Justin Ó Gliasáin

Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU), Meitheamh 2021


A generalle description of Ulster, Richard Bartlett (1602–3), ar fáil ar logainm.ie.

Ceann de na réimsí stáidéir is mó a spreagann suim mhuintir na hÉireann is ea an logainmníocht nó stáidéar ar logainmneacha agus ní haon iontas é, dá réir sin, go bhfuil lear mór daoine a shaothraigh sa ghort sin luaite i measc na mbeathaí ar ainm.ie. Nuair a dhéantar taighde ar logainmneacha faightear léargas ar na daoine a chruthaigh na hainmneacha an chéad lá, an cineál saoil a bhí acu, na teangacha a labhair siad agus an caidreamh a bhí acu leis an tírdhreach mórthimpeall orthu. Sna meánaoiseanna, ba ghnách le scoláirí logainmneacha na hÉireann a phlé i seánra litríochta darb ainm dindsenchas. Sna téacsanna úd, rinneadh ainmneacha áiteanna a mhíniú trí logainm a cheangal le hainm duine nó le himeacht a tharla san áit. Anuas air sin, bhí an dindsenchas sin mar chuid den oideachas a fuair daltaí tuata ag an am (Hughes & Hannan, 1992, IX). Is cosúil gur lean an nós sin ar aghaidh go dtí an 17ú haois nuair a bhí scoil ag Flann Mac Aodhagáin (?–c.1643) agus a dheartháir i dTiobraid Árann. Bhíodh dinnseanchas, chomh maith le féineachas, filíocht agus stair á múineadh sa scoil sin, agus chaith an t-ársaitheoir An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.16001671) tréimhse ann in 1643. Is cosúil go mba chara le Mac Fhirbhisigh é an staraí Ruairí Ó Flaithbheartaigh (16291716) a scríobh A chorographical description of West or H-Iar Connaught in 1684. Sa saothar sin cuirtear síos ar theorainneacha agus ar thírdhreach Chúige Chonnacht. Duine eile a raibh baint aige le traidisiún na lámhscríbhinní agus a thug aghaidh ar chúrsaí logainmníochta ba ea an scríobhaí Tadhg Ó Neachtain (c.1671c.1749). Rinne Ó Neachtain liosta leaganacha Gaeilge de bhailte tábhachtacha in Éirinn agus tugtar eolas faoi logainmneacha ina shaothar Eólas ar an Domhan chomh maith.

Ón gcéad leath den 18ú haois ar aghaidh, tá réimse leathan de scoláirí agus taighdeoirí tar éis dúthracht a chaitheamh le tuiscint níos fearr a fháil ar na logainmneacha. Rinneadh móriarracht ar thaighde scolártha a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann nuair a bhí an chéad eagrán de léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis á ullmhú le linn na tréimhse 1829–41. Bunaíodh an tionscadal úd de thoradh moladh i dtuarascáil de chuid Pharlaimint na Breataine sa bhliain 1824. Ba é ba chúis leis an obair sin ar fad ná teorainneacha aonad riaracháin na tíre a bheachtú ar mhaithe le gearradh rátaí áitiúla a éascú (de hÓir 1962: 10).

Faoin tráth sin, ba mhinic iliomad leaganacha éagsúla d'fhoirmeacha scríofa na mbailte fearainn agus ainmneacha riaracháin eile sa chúrsaíocht, rud a d'fhág go raibh ar an tSuirbhéireacht Ordanáis foirmeacha caighdeánacha a shocrú le go bhféadfaí iad a ghreanadh ar an léarscáil (Mac Giolla Easpaig 2008: 166). Sa bhliain 1830 cruthaíodh aonad ar leith laistigh den tSuirbhéireacht Ordanáis chun tabhairt faoi ainmneacha údarásacha Béarla na logainmneacha a shocrú do na léarscáileanna le dul i ngleic leis an bhfadhb seo (Ó Maolfabhail 1990: XV). Fostaíodh an scoláire Gaeilge Éadbhard Ó Raghallaigh (1765–1830) le tabhairt faoin obair sin, ach ní raibh sé sa ról ach ar feadh ceithre mhí nuair a cailleadh é. Is san aonad céanna a fostaíodh an scoláire óg Seán Ó Donnabháin (1806–1861). Le linn na chéad tréimhse a chaith an Donnabhánach ag obair don tSuirbhéireacht, idir 1830 agus 1833, is i mbun oibre i mBaile Átha Cliath a bhí sé, agus é dírithe ar fhoirmeacha scríofa na n-ainmneacha amháin. Tháinig deireadh lena chuid oibre leis an tSuirbhéireacht in 1833, ar chúiseanna nach bhfuil soiléir. Fostaíodh an athuair é an bhliain dár gcionn, agus ba le linn na tréimhse idir 1834 agus 1841 a thaisteal seisean agus a chomhghleacaithe an tír ar mhaithe le taighde a dhéanamh ar na hainmneacha sa ghort (de hÓir 1962: 12). Chun foirmeacha Béarla na n-ainmneacha a shocrú, rinneadh taighde cartlainne i leabharlanna i mBaile Átha Cliath chomh maith le hobair pháirce i gceantair áitiúla timpeall na tíre. Chun an obair pháirce sin a chur i gcrích, fostaíodh oibrithe a bhí oilte ar an nGaeilge, le go bhféadfaí bunleaganacha Gaeilge na n-ainmneacha a bhailiú ó sheanóirí áitiúla. Thug Thomas Larcom (1801–1879), leascheannasaí na Suirbhéireachta in Éirinn, míniú cuimsitheach ar an gcur chuige a bhí ag an tSuirbhéireacht i leith na hoibre sin in 1844:

In order to ascertain the correct names of places for the engravings, that they might become a standard of orthography as well as topography, numerous maps, records, and ancient documents were examined, and copious extracts made from them. In this manner a certain amount of antiquarian information has been collected relating to every place, parish, and townland in Ireland – more than 60,000; and various modes of spelling them at different times has (sic) been recorded. When these investigations were complete, it was usual to send a person thoroughly versed in the Irish language to ascertain from the old people who still speak the language, what was the original vernacular name, and we then adopted that one most consistent with the ancient orthography, not venturing to restore the original and often obsolete name, but approaching as near to correctness as was practicable (Mac Giolla Easpaig 2008: 167).

In ainneoin an chúraim a rinneadh de bhunfhoirmeacha Gaeilge na logainmneacha sa phróiseas seo, is céim a bhí san obair sin i dtreo shocrú fhoirmeacha údarásacha Béarla na n-ainmneacha, seachas ceann scríbe ann féin. D'fhág an saothar, agus an aird a tugadh ar an nGaeilge ann, oidhreacht nach beag ina dhiaidh ó thaobh na logainmníochta de mar sin féin, agus is beag saothar ar logainmneacha na hÉireann a cuireadh i gcló ó shin nach mbíonn ag tarraingt air (Mac Giolla Easpaig 2008: 167). I measc na ndaoine eile a bhí i mbun oibre sa tSuirbhéireacht Ordanáis le linn an ama sin bhí Eoghan Ó Comhraí (1794–1862) agus George Petrie (1790–1866).

I ndiaidh chéadbhlianta sin na Suirbhéireachta, b'é an chéad scoláire mór le rá eile i réimse na logainmneacha a tháinig chun cinn ná Patrick Weston Joyce (1827–1914). Sa bhliain 1869 cuireadh an chéad imleabhar dá shaothar clúiteach The Origin and History of Irish Names of Places (1869-1913) i gcló ina ndearnadh iarracht logainmneacha de bhunadh na Gaeilge a mhíniú de réir téamaí éagsúla. Glactar fós le hardchaighdeán an tsaothair sin, a chuimsíonn trí imleabhar, agus bhí an-tionchar aige ar shaothair eile a foilsíodh ar logainmneacha na hÉireann san 20ú haois (Hughes & Hannan 1992: X).


The Origin and History of Irish Names of Places (Imleabhar I) (1869) ar Google Books.

Tháinig borradh ar an logainmníocht san 20ú haois agus athbheochan na Gaeilge faoi lán seoil. Thug Seosamh Laoide (1865–1939) iarracht leaganacha cearta Gaeilge ainmneacha na mbailte poist a chur ar fáil le go bhféadfaí iad a úsáid mar sheoltaí poist, sna saothair Post-Sheanchas Cuid I - Sacsbhéarla-Gaedhilg (1905) agus Post-Sheanchas Cuid II - Gaedhilg-Sacsbhéarla (1911). Bhí na saothair sin lochtach go maith agus d'fhág siad go raibh roinnt leaganacha Gaeilge a bhí míchruinn sa chúrsaíocht, mar a léiríonn Mac Giolla Easpaig (2008: 168):

While remarkable for its time, Post-Sheanchas had many flaws, the most serious of which derived from Laoide's rejection on ideological grounds of the foreign imposed county system, as he saw it, in favour of earlier native territorial divisions. This approach led to the creation of the many unhistorical placename forms in the publication, names such as Brí Cualann for Bray, County Wicklow, and Brí Uí Cheinnsealaigh for Bree, County Wexford, for which absolutely no evidence exists. Despite these defects, however, Post-Sheanchas was to have a lasting influence down to the present day.

Saothar mór eile a tháinig chun cinn ag tús an 20ú haois is ea Onomasticon Goedelicum locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae (1910) le hÉamonn Ó hÓgáin (1831–1917) ina bhfuil scagadh déanta ar sheanlámhscríbhinní Gaeilge chun liosta aibítreach a dhéanamh de na logainmneacha a bhí ar fáil iontu.

Scoláire eile a bhí ag treabhadh i ngort na logainmneacha ag tús an 20ú haois ba ea An Canónach Patrick Power (1862–1951) a scríobh an saothar Place-Names of the Decies (1952; céad eagrán 1907) ar a chontae dúchais. Pléitear idir logainmneacha riaracháin agus mionlogainmneacha i bPort Láirge agus i gcodanna de na contaetha máguaird sa saothar seo agus tá eagrán de ar fáil ar logainm.ie anseo.

Scoláire amaitéarach agus ársaitheoir ba ea an breitheamh dúiche Liam Price (1891–1967). Bhí an-spéis aige sna logainmneacha agus scríobh sé ailt ar logainmneacha i mbarúntachtaí éagsúla i gCill Mhantáin a cuireadh i gcló in Proceedings of the Royal Irish Academy. De thoradh ar an obair sin, cuireadh saothar cuimsitheach dá chuid i gcló ar logainmneacha Chill Mhantáin (1945-67; 7 n-imleabar). Ceannródaí a bhí in Price maidir leis an gcur chuige taighde a d'úsáid sé agus thuig sé nach raibh an taighde logainmníochta in Éirinn ag teacht leis an dea-chleachtas idirnaisiúnta mar a léirigh sé féin ina alt 'The Place-Names of the Barony of Newcastle, County of Wicklow: Their Early Forms Collected' (Price 1937: 139):

Every parish and townland name, and all local names that I know, are included. All the known forms of the names have been extracted from any Irish, Latin, or English documents that I could find that contain material relating to County Wicklow. This is a line of investigation that has not been fully followed up in any of the standard works on Irish place-names. In this we are behind the times; the material will have to be collected if we are to get full results from place-name study. This work of collection has been carried out very fully in other parts of Europe, for instance, in the Scandinavian countries: and the English Place Name Society has done it for a number of English counties.

Bhailigh sé roinnt mhaith eolais logainmníochta agus ársaíochta i gcontaetha Laoise, Uíbh Fhailí agus Chill Dara chomh maith.

Cuireadh Logainmneacha i. Dictionary of Irish Place-names (7,000), English-Gaelic le Risteard Ó Foghludha (1871–1957) i gcló in 1935 ina ndúirt an t-údar: 'In aon chúig bliana amháin do gheofaí teacht ar Ghael-ainmneacha fhurmhór ár mbailte fearainn agus ár bparóistí ach cur chuige i gceart. Ba chóir don stát tabhairt faoin ngnó gan mhoill.'

Fíoraíodh moladh seo Uí Fhoghludha go pointe áirithe nuair a tugadh stádas speisialta don Ghaeilge mar chéad theanga oifigiúil an stáit le teacht i bhfeidhm Bhunreacht na hÉireann in 1937. D'fhág sé seo go raibh géarghá le logainmneacha údarásacha Gaeilge (Mac Giolla Easpaig 2008: 169). Cuireadh An Coimisiún Logainmneacha ar bun sa bhliain 1946 chun na críche sin, agus é faoi chathaoirleacht Phádraig Uí Shiochfhradha (An Seabhac) (1883–1964). Faoin tráth sin, bhí a stádas mar shaineolaí ar an ábhar cinntithe ag an Seabhac tríd an saothar ar logainmneacha a cheantair dúchais féin Tríocha-céad Chorca Dhuibhne a cuireadh i gcló in 1939.


An Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha), le Seán O'Sullivan RHA (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann).

Thit na dualgais maidir le taighde a dhéanamh ar logainmneacha ar bhonn oifigiúil ar bhaill an Choimisiúin Logainmneacha go dtí gur bunaíodh an Brainse Logainmneacha sa bhliain 1956. Ag an bpointe sin, d'athraigh ról an Choimisiúin agus é d'aidhm aige comhairle a chur ar an rialtas ó thaobh logainmneacha de as sin amach, seachas an buntaighde féin a dhéanamh. Is é An Brainse Logainmneacha atá freagrach ó shin i leith as taighde a dhéanamh ar logainmneacha riaracháin i bPoblacht na hÉireann agus leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha sin a chur ar fáil don phobal.

Bhí Éamonn de hÓir (1920–1975) ina phríomhoifigeach logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha ó 1962 nó gur cailleadh é in 1975. Bhí de hÓir lárnach i bhfoilsiú na hirise Dinnseanchas ina raibh sé gníomhach i mbun pinn. I mbrollach a scríobhadh sa chéad eagrán den iris sin, dúradh: 'Níl sé cruthaithe ag an iris seo, Dinnseanchas, go fóill go bhfuil fad saoil i ndán di', agus faraor ní raibh. Cuireadh sé imleabhar den iris i gcló agus tháinig deireadh leis sa bhliain 1977.

Iris níos buaine ná Dinnseanchas ba ea Bulletin of the Ulster Place-Name Society ar tháinig Ainm: A Journal of Name Studies, atá fós á foilsiú, i gcomharbacht air. Duine de bhunaitheoirí Chumann Logainmneacha Uladh ba ea Seán Breandán Mac Airt (1918–1959) a bhí ina eagarthóir ar Bulletin of the Ulster Place-Name Society go dtí gur cailleadh é in 1959. Scríobh sé féin roinnt alt ar logainmneacha Ard Mhacha don iris. Tháinig deireadh leis an iris as sin go dtí go ndearna Deirdre Uí Fhlannagáin (1932–1984) athbheochan uirthi in 1978. Scoláire as Béal Feirste a raibh dlúthnasc aici le Gaeltacht dheisceart Dhún na nGall a bhí in Uí Fhlannagáin. Bhí sí ina heagarthóir ar Ainm ó 1978 go dtí gur cailleadh í. Bhí sé de rún ag Uí Fhlannagáin leabhar a chur i gcló ar logainmneacha na hÉireann agus foilsíodh Irish Place Names (1994), a bhfuil sí féin agus a fear céile Laurence luaite mar údair leis, i ndiaidh a báis. Is é a dúirt a fear céile i réamhrá an tsaothair sin: 'Before her untimely death on 2 March 1984, Deirdre had talked of writing a book on Irish place-names. The present work is not that book, but a substitute for it...'.

Chuir go leor daoine ábhar ar logainmneacha i gcló in Ainm agus Dinnseanchas thar na blianta. Bhí seantaithí ag cuid de na daoine sin ar an logainmníocht, ach ba mhó an cháil ar chuid eile acu as a gcuid oibre i réimsí eile de léann na Gaeilge. Thug na hirisí úd ardán do dhaoine amhail Tomás Ó Con Cheanainn (1921–2015), Tomás Seosamh Ó Máille (1904–1990), Diarmuid Ó Murchadha (1928–2011), Donn Sigerson Piatt (1905–1970) agus Éamonn Mhac an Fhailigh (1907–1992) a bheith i mbun pinn ar chúrsaí logainmníochta. Is foinsí fíorluachmhara iad a gcuid scríbhinní don té atá ag gabháil don taighde ar logainmneacha. Tá fáil ar gach eagrán de Dinnseanchas anseo.

Cuireadh The Northern Ireland Place-Name Project ar bun in 1987 chun taighde a dhéanamh ar logainmneacha sna Sé Chontae. Ina measc siúd a d'oibrigh ar an tionscadal áirithe sin bhí Fiachra Mac Gabhann (1971–2018) a scríobh imleabhar ar Chontae Aontroma don tsraith (1997). An saothar ba mhó a bhain cáil amach do Mhac Gabhann, áfach, ná Logainmneacha Mhaigh Eo, sraith deich n-imleabhar ar logainmneacha an chontae sin. Tá sé seo ar an saothar Gaeilge is faide a scríobhadh riamh, agus is é an staideár is cuimsithí a rinneadh riamh ar logainmneacha in aon chontae amháin é. Is féidir teacht ar chuid de na mionlogainmneacha ó Logainmneacha Mhaigh Eo ar Mheitheal Logainm.ie anseo.

Tá go leor scoláirí tar éis obair thábhachtach a dhéanamh i réimse na logainmníochta, ach is cuid de chultúr na ndaoine atá sna logainmneacha, agus tá luach ar leith ag baint leis an eolas atá ag an bpobal féin ar na hainmneacha, agus murach an t-eolas sin, bheadh scoláirí ar an ngannchuid. Thug an tOileánach féin, Tomás Ó Criomhthain (1855–1937), léargas ar an saibhreas logainmneacha a bhí ag muintir na mBlascaodaí sa saothar Dinnseanchas na mBlascaodaí a d'fhoilsigh An Gúm sa bhliain 1935.


Tomás Ó Criomhthain. Grianghrafadóir: Carl W. von Sydow (c. 1924) (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann).

Creidtear gurb é an scéalaí Seán Ó hÉinirí (1915–1998) an príomhfhaisnéiseoir don leabhar ar mhionlogainmneacha a bhaile fearainn dúchais, The living landscape, Kilgalligan, Erris, Co. Mayo, le Séamas Ó Catháin agus Patrick O'Flanagan (1975). Is léir gur duine a bhí in Ó hÉinirí a raibh dlúthcheangal aige lena cheantar dúchais agus go raibh eolas thar na bearta aige ar gach cearn is clúid de, mar a léirigh Ó Catháin nuair a dúirt: 'As a fisherman and a farmer he has an intimate knowledge of his own townland and its coastline, and also the coastline of neighbouring townlands'.


John Henry (Seán Ó hÉinirí). Grianghrafadóir: Séamas Ó Catháin (1978) (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann)

Fear ildánach eile a raibh dlúthcheangal aige lena cheantar dúchais a bhí sa scríbhneoir agus múinteoir Séamus Ó Maolchathaigh (1884–1968) as Tiobraid Árann, agus is cosúil gur roinn sé cuid den saibhreas sin le Power agus é ag ullmhú Place-Names of the Decies.

Tá na scoláirí gairmiúla agus amaitéaracha atá luaite thuas mar aon leis na gnáthdaoine a roinn a gcuid eolais leo go fial, tar éis oidhreacht ríluachmhar a fhágáil ina ndiaidh ó thaobh na logainmneacha de agus tá scoláirí an lae inniu go mór faoi chomaoin ag an obair a rinne an dream a tháinig rompu. Bhí an obair féin, idir thaighde páirce agus thaighde cartlainne, i bhfad Éireann ní ba dheacra orthu siúd a bhí ag obair sula raibh ríomhairí, gutháin agus fiú amháin carranna ann. Tá an tuiscint atá againn ar logainmneacha na tíre ag brath ar an dua a chaith siad agus is ar na bunchlocha atá leagtha síos acu a chuirfear leis an tuiscint sin.

Leabharliosta

de hÓir, É. (1962) Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Flanagan, D. & Flanagan, L. (1994) Irish Place Names. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan.

Hughes, A. J. & Hannan, R. J. (1992) The Place-Names of County Down Volume Two: County Down II; The Ards. Béal Feirste: The Institute of Irish Studies.

Joyce, P.W. (1869) The Origin and History of Irish names of Places, 3 vols. Baile Átha Cliath.

Mac Gabhann, F. (1997) Place-names of Northern Ireland, Vol. 7: County Antrim II. Ballycastle and North-East Antrim. Béal Feirste: Institute of Irish Studies, Queen's University Belfast.

Mac Giolla Easpaig, D. (2008) 'Placenames Policy and its Implementation', in Nic Pháidín, C. & Ó Cearnaigh, S. (eds) A New View of the Irish Language. Baile Átha Cliath: Cois Life, pp. 64–177. Ar fáil ar logainm.ie anseo.

Ó Catháin, S. & O'Flanagan, P. (1975) The Living Landscape: Kilgalligan, Erris, County Mayo. Baile Átha Cliath: Comhairle Bhéaloideas Éireann.

Ó Flaithbheartaigh, R. (1846) A chorographical description of West or H-Iar Connaught: written A.D. 1684. Curtha in eagar ag J. Hardiman. Baile Átha Cliath: The Archaeological Society.

Ó Foghludha, R. (1935) Logainmneacha i. Dictionary of Irish Place-names (7,000), English-Gaelic. Baile Átha Cliath: Brún agus Ó Nualláin.

Ó Neachtain, T. (1944) Eólas ar an Domhan, i bhfuirm Chomhráidh idir Sheán Ó Neachtain agus a Mhac Tadhg. Curtha in eagar ag M. Ní Chléirigh. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Maolfabhail, A. (1990) Logainmneacha na hÉireann, Iml. 1: Contae Luimnigh,. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Siochfhradha, P. (1939) Tríocha-céad Chorca Dhuibhne. Baile Átha Cliath: An Cumann le Béaloideas Éireann.

Power, P. (1952) Placenames of the Decies. 2nd edn. Corcaigh: Cork University Press.

Price, L. (1945-67) The place-names of County Wicklow, 7 im. Baile Átha Cliath: Dublin Institute for Advanced Studies.

Price, L. (1937) 'The Place-Names of the Barony of Newcastle, County of Wicklow: Their Early Forms Collected', Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature, 44, pp. 139–179.