Rugadh é i mBaile Raghnaill, Co. Aontroma, ar 12 Meitheamh 1889. Tá a mhuintir diongbhálta faoi gur rugadh é ar 12 Meitheamh 1889 ach is é an dáta dlíthiúil 9 Meitheamh 1890. Tiománaí traenach agus Pairneilíteach dílis ba ea a athair Cathal agus ba as Baile Raghnaill dá mháthair Éilís Nic Ghiolla Earnáin. D’aistrigh an chlann go dtí Baile na Croise, Co. Dhoire, nuair a bhí Cathal an-óg agus is ann a chuaigh sé ar scoil. Mhúin seanmháistir scoile san áit beagán Gaeilge dó agus tugadh misniú breise dó i gColáiste Cholmcille i nDoire. In ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 28 Márta 1959) tugann sé eolas breise. Bhí Gaeilgeoirí fós i gceantar Bhaile na Scríne agus d’fhreastail sé ar rang a bhí ar bun ag duine díobh, Peadar Mac Con Midhe. Bhí an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe aige i gColáiste Cholmcille. Thosaigh sé ag scríobh agus é ar scoil agus bhí aiste aige in Irish Peasant, 1907. Scríobhadh sé in An Barr Buadh.

Sa Heysham Shipping Company i mBéal Feirste a bhí a chéad phost cléireachais aige. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge agus leis an I.R.B. sa chathair. Chabhraigh sé chun craobh d’Fhianna Éireann a bhunú agus bhí sé ar bhaill bhunaithe Óglaigh na hÉireann. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chumannacht na hÉireann (Socialist Party of Ireland) ach cuireadh amach as an bpáirtí sin é i 1921.

B’é Cathal a thug an scéal ó Shéamas Ó Conghaile go dtí Dennis McCullough go raibh plean míleata réidh ag Arm Cathartha na hÉireann. Faoi Cháisc 1916 bhí Cathal agus céad óglach in éineacht leis ullamh chun troda in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain. Scaip siad nuair a tháinig an t-ordú cealaithe. Nuair a chuala sé an tÉirí Amach a bheith ar siúl chuaigh sé de chois ón gCaisleán Nua i gContae an Dúin go Baile Átha Cliath. Bhí an troid thart agus ó thuaidh leis go Béal Feirste mar ar gabhadh é. Chaith sé seal i ngéibheann i bhFrongach agus Reading.

Ó 1918 amach bhí sé ina eagarthóir ar The Voice of Labour ar dtús agus ansin ar The Watchword of Labour. Bhí sé gníomhach in aghaidh an Choinscríofa agus labhraíodh sé i Sasana go minic. Thug sé féin agus Thomas Johnson léargas ar chúrsaí na hÉireann do chomhdháil sóisialach idirnáisiúnta agus foilsíodh é faoin teideal Ireland in Berne. I 1920, bhí sé i Sasana arís ag eagrú feachtais toghchánaíochta i Stockton mar a raibh Liam Ó Briain ina iarrthóir. Gabhadh é i Londain faoina nom de guerre ‘Conor Hayes’ agus seoladh ar ais go hÉirinn é. Deirtear gurbh é an chéad phríosúnach ag na Dúchrónaigh é. Tar éis tamaill dó ar stailc ocrais, ligeadh saor arís é agus lean sé air ar fud na tíre ag gníomhú mar óglach agus mar cheardchumannaí.

I rith Chogadh na gCarad rinne sé a dhícheall mar idirghabhálaí. Shiúil sé isteach in Áras Hamman chun áitiú ar Chathal Brugha géilleadh.

Faoi 1919 bhí sé ina bhall de choiste gnó Pháirtí an Lucht Oibre agus toghadh é ina Theachta Dála i gContae Lú agus Co. na Mí i 1922 le tromlach mór. Ach chaill sé an suíochán sa chéad togha eile agus níor toghadh arís é ina dhiaidh sin. Sna 1930idí bhí sé ina eagraí stailceanna ag Ceardchumann na nOibrithe Taistil agus Ilsaothair. I 1941, ceapadh é ina rúnaí ar Chomhdháil Éireannach na gCeardchumann. I 1946, toghadh é mar theachta na n-oibrithe ar bhord na Cúirte Oibreachais. Lean sé leis an obair sin go 1969.

Chomh maith le bheith ina cheardchumannaí, ina shóisialach agus ina pholaiteoir, is iriseoir a bhí ann ar feadh a shaoil. Ba é Seán T. Ó Ceallaigh a chuir i mbun na ceirde sin é nuair a thug sé obair na bprofaí Gaeilge don pháipéar Nationality dó le déanamh. Bhíodh sé ag tuairisciú do The Peasant, Sinn Féin agus do An Claidheamh Soluis nuair a bhí an Piarsach ina eagarthóir air. Faoi 1913 bhíodh sé ag scríobh don Irish Worker agus don Worker’s Republic. I ndeireadh a shaoil chuir sé eagar ar Fifty years of Liberty Hall (1959) agus bhíodh aistí aige san Evening Press.

Bhí sé pósta ar Alice Finn agus rugadh triúr clainne dóibh. D’éag sé ar 4 Deireadh Fómhair 1969.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú