Ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, a rugadh é ar 29 Aibreán 1891. John Joseph na hainmneacha a tugadh dó. Déantóir múnlaí sna longcheártaí a athair Owen. Chuaigh seisean go dtí an Aifric Theas ag lorg a fhortúin sna ceantair óir. A thuaraisc riamh ó shin ní bhfuair a mhuintir. An mháthair Isabel McAllister agus a deartháir a thóg Seán. Ceoltóirí ba ea an bheirt acu.

Bhí sé ag freastal ar Scoil Mhaolmhaodhóg sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus ansin go dtí Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste mar ar bhain sé céim B.A. amach i 1913. Bhí tosaithe aige ar Ghaeilge a fhoghlaim san ollscoil.

Bhí sé ar bhunaitheoirí Shinn Féin sa chathair agus ba é an chéad rúnaí acu é. I ndiaidh 1916 cuireadh i bpríosún é i bhFrongoch agus Reading. Bhí cór aige sna príosúin a dtugtaí “Neeson’s canaries” air.

Nuair a scaoileadh saor é fuair sé post múinteora i Scoil na mBráithre Críostaí, Droichead Átha, agus ina dhiaidh sin bhí sé ag múineadh i gCill Orglan agus i gCorcaigh.

I rith Chogadh na Saoirse bhí sé ina oifigeach eolais ag lú Roinn an Deiscirt. Bhí sé orthu sin a d’eagraigh an chéad éalú as Príosún Chorcaí. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus chaith tamall i ngéibheann i mBaile Mhic Ghormáin.

I 1925 phós sé Geraldine O’Sullivan, pianadóir (rugadh 13 Eanáir 1895, d’éag 10 Samhain 1980). I gCeapach Choinn a bhí an pósadh, tharla Seán ag múineadh i gCnoc Mhellerí ag an am. Rugadh mac agus iníon dóibh. Ó 1927 go 1931 bhí sé ina Stiúrthóir ar Stáisiún Raidió Chorcaí (a bhí, oiriúnach go leor, bunaithe i sean-Phríosún Chorcaí). Nuair a dúnadh an stáisiún bhí sé tamall ina fhobhainisteoir agus ina chuntasóir in oifig Scuabgheall na nOspidéal i gCorcaigh. Anuas go 1959 bhí sé ina léachtóir sa cheol Gaelach sa Choláiste Ollscoile ann.

Ar feadh a saoil sa chathair bhí baint mhór aige féin agus a bhean le cúrsaí ceoil agus amharclainne. Deirtear gurbh ina dteach ag Mount Verdon Villa a smaoiníodh den chéad uair ar Amharclann an Gheata a bhunú.

Amhránaí gairmiúil ba ea Seán agus sna 1930idí thug sé turas tríd an nGearmáin, an Ostair agus an Ungáir ag casadh amhrán Gaeilge ag coirmeacha ceoil. D’éag sé ar 21 Bealtaine 1964. Mac leis is ea an t-iriseoir/scríbhneoir Eoin Neeson.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú