I mBealach Beithe i gceantar Mhainistir na Féile, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 16 Lúnasa 1888. Oibrí coitianta (‘labourer’) a athair Denis Riordan agus ba í Margaret Brosnahan a mháthair. Ceapadh é ina mhúinteoir taistil i gceantar an Aonaigh i dTiobraid Árann: bhí Proinsias de Paor (‘An Paorach’) ann cheana féin (An Claidheamh Soluis 10 Deireadh Fómhair 1908). Tuairiscíodh ranganna sa Teampall Mór a bheith ina chúram (idem 31 Deireadh Fómhair 1908). Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta agus b’fhéidir gurbh é sampla an Phaoraigh a bhí sé a leanúint. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Acla agus i 1913 fostaíodh é mar mhúinteoir breise chun cúnamh a thabhairt do Thomás Ó Raghallaigh agus don Phaorach. Ba phíobaire, amhránaí agus damhsóir é. Ba dhóigh le staraí na scoile, Íosold Ní Dheirg, gurbh é Domhnall ba chúis le leabhar Muimhneach, An baile s’againne, a bheith ar an gcúrsa. Thugadh na mic léinn faoi deara go gcuireadh sé béim ar leith ar na briathra neamhrialta. Bhí baint aige freisin leis an gcoláiste i dTamhain agus bhí sé ina ollamh i gColáiste Mhic Phiarais, a raibh sé ina eagarthóir cúnta ar a n-iris Fuaim na Mara.

D’aistrigh sé The Rising of the Moon leis an mBantiarna Gregory agus Riders to the sea le Synge go Gaeilge: léiríodh dráma Synge sa Taibhdhearc. Bhíodh scéalta do pháistí, arbh aistriúcháin cuid díobh, i gcló aige in An Stoc sna blianta 1924-26. D’éag sé ar 29 Bealtaine 1935 i nGarán, Meadhraidhe. Mic leis an tAthair Colm Ó Ríordáin S.J. agus Breandán Ó Ríordáin, seandálaí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú