Bhí sé ar dhuine de na ceannasaithe ba mhó i Maigh Eo i rith Chogadh na Saoirse agus ar dhuine de cheannasaithe na bPoblachtach i rith an Chogaidh Chathartha. Is é is faide a bhí i gceannas ar an Roinn Oideachais i rith na tréimhse nuair is troime a bhí ualach obair na hathbheochana ag titim ar an roinn sin. I gCathair na Mart a rugadh é ar 26 Samhain 1897. B’as an gCnapach Bheag, Achadh Gabhail, Co. Mhaigh Eo, dá mhuintir. Carraeir as Tuar Mhic Éadaigh ba ea a athair Pádraig Derrig; cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é agus ba nós leis Gaeilge a labhairt le Tomás, rud a d’fhág go raibh líofacht Gaeilge aige. Ba í Winifred Sammon as Muraisc a mháthair. Cheangail Tomás le Fianna Éireann le linn dó a bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí. Thug scoláireacht go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe é i 1915. D’eagraigh sé buíon de na hÓglaigh i measc na mac léinn sa Choláiste agus bhí ina chaptaen air. Bhí sé sa bhaile ar saoire um Cháisc 1916 ach gabhadh é agus chaith sé tamaill i bpríosún i Woking, Wormwood Scrubbs agus Frongoch. D’iarr Coláiste Ollscoile na Gaillimhe go scaoilfí saor é chun go leanfadh sé dá staidéar, rud a rinneadh i Lúnasa 1916. Cheangail sé leis na hÓglaigh arís i 1917 agus d’eagraigh sé Liberty Club. Bhí sé gníomhach i Sinn Féin. Gabhadh é i 1918 agus cuireadh ina leith go ndearna sé iarracht ar shaighdiúir a dhí-armáil, gníomh nach raibh sé ciontach ann. Ghearr cúirt i mBéal Feirste cúig mhí príosúnachta air. Nuair a ligeadh saor é thacaigh sé le Joseph McBride in olltoghchán 1918.

Bhain sé B.Comm. amach i 1919 agus ceapadh é ina phríomhoide ar an gceardscoil i mBéal an Átha, post a bhí aige go 1924. Bhí sé ina cheannfort ar Bhriogáid Chathair na Mart (Briogáid Mhaigh Eo Thiar ina dhiaidh sin). Bhí sé ina theachta ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i 1920 (Cuntas na hArd-Fheise 1920: 3). Bhí sé i ngéibheann sa Churrach i rith Chogadh na Saoirse. Toghadh é ina Theachta Dála i Maigh Eo Theas i 1920 agus arís i 1922. Vótáil sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Bhí sé ina ardaidiúnach cúnta ag Liam Lynch i rith an Chogaidh Chathartha. Gabhadh é i 1923. Rinne sé iarracht éalú ó Theach Oirialla, mar ar caitheadh go dona leis, agus chaill sé leathshúil nuair a scaoileadh leis. Chaith sé bliain i bpríosún agus bhí ar stailc ocrais ar feadh daichead lá. Chaill sé a phost múinteora nuair a saoradh é. Chaith sé tamall ag múineadh i Scoil na mBráithre i Sráid Risteamain Thuaidh, Baile Átha Cliath.

D’iarr Éamonn de Valera air seasamh i ndáilcheantar Cheatharlach-Cill Chainnigh thar ceann Fhianna Fáil agus toghadh é um Meitheamh 1927. Toghadh é sa dáilcheantar sin (dáilcheantar Chill Chainnigh i 1943 agus 1944) ag gach olltoghchán anuas go 1954. Mar Aire Oideachais 1932-48 (ach amháin tamall gairid ina Aire Poist agus Telegrafa i 1939) thuill sé clú náisiúnta i measc an phobail. ‘All his official announcements are in Irish and he has staffed his department with the best Irish speakers available in the Civil Service’ (Liam Skinner in Politicians by accident, 1946). Ba é a chuir tús le scéim an £2 sa Ghaeltacht agus a chuir leis an scéim chun béilí a chur ar fáil do pháistí scoile ann le hAcht na mBéilí Scoile (Gaeltachta) 1933. Bhí sé ina éarlamh ar an gCumann Scoildrámaíochta a bunaíodh i 1934. Bhí sé ina Aire Tailte ó 1951 go 1954. Phós sé Sinéad Mason i 1928. Bhí sise ar dhuine d’fhoireann rúnaíochta de Valera i 1919. Bhí sí ina rúnaí ag Micheál Ó Coileáin ina dhiaidh sin. Tá cuntas in DIB fúithi. Rugadh beirt iníonacha dóibh, Úna agus Íosold, scríbhneoir. Tá óráidí agus léachtanna a thug sé i gcló in The Nation, An Tír, An Camán agus in An Claidheamh Soluis. D’éag sé 19 Samhain 1956.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú