Ba é ba mhó faoi deara go ndearna an tSuirbhéireacht Ordanáis cúram de staidéar a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann trí eolas agus foghraíocht na Gaeilge a chur san áireamh. Ar 22 Aibreán 1801 a rugadh é. Bhí a athair ina chaptaen i gCabhlach na Breataine agus aimiréal ba ea a sheanathair ar thaobh na máthar. Cháiligh sé mar innealtóir in Acadamh Ríoga Míleata Woolwich agus in 1824 fostaíodh é le haghaidh obair na Suirbhéireachta Ordanáis i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Cuireadh go hÉirinn é in 1825 agus ceapadh é ina Mhaoirseoir in 1828. Tá cuntas ag Art Ó Maolfabhail ar an obair sin (‘An tSuirbhéireacht Ordanáis agus Logainmneacha na hÉireann 1824-34’) in Proceedings of the Royal Irish Academy Section C. Vol 89 No 3 (1989). Chuir sé roimhe Gaeilge a fhoghlaim. Deir Ó Maolfabhail: ‘Lá i mí Lúnasa sa bhliain chéanna sin 1828, go luath tar éis a cheaptha dá phost nua, bhí an Leifteanant Larcom ag siúl feadh Shráid Sackville . . . i mBaile Átha Cliath, agus ar dhoras chonaic sé na focail “The Irish Society”. Shíl sé go bhfaigheadh sé teagasc sa teanga Ghaeilge ansin . . .. Fuair sé amach, ar ndóigh, gur cumann Protastúnach a bhí san ‘Irish Society’ chun eolas ar an mBíobla a scaipeadh trí mheán na Gaeilge. Nuair a mhínigh Larcom a chás do na daoine a fuair sé istigh tugadh dó (nó gealladh dó) ainm duine a bheadh cáilithe chun an Ghaeilge a theagasc dó’. Is mar sin, más fíor, a chuir sé aithne ar Sheán Ó Donnabháin, cé go ndeirtear freisin gurbh é James Hardiman faoi deara an teagmháil. Scríobh sé féin: ‘I was at breakfast when my note was put in my hand, and I was told that the bearer was in the hall. “Show him up”, I said, and O’Donovan, in peasant garb, entered the room. I asked him to sit down and share my breakfast, and I proposed that he should do so two or three times a week, and undertake to teach me Irish without requiring me to write exercises, as I had no leisure for study. He consented. I found him a very able man, a thorough master of the language. Under his instructions I made considerable progress. But it soon occurred to me that if I should teach him English it would be a better arrangement. Accordingly our positions were reversed. As we took our tea and toast, I instructed him, and in due time placed him on the staff of the Ordnance Survey’ (i gcló ag Desmond Ryan in The Sword of Light, 1939). Mar oidhre ar Éadbhard Ó Raghallaigh in 1830 a ceapadh Ó Donnabháin ar fhoireann na Suirbhéireachta Ordanáis. Níor lean na ceachtanna Gaeilge sin ach ar feadh cúpla mí.

Faoi 1833 bhí Larcom ina chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí baint aige le leasuithe a dhéanamh i gcúrsaí rialtais áitiúil agus in 1841 bhí sé ina Choimisinéir Daonáirimh. Ba é ba thúisce a d’fhéach chuige go mbaileofaí eolas ar cheirdeanna daoine agus ar choinníollacha beatha na ndaoine, agus leanadh an sampla sin i ndaonáirimh Shasana. Nuair a bhí deireadh le hobair na suirbhéireachta ceapadh é mar choimisinéir ar oibreacha poiblí agus is air a thit sé oibreacha fóirithinte a stiúradh i rith an Ghorta Mhóir. Mar bhall de Sheanad Ollscoil na Banríona meastar go raibh sé orthu sin a bhí ag féachaint chuige go mbunófaí ollúnachtaí Gaeilge i gcoláistí na hollscoile in 1849. Bhí sé i gceannas an choimisiúin chun dlíthe na mbocht a iniúchadh. In 1853 ba é an chéad duine neamhpholaitiúil é a ceapadh ina Fho-Rúnaí ar Éirinn. Tá cuntas ar ar chuir sé i gcrích i gcúrsaí sóisialta, dlí agus oideachais in Dictionary of National Biography. D’éirigh sé as an bpost in 1868 agus bronnadh ridireacht air in 1869. D’éag sé in Heathfield in aice le Fareham, Hants., Sasana, 15 Meitheamh 1879.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú