I gCoinicéar, Pailís Ghréine, Co. Luimnigh, a rugadh é i Meán Fómhair 1844. D’fhoghlaim sé Laidin ó mhúinteoir taistil agus chuaigh isteach i gColáiste Phádraig, Dúrlas. I gColáiste na nGael i bPáras ansin ar feadh ceithre bliana gur oirníodh é in 1871. Bhí post sealadach aige ann mar ollamh le fisic. Iar bhfilleadh go hÉirinn dó, chuir Ardeaspag Chaisil de chúram air airgead a bhailiú chun na fiacha a bhí ar Choláiste Phádraig i nDúrlas a ghlanadh. Ó 1874 go 1885, bhí sé ina shagart cúntaí Laitean. Bhunaigh sé agus stiúraigh sé ansin meánscoil ó 1881 ar aghaidh. Deirtear go mbíodh Gaeilge á múineadh inti. Aistríodh é ansin go dtí an tOspidéal, Co. Luimnigh. Chaith sé seacht mbliana i Sulchóid ina dhiaidh sin agus i Meitheamh 1897 ceapadh ina shagart paróiste i gCnoc an Bhile é.

‘An Ginearál’ a thugadh a pharóisteánaigh san Ospidéal air. Faoi 1887, bhí Plean an Fheachtais faoi lánréim ann. Chomhairligh sé do thionóntaí eastát Bhaile Hiobaird gan ach an cíos dleathach a thairiscint. Nuair a diúltaíodh é, thugadar iomlán an airgid don Athair Mathúin le coimeád dóibh. Gairmeadh chun Cúirt na gClisiúnach air i mBaile Átha Cliath go luath in Aibreán 1887. D’fháiltigh slua 15,000 roimhe ag imeall na cathrach, an Méara T. D. Ó Súilleabháin ina measc.

Mar seo a labhair an tAthair Matt leis an mBreitheamh: ‘Tá de chúram ortsa an ceart a dhéanamh sa chúirt seo de réir dhlí Shasana agus ’sé mo ghnósa seasamh idir Dia agus mo mhuintir, gach ceart a bhaint amach dóibh agus a n-anamacha a thabhairt slán go Párthas Dé’ (An Claidheamh Soluis, 25 Iúil 1914). Gearradh téarma príosúntachta air nuair a dhiúltaigh sé eolas a thabhairt i dtaobh an airgid a bhí ina chúram. Thionlaic an tArdeaspag Cróc chun Cill Mhaighneann é. Scaoileadh saor é ar 24 Bealtaine. I gCathair Chinn Lis ar 22 Nollaig, thug sé óráid ina ndúirt sé: ‘I tell the Government reporter that I believe in my soul that no rent is a fair rent’. Sa phríosún i Luimneach, dhiúltaigh sé éadach an phríosúin a chaitheamh. Scaoileadh saor é ar 18 Eanáir. Bhí an tArdeaspag ag tacú leis bliain roimhe sin ach faoi Aibreán 1888, i ndiaidh don Vatacáin Plean an Fheachtais a cháineadh go trom, bhí sé ag bagairt ar an Athair Matt go ruaigfeadh sé as a dheoise é mura bhfanfadh sé ina thost.

Cé go raibh spéis aige riamh sa Ghaeilge, níor fhoghlaim sé í go raibh 60 bliain d’aois aige. D’fhógair sé ón altóir dá phobal Domhnaigh i gCnoc an Bhile nach gceapfadh sé aon mhúinteoir feasta sna sé scoil faoina chúram mura mbeadh Gaeilge mhaith aige agus é cáilithe chun í a mhúineadh. Bhain dua lena leithéidí a fháil. ‘Is ó Chiarraí a thagadh an chuid is mó acu. Ní bheadh sé sásta gan dul siar ann agus cainteoir blasta ina fhochair agus bhailíodh sé na hoidí ar aon láthair chun iad a thriall’ (Misneach, 5 Samhain 1921).

I 1910 bhí an tuairisc seo in An Claidheamh Soluis: ‘All the children of the parish now speak Irish, many of them with a blas that would do credit to a cailín from Ring.... That Father Matt has succeeded in five or six years in bringing back the language of Ireland to the hearts and homes of the youth of the combined parishes of Cnoc an Bhile and Dún na Sciath is sufficient proof.... of the possibility of reviving the Irish language in purely English-speaking districts’. I 1908, toghadh ina Leas-Uachtarán ar an gConradh é nuair a d’éirigh an tAthair Peadar as an bpost sin. Agus é ag dul in aois bhíodh sé go minic ag tnúth le ‘Lá an bhua mhóir agus an choróinn ar an gceann dubh díleas’ ach bhí d’fheabhas a shláinte go mbíodh sé ag rothaíocht timpeall i mbun a ghnó go raibh sé sna nóchaidí nuair a cheannaigh paróisteánaigh Chnoc an Bhile asal agus carr dó. D’éag sé ar 21 Deireadh Fómhair 1937. Tamall i ndiaidh a bháis, cuireadh coiste ar bun chun airgead a bhailiú d’fhonn a chuimhne a bhuanú. D’fhoilsigh siad paimfléad beag Cuimhneachán Náisiúnta an Athar Maitiú Ó Riain ina bhfuil cuntais i nGaeilge agus i mBéarla ar a bheatha. Baill den choiste sin ba ea Proinsias Ó Druacháin, Éamonn Ó Duibhir agus Sailbheastar Mac Connmhaigh.

Scríobh a pharóisteánach, Micheál Mac Cárthaigh, aiste faoi in An Glór 11 Meán Fómhair 1943. Tá trí aiste i gcló in Dúchas 1986-1989, 1990 in eagar ag Liam Prút: ‘An tAthair Mathúin Ó Riain agus Ceist na Talún’ le Marcus de Búrca; ‘Mathúin Ó Riain—Sagart agus Tírghráthóir Fuaimintiúil’ le Donncha Ó Súilleabháin; ‘An tAthair Mathúin—Seanchas an Pharóiste’ le Donnchadh Ó Duibhir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú