritheoir do Thaibhdhearc na Gaillimhe idir 1946 agus 1986 (Ó Carra, 1990: 49). Ba é Traolach Ó hAonghusa an té a d’fhiafraigh de Ó Carra aghaidh a thabhairt ar aistriúchán don Taibhdhearc ar an gcéad dul síos le haistriúchán ar The Evil Defence I Will Give le Ristéard Mac Eoin, agus lean an socrú sin ar feadh nach mór 20 bliain (Ó Carra, 1990: 49). Le linn an tseala seo, ghlac sé páirt lárnach san aisteoireacht cé nach raibh mórán dúile inti ar dtús (Ó Carra, 1990: 49). Mhaígh Ó Carra gur aistrigh sé 28 ndráma ar an iomlán go Gaeilge don amharclann. Mar thagairt do cheird an aistriúcháin, d’áitigh Ó Carra go raibh aistriúcháin Ghaeilge ‘éasca go leor’ má bhí ‘an Béarla mar a labhraítear é in Éirinn nó caighdeán réasúnta ard sa Bhéarla iontu’ (Ó Carra, 1990: 50). Cuireann Ó Siadhail in iúl go raibh Ó Carra mar dhuine de bhuíon aistritheoirí sa Taibhdhearc toisc gur dhoiligh an rud é teacht ar bhundrámaí maithe (Ó Siadhail, 1993: 122).

Tomás Sailí Ó Flaithearta a rinne na haistriúcháin cháiliúla, Chun na Farraige Síos (1972) agus Uaigneas an Ghleanna (1972). Aisteoir, scríbhneoir agus aistritheoir aitheanta a bhí ann i saol na Gaeilge. Rugadh Ó Flaithearta ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara in 1931. Bhí spéis ollmhór aige san aisteoireacht agus sa drámaíocht trí chéile agus bhunaigh sé Aisteoirí Loch Conaortha sna 1950idí. Tá aithne air ón gclár Rós na Rún, chaith sé seal ag aisteoireacht leis an Damer sna 1960idí agus bhí páirt aige sa tsraith Labhair Gaeilge Linn ar RTÉ. Shaothraigh sé clú mar aistritheoir ar thrí shaothar de chuid Synge cé nach bhfuil fáil ar Pósadh an Tincéara i bhfoirm cló a thuilleadh. Is féidir caidhp an scéalaí, an drámadóra, an fhile agus an amhránaí a chur air freisin. Bhí cuid mhaith filíochta Raiftearaí ar a thoil aige, bhí páirt lárnach aige i Seanchas na Sceiche agus i gcompántas drámaíochta Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha.

I dteannta na n-aistritheoirí a luadh go dtí seo, is fiú trácht a dhéanamh ar na haistriúcháin eile a rinneadh ar shaothair Synge. Maidir le Playboy, rinne Seán Ó Morónaigh ó Bhuíon Phádraig agus Mairéad Ní Mhurchadha ó Aisteoirí Strand dhá leagan éagsúla le haghaidh chomórtas drámaíochta an Oireachtais in 1970.[1] Tugadh An Buachaill Báire ar an leagan le Ó Morónaigh agus Buachaill Báire an Domhain Thiar ar an leagan le Ní Mhurchadha (Irish Independent, 1970). Tá script ar aistriúchán Playboy le Pádraig Ó Cíobháin ar fáil chomh maith sa Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Tá fianaise ar fáil freisin gur aistrigh Seán Ó Coistealbha ó Chumann Drámaíochta Indreabháin leagan eile de Playboy (The Connacht Tribune, 1967). Anuas air sin, de réir léirmheasanna éagsúla, is léir gur stáitsigh compántais agus cumainn Ghaeilge éagsúla leaganacha eile de Playboy amhail Compántas Chorcaí. Tagraíonn Ó Siadhail d’aistriúchán eile ar Riders le Domhnall Ó Ríordáin (1888–1935) ar tugadh Maicne Mara air. Is cosúil gur léiríodh an leagan seo sa Taibhdhearc in 1933 agus 1937[2] agus b’iad Aisteoirí na hIolsgoile faoi stiúir Dermody (1907–1978) a bhí ina bhun. Fuair an léiriú sin moladh dearfach i léirmheas amháin ó The Connacht Sentinel, ‘... thaithnig na drámaí go h-ana mhaith ag na daoinibh a bhí i láthair agus bhí bualadh bos mór ag deireadh an léiriú’ agus tagraíodh do ‘Ghaedhilg thar barr’ freisin (The Connacht Sentinel, 1933).[3] I ndáil le Tinker’s, tuairiscíodh gur scríobh Tom Sailí Ó Flaithearta a leagan féin den dráma sin cé nach bhfuil fáil ar an leagan áirithe seo a thuilleadh (The Irish Times, 1996). D’aistrigh an scoláire Pádraigín Riggs agus Pádraig Ó hUrmultaigh a leagan féin de Pósadh an Tincéara leis. Tá fianaise ar fáil chomh maith gur aistrigh Aodh Ó Tuama leagan eile den dráma seo agus gur léiríodh é i gCorcaigh freisin (Evening Echo, 1968).

Léiríonn os cionn céad bliain d’aistriúcháin agus athchóirithe bhundrámaí Synge sa Ghaeilge gur imir sé tionchar mór ar an teanga cé nár scríobhadh na bundrámaí sin sa Ghaeilge ar an gcéad dul síos. Baineadh úsáid as a bhundrámaí ar fad chun cabhrú le gluaiseacht drámaíochta na Gaeilge a fhorbairt san Ardchathair agus sa Ghaeltacht araon. Nuair a fuair Synge bás ag aois óg in 1909, thuig na Gaeil a raibh saothraithe ag Synge agus an t-ionchur a bhí aige don drámaíocht trí chéile sa tír. In An Claidheamh Soluis fiú maíodh gur ‘Gaedheal ar fearaibh iseadh Synge’ (Féach Kiberd, 1979: 257-8).

  1. Chuir Ó Morónaigh in iúl in agallamh leis nach bhfuil fáil a thuilleadh ar a leagan de Playboy a d'aistrigh sé.
  2. 1927 atá luaite ag Ó Siadhail ach is cosúil gur botún cló atá ann i bhfianaise an chomhthéacs a ghabhann leis.
  3. Cé gur tagraíodh don léiriú seo i gCartlann Thaibhdhearc na Gaillimhe, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil fáil ar an script seo a thuilleadh.

Leabharliosta

  • Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M., ‘Ó Foghludha, Risteard (1871–1957)’, in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Rochtain: 22 Deireadh Fómhair 2022).
  • Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M., ‘Ó Séaghdha, Séamus (1870–1959)’, in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Rochtain: 22 Deireadh Fómhair 2022).
  • Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M., ‘Ó Muircheartaigh, Tomás (1907–1967)’, in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Rochtain: 23 Deireadh Fómhair 2022).
  • Breathnach, D & Ní Mhurchú, M., ‘Tóibín, Seán (1882–1971)’, in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Rochtain: 25 Deireadh Fómhair 2022).
  • The Connacht Sentinel (1933) ‘Aisteoirí na hIolsgoile - Dhá Dhráma i dTaibhdhearc na Gaillimhe’, 20 Meitheamh: 4.
  • The Connacht Tribune (1967) ‘Dráma i h-Árainn’, 23 Meitheamh: 11.
  • Evening Echo (1968) ‘Cork Treat for Dramagoers’, 14 Meitheamh: 5.
  • Irish Independent (1970) ‘Crisp Criticism of Oireachtas Play’, 15 Aibreán: 9.
  • The Irish Times (1996) ‘Posadh an Tincéara/Chun na Farraige Sios On Tour’, 8 Lúnasa: 6.
  • Kiberd, D. (1979) Synge and the Irish Language. London: Macmillan.
  • Ní Mhunghaile, L. (2009) ‘Ó Foghludha, Risteard (Richard Foley)’, Dictionary of Irish Biography. Ar fáil: https://www.dib.ie/biography/o-foghludha-risteard-richard-foley-a6358. (Rochtain: 22 Deireadh Fómhair 2022).
  • Ó Briain, L. (1932) Déirdre an Bhróin. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais.
  • Ó Briain, L. (1951) Cuimhní cinn: Cuid 1: Cuimhní an Éirí Amach. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.
  • Ó Carra, S. (1970) Pósadh an Tincéara. Gaillimh: Bailiúcháin Speisialta, Ollscoil na Gaillimhe.
  • Ó Carra, S. (1973) Áilteoir na Dúiche Thiar. Gaillimh: Bailiúcháin Speisialta, Ollscoil na Gaillimhe.
  • Ó Carra, S. (1990) ‘Mo Sheal i dTaibhdhearc na Gaillimhe’, Comhar Teoranta, 49(11), lgh 49-50.
  • Ó Ciarghusa, S. (1993) Ar mo Mharanadh Dam. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais.
  • Ó Cíobháin, P. (1990) “Playboy” an Iarthar Domhain. Conamara: An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta.
  • Ó Coigligh, C. (2000) ‘Aspects of Language and Religion in the Late Nineteenth Century: Rev. James Shea (1870-1959): Itinerant Preacher, Diarist and Poet of the Revival’, Studia Hibernica, 31, lgh 139-146.
  • Ó Duibhginn, S. (1970) An Muircheartaigh, In Ómós Dó. Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta.
  • Ó Flaithearta, T. (1972) Chun na Farraige Síos. Baile Átha Cliath: Sáirséal - Ó Marcaidh.
  • Ó Flaithearta, T. (1972) Uaigneas an Ghleanna. Baile Átha Cliath: Sáirséal - Ó Marcaidh.
  • Ó Foghludha, R. (1930) ‘Uaigneas an Ghleanna’, in Naoi nGearra-Chluichí. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, lgh 141-160.
  • O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881 - 1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania, USA: Pennsylvania State University Press.
  • Ó Muircheartaigh, T. (1937) You May Revive the Gaelic Language. Baile Átha Cliath: Craobh an Chéitinnigh do Chonradh na Gaeilge.
  • Ó Muircheartaigh, T. agus Ó Séaghdha, S. (1945) Chun na Fairrge Síos. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
  • Ó Siadhail, P. (1993) Stair Dhrámaíocht na Gaeilge: 1900-1970. Conamara: Cló Iar-Chonnachta.
  • Rouse, P. (2015) ‘Ó Briain, Liam,’ Dictionary of Irish Biography Online, Cambridge University Press and Royal Irish Academy. Ar fáil: https://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/%C3%93_Briain-Liam.pdf. (Rochtain: 21 Deireadh Fómhair 2022).
  • The Church of Ireland Gazette (1959) ‘J.B.S’, 14 Lúnasa: 1.
  • Tóibín, S. (1920) ‘An Mhuir’, in Cluichíní ón Iasacht. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, lgh 7-27.
  • Tuairisc.ie (2021) ‘‘Sár-aisteoir agus fear lách’ – Tom Sailí Ó Flaithearta ar shlí na fírinne’, 15 Aibreán. Ar fáil: https://tuairisc.ie/sar-aisteoir-agus-fear-lach-tom-saili-o-flaithearta-ar-shli-na-firinne/. (Rochtain: 22 Deireadh Fómhair 2022).
  • Uí Laighléis, G. (2017) Gallán an Ghúim: caidreamh an stáit le scríbhneoirí na Gaeilge: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
  • Uí Laighléis, G (2021) ‘An Gúm agus an Drámaíocht,’ in Ní Mhuircheartaigh, É, Ní Ghairbhí R agus Ó Liathán P (eag.) Ó Chleamairí go Ceamaraí. Baile Átha Cliath: Cló Léann Gaeilge, lgh 35-52.