Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 30
Thug sé aghaidh ar cheisteanna móra cultúrtha—litríocht agus náisiúnachas, an Ghaeilge sa stát nua, an Renaissance i leith na haigne Clasaicí—agus thug breith oscailte mhisniúil de bharr a chumas éirime agus an iontaoibh intleachtúil a bhí aige as féin’, a dúirt Seán Ó Mórdha sa réamhrá a chuir sé le Scríobh 4, 1979 a foilsíodh in ómós don Chorcorach ··· Sa réamhrá pearsanta atá ag Breandán Ó Buachalla lena aiste in Scríobh 4 deir sé: ‘B’ionadh liom a thanaíocht agus a mhíbhlastacht a bhí an Ghaeilge aige...’ ··· Géilleann Gearóid Ó Tuathaigh in Scríobh 4 go bhfuil lochtanna go leor ar an leabhar ach deir: ‘Ach ina dhiaidh sin is uile, is leabhar bunúsach an Hidden Ireland d’éinne ar spéis leis stair chultúrtha na hÉireann ··· I dtaobh The fortunes of the Irish language scríobh Breandán Ó Buachalla: ‘Leabhar deabhóideach caithréimeach do na fíréin é agus ní aon chomaoin ar a pheann ná ar a aigne é’ (Scríobh 4 ) ··· Shíl agus síleann roinnt léirmheastóirí gurbh é bunteoiric Synge and Anglo-Irish literature ‘nárbh fhéidir le héinne ach le náisiúnaí Caitliceach litríocht fhíor-Éireannach a chumadh’ (Kiberd in Scríobh 4 ) agus ba ghráin leo an teoiric sin
Is maith liom go maith i bhfad uam é’—abairt as lámhscríbhinn An tOileánach i gcló ag Seán Ó Coileáin in Scríobh 4 ··· In Scríobh 4, 1979 (in eagar ag Seán Ó Mórdha) tá cur síos ag an gCoileánach ar chaidreamh Thomáis ar Bhrian Ó Ceallaigh agus an Seabhac ··· Tá cuntas ag Breandán Feiritéar in Scríobh 5, 1981 (in eagar ag Seán Ó Mórdha) ar an tinneas a bhí air le tamall (pairilis an rud is mó a luaitear a bheith air), ar a laethanta deireanacha agus ar a shochraid mar ba chuimhin lena mhac Seán iad. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.
In Scríobh 5, 1981 tá i gcló ‘Cathair na Gaillimhe sna tríochaidí ··· I 1933 bhain sé céim BA amach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe (is le cuimhní ar a thréimhse ann is mó a bhaineann an aiste sin in Scríobh)
Faoi Mheán Fómhair 1944 bhí sé ar deoraíocht; tá cuntas dar teideal ‘Oíche na himirce’ aige in Scríobh 3, 1978 ··· I measc na nÉireannach a raibh sé mór leo bhí Breandán Ó Beacháin agus is cuntas ar a gcaidreamh ar a chéile ‘Breandán Ó Beacháin: pearsa béaloidis’ in Scríobh 2, 1975. I 1955 d’aistrigh sé go dtí an Irish Times mar chomhfhreagraí acu i Londain
Is i Scoil Náisiúnta Belgrove, Cluain Tarbh, a bhí sé ag obair ag am a bháis. In aiste in Scríobh I, 1974 dar teideal ‘Donncha Ó Céileachair: scríbhneoir idir dhá thraidisiún’ thagair Seán Ó Tuama don mhórchuid d’éirim an tseansaoil agus na seanscéalaíochta a rug Donncha leis óna athair agus ansin dúirt: ‘Agus is é an dara ponc eolais: gur fhreastail Donncha ar chúrsa a thug Dónall Ó Corcora i gCúil Aodha ar ealaín an ghearrscéil nua-aimseartha, agus go raibh an oiread sin measa aige ar ar fhoghlaim sé ansin gur thoirbhir sé féin agus a dheirfiúr Síle a n-aon leabhar gearrscéalta Bullaí Mhártain do Dhónall Ó Corcora ··· Tá cur síos ríspéisiúil dar teideal ‘An Duinníneach: comhar liteartha’ i dtaobh an leabhair seo ag Proinsias Ó Conluain in Scríobh 5, 1981 in eagar ag Seán Ó Mórdha
Tá cuntas ar an gcaidreamh sin ag Seán Ó Coileáin in Scríobh 4 (1979) (‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’). Rugadh Brian Ó Ceallaigh ar 13 Eanáir i gCill Airne mar a raibh siopa éadaigh, agus teach ósta ar ball, ag a athair John Kelly, J ··· Sa chuntas in Scríobh 4 deir An Seabhac: ‘Ba léir dom isna blianta ’24–’26 go raibh sé neamh-shona míshuaimhneasach
Tá a stair inste ag Seán Ó Lúing in Scríobh 5 agus 6 (1981–84) ··· Chuaigh siad le chéile go dtí an Eoraip agus ansin scar siad. Bhí Meyer ag teacht chuige féin i ndiaidh an chogaidh nuair a d’éag sé go tobann i Leipzig ar 11 Deireadh Fómhair 1919. Foilsíodh leabhar Sheáin Uí Lúing, Kuno Meyer, 1858–1919: a biography, in 1991 agus tá cuntas cuimsitheach ag an údar céanna air in Scríobh 5
Tá stair na scoile sin inste ag Seán Ó Lúing in Scríobh 5 agus Scríobh 6 agus in Kuno Meyer 1859–1919: a biography (1991)
Tá aistí le Proinsias Mac Aonghusa, Aindreas Ó Gallchóir, Rolf Baumgarten agus Seán Ó Ríordáin[B3] in Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha agus tá ann freisin an dá chaint a chraol sé 11 agus 18 Bealtaine 1952 faoi na teidil ‘Páipéir Bhreaca’ agus ‘Páipéir Bhána’ ··· Ag 3 Gairdíní na Gréine, Dartraí, a bhí cónaí ar an lánúin. In Scríobh 3 tá mionchuntas ag Proinsias Mac Aonghusa (‘Máirtín Ó Cadhain: fear cúise ar bhealaí conspóideacha’) ar an bpáirt a ghlac sé in agóidí agus feachtais agus ar an dúthracht a chaith sé ag iarraidh Fianna Fáil go háirithe a náiriú
An té a mheasann go dtig leis dhá mháistreás a fhreastal is mar choillteán a chríochnóidh sé’ (léirmheas ar Scríobh 5 in Comhar, Iúil 1982). Bhí sé orthu sin ba mhó faoi deara bunú An Bhuanchoiste Téarmaíochta i 1968 agus bhí ina chathaoirleach air agus ar an gCoiste Stiúrtha ··· Bhaile Átha Cliath. Ag seoladh Cion Fir dúirt Aisling Ní Dhonnchadha: ‘Is cuma an ag trácht ar ghnéithe de sheanlitríocht na Gaeilge nó ar ghnéithe de nualitríocht na Gaeilge atá Tomás Ó Floinn, nó ar an Dochtúir Risteard de Hindeberg[B2] nó ar aistriúcháin Frank O’Connor nó ar an meadaracht i bhfilíocht an Ríordánaigh, nó ar bhuanna filíochta Airt Uí Mhaolfabhail atá an trácht, nó an léirmheas ar Cré na Cille nó ar Lig Sinn i gCathú nó ar Scríobh atá i dtreis, chítear go ndéanann Tomás Ó Floinn gach ábhar a chíoradh, a scagadh agus a iniúchadh go beo, fuinniúil, bríomhar’ (sliocht atá i gcló in eagarfhocal Comhar, Eanáir 1998)
Faoin teideal ‘Turas ar an nGealchathair’ (Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha) tá tuairisc dhraíochtúil ag Aindreas ar an tréimhse sin i gcomhluadar Uí Chadhain. D’éirigh Pádraig Ó Raghallaigh as post Cheannaire Raidió na Gaeltachta go gairid i ndiaidh a bhunaithe ar 2 Aibreán 1972 agus ceapadh Aindreas ina áit ··· In alt in Scéala Éireann 12 Aibreán 1973 tá an tagairt seo ag Nollaig Ó Gadhra d’Aindreas: ‘Ní amháin gur fathach chun oibre an fear seo… Duine é a thuigeann cúrsaí craolta go smior agus a chreideann ina cheird.’ D’fhill Aindreas ar theilifís RTÉ i gceann na dtrí bliana agus ceapadh é ar ball ina Leas-Stiúrthóir uirthi. Is léir ar a scríbhinní Gaeilge anseo is ansiúd gur stílí maith anamúil próis Aindreas: gearrscéalta agus léirmheastóireacht leis in Comhar ó 1959 go 1978, alt aige in Feasta, Eanáir 1959, faoin dealbhóir Séamus Murphy; léirmheasanna aige in Scéala Éireann, agus go háirithe an cuntas aige in Scríobh 3
Ba liosta le lua na hailt ar litríocht na Gaeilge a bhí i gcló aige in irisí, i leabhair agus i bhféilscríbhinní, go háirithe in Comhar, Scríobh, The Irish Times, Ireland of The Welcomes agus Canadian Journal of Irish Studies ··· Foilsíodh na haistí eile don chéad uair in Comhar agus Scríobh agus mar chaibidil i leabhair. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo. (Táthar buíoch de mhuintir Eoghain Uí Anluain a sholáthair bunús an eolais seo ar chúrsa a shaoil) Leabhair Nolan, W
I gceann ar bith de na liostaí mórluachacha sin a chuirtear le chéile anois is arís de príomhshaothair na tíre, ba cheart go mbeadh ann gan agó, gan agús.’ In Scríobh 5 (1981) d’fhoilsigh sé an t-alt ‘An Duinníneach – comhar liteartha.’ I measc na n-onóracha a bronnadh ar Phroinsias bhí Duais Raidió Jacob in 1978, Gradam Shean-Nós Chois Life in 1998, Gradam Aitheantais na bPíobairí Uileann in 2006, agus, gan amhras, dochtúireacht oinigh Ollscoil Uladh in 2002
In Scríobh 1, 1974 tá i gcló dhá shliocht as úrscéal a raibh an teideal sealadach ‘An Phoblacht Abú’ air ··· In Scríobh 2, 1975 bhí sliocht (‘Go hIfreann le Superman’) as ‘dréacht saothair Mionnaigh Domsa Amárach a bhaineann le saol na meán cumarsáide agus an dream a shaothraíonn iontu agus a mhaireann ar a mbruacha’ ··· In Scríobh 3, 1978 tá aige ‘Nótaí a breacadh i dTeach na nGealt’ agus tá cuntas ag Mac Con Iomaire ar chúrsa trí seachtaine a rinne sé san Aonad Alcóil in Ospidéal St John of God i 1981 mar aon le litir Bhreandáin ag míniú a bhuartha a bhí sé faoina chuid ólacháin ach ag míniú ina theannta sin go raibh fonn air taighde a dhéanamh ar a leitheíd de bhall ar mhaithe leis an úrscéal a bhí sé a scríobh
In Scríobh 3 (1978) is go tarcaisneach a chuir sé síos ar an bPáirtí mar ba chuimhin leis é: ‘Páirtí nach bhfuil ar son rud ar bith a bhaineann go bunúsach agus go háirithe le muintir na hÉireann agus nach bhfuil anois rian dá laghad de leagan amach Shéamuis Uí Chonghaile fágtha ann
Tá trí dhán leis i gcló in Scríobh 6, in eagar ag Seán Ó Mórdha, 1984
Molann sé a shaothar agus a chumas mar mhúinteoir agus déanann cosaint ar a chlú in Feasta, Márta 1958, Feabhra 1965, in Studia Hibernica 5, 1965, in Scríobh a 4, 1979, in Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage (1995) agus le haiste in Comhar, Feabhra 1965 arb iad na chéad abairtí ann: ‘Deisceabal mé do Dhónall Ó Corcora
Liostaítear ceapacháin mhórchlúiteacha eile in Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010: ‘He was Burns Scholar at Boston College, Parnell Fellow at Cambridge University, a French Government Fellow at the Sorbonne, a Folger Library Fellow at Washington and a visiting professor at New York University.’ Gan amhras bhí aistí iomadúla aige in irisí léannta agus foilseacháin mar Zeitschrift für celtische Philologie, Lochlann, Ériu, Celtica, UCC Record, Éigse, Studia Hibernica, Léachtaí Cholm Cille, Scríobh, Galvia, Seanchas Ard Mhacha, Ulster Local Studies, The Irish Review, Proceedings of the Royal Irish Academy ach bhí aistí agus léirmheasanna go rialta aige freisin ó 1957 amach in irisí mar Comhar agus Feasta a bhí ag freastal ar phobal leathan na Gaeilge
Chuir Criostóir Mac Aonghusa i gcomórtas é leis an bhfear a bhí ann díreach roimhe (Scríobh 5, 1981): ‘Ba mhór an difear idir an Brúnach agus Ó hEidhin…
Toghadh é ina Chevalier de la Legion d’Honneur 1951. Comhráití den scoth a bhí ann agus ‘scéalaí bríomhar greannmhar’, mar a dúirt Criostóir Mac Aonghusa (Scríobh 5, 1981)
Thug a mhac Diarmuid cuntas air in Scríobh 5, 1981
Feic an nóta ag Liam Ó Dochartaigh in Scríobh 5, l
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá eolas ar a bheatha ag Máirtín Ó Murchú in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Uimhir 5, Márta 1992; ag Kim McCone in Léachtaí Cholm Cille XXVII, 1997; in Dáithí Ó hUaithne: cuimhní cairde (1994) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe[q.v.] agus Proinsias Mac Aonghusa[q.v.]; ag Breandán Ó Buachalla [q.v.] in Scríobh 5, 1981; ag Proinsias Mac Cana[q.v.] in Ériu xxxiv, 1983; in DIB ag Diarmaid Ferriter; ag Seán Mac Réamoinn[q.v.] in Comhar, Iúil 1981, alt a bhaineann go háirithe leis an bpáirt a bhí aige i bhforbairt na hirise sin. Ba é an duine ba shuntasaí é den ghlúin nua d’ardscoláirí Gaeilge a bhí ag tacú go hiomlán le gluaiseacht athbheochan na teanga
Ba é an chéad téacsleabhar i nGaeilge é ar stair litríocht na Gaeilge agus ní hí an ghné is lú tairbhe ann na tagairtí go léir d’aistí údarásacha atá le fáil sna fonótaí. Bhí Máirín ina rúnaí ag Cumann na Scríbhneoirí ar feadh cúig bliana agus tá cuid dá stair breactha aici in Scríobh 5
Mar scoláire Gaeilge d’fhág sé an Leabharlann Náisiúnta faoi chomaoin mhór lenar bhailigh sé d’fhoilseacháin an léinn Cheiltigh. Cé gur leis na sean-lámhscríbhinní a chaith sé a dhúthracht is fiú cuimhneamh gur i nGaeilge a scríobhadh an tAthair Peadar chuige agus, ar saoire dó anseo agus ansiúd in Éirinn, go mbíodh sé ar thóir na Gaeilge, rudaí is léir ón gcuntas breá a scríobh Seán Ó Lúing faoi in Scríobh 6 (1984)
D’éag sé 8 Eanáir 1949. In Scríobh 5, 1981 deir Criostóir Mac Aonghusa go raibh an Rialtas ag iarraidh deireadh a chur le Coláiste Ollscoile na Gaillimhe tuairim 1925 agus gur cuireadh agóid ar siúl
Bhí aithne mhaith ag Breandán Feiritéar air agus scríobh seisean faoi in Scríobh 5, 1981 (in eagar ag Seán Ó Mórdha): ‘Ba chainteoir diongbháilte é, a chuid eachtraithe lán go barra de phictiúirí’
D’fhoilsigh An Clóchomhar Seosamh Mac Grianna: an mhéin rúin (2002) le Fionntán de Brún a ndeir Pól Ó Muirí in ‘Tuarascáil’ (Irish Times 23 Aibreán 2003) faoi gurb é atá ann ‘an chéad mhórstaidéar acadúil atá i gcló ar a chorpus litríochta’; is é a deir an t-údar féin: ‘I dtaca leis an leabhar seo agam féin, saothar critice atá ann agus, mar sin de, tugtar eolas faoi shaol Mhic Grianna de réir mar a bhaineann sé le hábhar na tráchtaireachta.’ Deireadh sé féin gurbh i Lúnasa 1900 a rugadh é ach is é 15 Eanáir 1901 atá sa teastas beireatais a fuair Liam Ó Dochartaigh ón gcláraitheoir i Srath an Urláir (‘Mo Bhealach Féin: saothar nualitríochta’ in Scríobh 5, 1981); níor cláraíodh an bhreith go dtí 9 Feabhra 1901 agus is inspéise gur tharla mórán an rud céanna i gcás lá breithe a dhearthár Séamus Ó Grianna [B2]
Chuaigh sé i léig nuair a fuair sé bás (Máirín Ní Mhuiríosa[B1] in Scríobh 5, 1981, in eagar ag Seán Ó Mórdha)
Tig leat dearmad a dhéanamh dá chuid ealaíne.’ San aiste ‘Úrscéalta agus faisnéisí beatha na Gaeilge: na buaicphointí’ (Scríobh 5, 1981) tá an tagairt seo ag Seán Ó Tuama: ‘Is leabhar chomh hionraic ina cháilíocht féin Dialann deoraí, abair, le leabhair na mBlascaodaí