I gCill Rois sa Chloch Mhantach in aice le hÁth na nUrlainn i dtuaisceart Chontae Chill Chainnigh a rugadh John Gibbons ar 31 Bealtaine 1881(de réir an teastais breithe). Michael Gibbons, feirmeoir, agus Bridget Campion a thuismitheoirí. Cailleadh an t-athair in 1892. Sa teach nuair a rinneadh Daonáireamh 1901 bhí: Bridget (50); James (18); Martin (15) agus Michael (11). I 1911 bhí ann: Bridget (60), John (29), mac feirmeora, James (27), saoiste bóthair, agus Martin (24) mac feirmeora. Bhí Gaeilge ag an triúr mac sin.

Chuaigh sé go Baile Átha Cliath go hóg agus bhí ag obair in ollsiopa Uí Chléirigh. I 1902 bhí sé ar dhuine díobh sin a bhunaigh Ceardchumann Oibrithe Imdhála agus Cléireach na hÉireann. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chraobh na nÉadaitheoirí (Conradh na Gaeilge). Bhí sé ina theachta acu ag Ard-Fheis 1905 (An Claidheamh Soluis 29 Bealtaine 1905). Ba é a bhí ina chathaoirleach ar an gcéad choiste ceantair den Chonradh i mBaile Átha Cliath agus bhí i gceannas ar mhórshiúl an Chonartha sa chathair i 1902 agus 1903. I 1902 freisin bhí sé ina bhall de choiste Fheis Laighean. Chun cuidiú le déantúis na hÉireann bhunaigh sé an Shop Assistants’ Industrial League ar cheann de réamhtheachtaithe ag NAIDA é.

D’fhill sé ar an bhfeirmeoireacht ag pointe éigin roimh 1911. Ainmníodh é an bhliain sin mar theachta ó Achadh Úr, Co. Chill Chainnigh, chuig an Ard-Fheis (An Claidheamh Soluis 29 Iúil 1911). Deirtear gurbh é a tháinig i ndiaidh Thomáis Mhic Dhonnchadha mar rúnaí ar Chraobh Chill Chainnigh; is i 1908 a d’aistrigh seisean go Baile Átha Cliath. I 1914 bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Chill Chainnigh de na hÓglaigh agus níos deireanaí ina chathaoirleach ar Choiste Gnó Shinn Féin i dtuaisceart an chontae. Chaith sé tamall i ngéibheann i Wakefield agus in Frongoch. Thug na Dúchrónaigh ruathar go minic faoina theach. Mhúineadh sé Gaeilge agus é ar a choimeád. Bhí sé ina bhall d’Ard-Chomhairle Shinn Féin agus bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. Bhí sé ina bhall d’Ard-Chomhairle Bhráithreachas na Poblachta. Toghadh é ina Theachta Dála 27 Lúnasa 1923 thar ceann Chumann na nGaedheal i gCeatharlach Cill Chainnigh. D’fhág sé Cumann na nGaedheal agus d’éirigh as an Dáil ar 30 Deireadh Fómhair 1924 in éineacht le Seosamh Mac Craith agus baill eile nuair nach raibh sé ag aontú le polasaithe ‘impiriúla’ an rialtais. Mhaígh sé go háirithe nach rabhthas ag úsáid an Chonartha mar chloch chora chun poblacht a bhaint amach agus go raibh greim ag na Máisiúin ar an rialtas. Bhí sé ina bhall den Pháirtí Náisiúnta ar dtús ach chuaigh isteach i bhFianna Fáil ar ball. Ball bunaidh den United Farmers’ Protection Association ba ea é i 1932. De Valera a d’iarr air bheith ina iarrthóir Dála agus toghadh é i gCeatharlach-Cill Chainnigh i 1932 agus arís i 1933 ach theip air i nDáilcheantar Chill Chainnigh i 1937. Bhí sé ina bhall den Seanad 1938-44, é ina chathaoirleach 1938-43. Chaith sé tréimhse freisin ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Chill Chainnigh.

Bhí sé ina bhall d’fhoireann iomána agus peile Chlub Kickham i rith na tréimhse a chaith sé i mBaile Átha Cliath agus nuair a d’fhill sé abhaile bhíodh sé ag imirt le foireann Thulach Ruáin. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Laighean de Chumann Lúthchleas Gael agus ina chathaoirleach ar choiste CLÉ i gCill Chainnigh. ‘Every branch of national culture has a sincere friend in Seán Gibbons whose high office in Irish legislature gives pleasure to countless Gaels the world over’, a dúradh faoi in eagrán 1944 de Gaelic Football, ceann d’fhoilseacháin ‘Carbery’ (Patrick Denis Mehigan). D’éag sé ar 19 Aibreán 1952. Ba é Tomás Ó Deirg a labhair os cionn na huaighe. Bhí sé pósta ar Greta Shortall agus bhí iníon acu. Bhí cónaí air in Ballylarkin House, Achadh Úr. Nia leis Jim Gibbons a bhí ina TD ó 1957 go 1981 agus ina bhall de rialtais éagsúla.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú