I nDoire Eidhneáin i gceantar Mhuine Mór, Co. Dhoire, a rugadh é 12 Deireadh Fómhair 1890. Feirmeoir ba ea a athair George agus ba í Eleanor Rainey a mháthair. Faoi 1901 bhí an teaghlach imithe as Doire Eidhneáin. Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus é sna déaga go fóill agus bhí sé ag cuidiú le Joseph Robinson agus leis an gCuntaois Markievicz chun na Fianna a eagrú i mBéal Feirste. Chuaigh sé isteach sa státseirbhís i 1912 agus chaith tamall gairid i mBaile Átha Cliath. Sular aistríodh go Sligeach é i mBealtaine 1912 bhí sé ceaptha ina eagraí ag an mBráithreachas. Bhí sé gníomhach i mbunú craobh den Freedom Club i Sligeach agus, ar ball, cathlán de na hÓglaigh a raibh sé ina rúnaí acu. Aistríodh go Baile Átha Cliath é i 1914. Cuireann Earnán de Blaghd síos in Slán le hUltaibh, 1971 ar theagmháil a bhí aige leis: ‘Sular fhilleas ar Chiarraí d’fhanas timpeall coicís le Bulmer Hobson ina bhothán ar bhóthar Bushy Park. Bhí Ailf Ó Cadáin linn cuid den am. D’iarr Bulmer air dul amach go Beann Éadair agus caint faoin gcuan a tharraingt anuas le roinnt iascairí, ach gan aon fhiosracht a ligean air. Ba é a theastaigh, eolas a d’oirfeadh do chaptaen a bheadh ag stiúradh báid isteach agus nach bhféadfadh, b’fhéidir, fanacht le taoide. Chaith Ailf an lá amuich agus tháinig abhaile leis an eolas agus le léarscáil a tharraing sé féin. Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin a thuigeas go raibh Ailf, gan fhios dó féin, ag ullmhú chun na raidhfilí a chur i dtír i mBeann Éadair’.

I Meitheamh 1914 aistríodh go Trá Lí é. Le linn dó a bheith ag obair sa Mhalartán Oibre ansiúd bhí sé ina chaptaen ar an ‘Tralee Volunteer Cycle Corps’. Deirtear gur chaith sé éide na nÓglach in eaglais Phrotastúnach Thrá Lí uair. Má bhí cead ag Arm na Breataine a sainéadaí a chaitheamh ann níor léir dó cén fáth nach ndéanfadh sé féin é. Chaill sé a phost i 1915 agus bhí ina eagraí lánaimseartha agus ina theagascóir ag na hÓglaigh sa chontae. Bhuail an Piarsach leis féin agus le hAibhistín de Staic i bhfómhar 1915 agus thug eolas dóibh faoin Éirí Amach a bhí beartaithe. In Kerry’s Fighting Story 1916-1921 tá alt aige dar teideal ‘Kerry’s place in the general plan, 1916’. Bhí sé á choimeád i mBéal Feirste mar gheall ar an Defence of the Realm Act an bhliain sin. Mar oifigeach coimisiúnaithe sna hÓglaigh bhí sé ar dhuine de cheannasaithe na bpríosúnach i gCampa Frongoch. Aistríodh go Reading é ar 11 Iúil 1917.

Athbhunaíodh sa státseirbhís é i 1922. Bhí sé tamall fada ina bhall de choiste Chumann Gaelach na hEaglaise agus ina chomhrúnaí i 1936. D’éag sé 11 Lúnasa 1968 i ndiaidh breoiteachta fada agus tá sé curtha i Reilig Sheantraibh, Co. Bhaile Átha Cliath. Pósadh é féin agus Dorcas McCabe, iníon le cló-eagraí i mBéal Feirste, 10 Iúil 1918 agus bhí iníon acu. ‘Innealtóir’ an cur síos sa teastas pósta ar a shlí bheatha. Ag 172 Bóthar na Buaile, Droim Conrach, a bhí cónaí orthu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú