Is dóigh gurbh é an phearsa amharclainne ba mhó in Éirinn é san 20ú haois. ‘I gCorcaigh do rugadh é i mbliain 1899; do chuaigh in éindigh lena mhuintir go Londain; i 1911 do thosuigh ag aisteoireacht le Beerbohm Tree in His Majesty’s Theatre agus do chlaoigh leis an amharclann agus le ceird an aisteora i bpríomhchathair Shasana go dtí 1917’. Sin í an chéad abairt san fhreagra lámhscríofa a thug sé in 1947 ar cheistneoir a bhí curtha amach ag Radio Éireann chuig scríbhneoirí. Is é an t-eolas céanna beagnach a chuir sé chuig Muiris Ó DroighneáinTaighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas (1936) agus a d’fhoilsigh sé in Enter a goldfish: memoirs of an Irish actor, young and old (1977).

Ghlactaí leis go forleathan gur sa Charraig Dhubh i gCorcaigh a rugadh é (féach mar shampla Inniu 17 Aibreán 1954), go dtí gur foilsíodh The importance of being Micheál: a portrait of Mac Liammóir (1990) le Micheál Ó hAodha. Tá cóip den teastas breithe, de theastais bhreithe a thuismitheoirí, agus dá dteastas pósta ann. Alfred Lee Willmore a ainmneacha sa teastas breithe agus is ag 150 Purves Road, Willesden, Londain, a rugadh é 25 Deireadh Fómhair 1899. Alfred Willmore, ceannaí arbhair, a athair agus ba í Mary Elizabeth Lee a mháthair. Bhí ceathrar deirfiúracha aige. Ní léir go raibh aon bhaint ag a mhuintir le hÉirinn.

I bhfaisnéis 1947 chuig Radio Éireann dúirt sé gurbh oideachas príobháideach sa mbaile a fuair sé óna dheirfiúr Marjorie (a phósfadh Anew McMaster) ‘toisc aisteoireacht airneála a bheith ag cur isteach ar ghnáthuaireanta scoile’ agus go raibh fuath an domhain aige don áireamh agus don ailgéabar. Deir Ó hAodha gur chaith sé breis bheag is bliain i mbunscoil Willesden. Is sa mbaile a thosaigh sé ag cur spéise san aisteoireacht agus bhí baint ag a dheirfiúr Christine leis an taobh sin dá oideachas. D’fhostaigh Sir Herbert Beerbohm Tree é Meán Fómhair 1911. Nollaig na bliana sin bhí páirt Mickie aige in Peter Pan agus is mar sin a tosaíodh ar an ainm sin a thabhairt air. Lean cáil air mar aisteoir linbh go dtí Aibreán 1914. Ag pointe éigin i rith na tréimhse sin thug complacht Tree cuairt ar Bhaile Átha Cliath.

Chaith sé samhradh na bliana sin ar cuairt chuig a sheanaint sa Spáinn agus d’fhoghlaim Spáinnis. D’fhoghlaimeodh sé Gearmáinis, Fraincis agus Iodáilis ar ball. Thosaigh sé ag foghlaim ealaíne sa Willesden Polytechnic (cé gurb í Scoil Slade is mó a luann sé féin) agus bhí pictiúr nó sceits dá chuid i gcló in Punch in 1915. Sa scoil ealaíne a casadh air Máire O’Keefe, arbh Éireannach a hathair. Bhí tionchar mór aici air agus mhair a gcairdeas go bhfuair sí bás in 1927. Cheana féin bhí spéis aige in Éirinn: ‘Chuas chuig an Slade School le péintéireacht a fhoghlaim agus faoin am sin tharla gur léigh mé aiste le fear darbh ainm Yeats. “Ireland and the Arts” a bhí mar theideal ar an aiste agus creidim gur athraigh sé mó shaol ar fad. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcaoi ar oscail sé doras mór im’ aigne, ar an domhan nua draíochta a thaispeáin sé dhom.... Chuimhnigh mé go raibh seanathair agus seanmháthair agam a raibh Gaeilge acu agus tháinig an smaoineamh chugam go tobann mar a bheadh splanc soluis ann go gcaithfinn Gaeilge a fhoghlaim’ (Ceo meala lá seaca, 1952). Deir Ó hAodha gur in 1917 a rinne sé a aigne suas go n-iompódh sé ina Éireannach: ‘This would lead to a progressive separation from his true background in England and the creation of an alleged Irish family background’. Thosaigh sé ag foghlaim na teanga i rang de chuid Chonradh na Gaeilge in Ludgate Circus. Seán Ó Cochláin agus Eibhlín Ní Éigeartaigh (a phósfadh an múinteoir taistil Aodh Ó Tuama) na múinteoirí a bhí aige.

Tháinig sé go hÉirinn 26 Márta 1917 in éineacht le Máire O’Keefe agus a máthair. Seans go raibh eagla air go gcoinscríofaí é dá bhfanadh sé thall. Bhí litir Ghaeilge i gcló aige I Nollaig in An Claidheamh Soluis. Micheál Mac Uaimmhóir an chaoi ar litrigh sé a shloinne agus Teach Stanfield, Bóthar na Trá, Domhnach Trá Mhuirfean, an seoladh a bhí aige. Faoin earrach bhí cónaí air i dTeach Helen i mBinn Éadair agus bhí Mac Liaimmhóir (sic) mar shloinne aige den chéad uair san iris chéanna 15 Eanáir 1919. Fiú coicíos roimhe sin ba é ‘Mac Uaimmhóir’ a bhí aige go fóill.

Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus rinne canbhasáil do Risteárd Ó Maolchatha i mórthoghchán 1918. Chuardaigh na Dúchrónaigh a theach i mBinn Éadair uair. Timpeall an ama seo freisin d’éirigh sé cairdiúil le Pádraic Ó Conaire agus is faoina thioncharsan a thosaigh sé ar Ghaeilge Chonnacht a labhairt.

Go ceann deich mbliana is ar scríbhneoireacht agus ar phéintéireacht a bhí sé ag teacht i dtír. Tá a léaráidí le feiceáil in Banba agus i leabhair ar nós Waysiders le Séamus O’Kelly agus A Munster Twilight le Daniel Corkery. Taobh amuigh de bhabhta ar stáitse amharclann Shráid Hardwicke b’annamh ag aisteoireacht é. Ach bhain sé triail as dearadh stáitse.

Nuair a buaileadh Máire O’Keefe breoite in 1921 d’imigh sé léi chun na hEilvéise. Is mar seo a chuir sé síos do Radio Éireann ar an tréimhse 1921–25: ‘I 1921 d’fhill sé go dtí an mhórthír ag baint slí bheatha amach lena chuid pictiúr agus scríbhinní; do chónaigh sé san Eilbhéis, sa bhFrainc, sa nGearmáin agus san Iodáil’. Foilsíodh a chéad leabhar Oidhcheannta Sidhe (1922) agus bhíodh aistí agus scéalta aige i gcló i rith na tréimhse sin in Fáinne an Lae, An Branar, Irish Statesman, An Scuab.... In 1924 bhí páirt aige i scannán a rinne John Hurley, Land of her fathers. D’fhill sé féin agus Máire agus a máthair ar Bhinn Éadair in 1925. D’éag Máire i Menton na Fraince 7 Eanáir 1927 agus tá scéala a báis in Fáinne an Lae, Feabhra 1927.

Cheangail sé le complacht taistil Anew McMaster in earrach 1927. Is ar an gcuma sin a casadh air ball nua eile den chomplacht, Hilton Edwards. Chabhraigh Edwards leis chun slacht a chur ar dhráma a bhí scríofa aige, Diarmuid and Gráinne. Bhí sé le léiriú ag McMaster i gCill Chainnigh ach d’athraigh sé a intinn. Ansin in earrach 1928 shocraigh Mac Liammóir le Liam Ó Briain gurbh é an leagan Gaeilge den dráma sin an chéad dráma a léireofaí san amharclann úrnua i nGaillimh, An Taibhdhearc, ar 27 Lúnasa 1928. Tuairimíonn Ó hAodha gurbh é an dráma Gaeilge ab fhearr dár scríobhadh ó shin é. Foilsíodh é in 1936. Ba é an dráma a lean é sa Taibhdhearc aistriúchán a rinne Mac Liammóir ar Prunella le Granville Barker. I measc na ndrámadóirí eile a d’aistrigh sé tá Wilde, Shaw, Chekov.

Faoi dheireadh 1928 bhí an bheirt aisteoirí ar ais i mBaile Átha Cliath agus é d’aidhm acu amharclann a bhunú ina mbeadh an bhéim ar dhrámaí idirnáisiúnta. Chuir siad tús le stiúideo an Gheata in amharclann na Péacóige agus léirigh cuid mhór drámaí ann, Diarmuid and Gráinne le Mac Liammóir ina measc, sular bunaíodh an Dublin Gate Theatre Company Oíche Nollag 1929. D’oscail siad a n-amharclann nua féin i gCearnóg Pharnell 17 Feabhra 1930. Lean sé air ina stiúrthóir sa Taidhbhearc go 1931, in ainneoin é bheith lonnaithe sa phríomhchathair, agus bhí ina stiúrthóir ag an gComhar Drámaíochta 1930–34.

Tá cuntais i leabhar Uí Aodha ar shaol homaighnéasach an aisteora, ar na turais a thug an Geata thar lear, ar an gcaidreamh ar Orson Welles, ar na scannáin a rinne sé, agus ar a thuairimí i dtaobh drámaíocht na Gaeilge. ‘Drama in Irish, Mac Liammóir insisted, had as yet no public to dictate to playwrights. Thus they were free to shape the drama of the future in the theatre of the imagination—a symbolist drama free from the tyranny of the box-office and the box-set’.

Ar na pointí ab airde ina shaol bhí na léirithe de Hamlet sa Gheata in 1932 agus in Elsinore in 1952, agus na seónna aonair: The importance of being Oscar; I must be talking to my friends.

Fuair sé bás 6 Márta 1978 ina theach 4 Ardán Fhearchair, Baile Átha Cliath. Ba iad na leabhair eile a scríobh sé: Lá agus oidhche (1929) (gearrscéalta); Oidhche Bealtaine (1932) (dráma); Lúlú (1933) (dráma); Aisdeoirí idir dhá sholas: dialann Meánmhara (1956); Bláth agus taibhse (1964) (dánta próis). Is iad na leabhair Bhéarla nár luadh go nuige seo: All for Hecuba: an Irish theatrical autobiography (1946); Theatre in Ireland (1950); Put money in thy purse (1952); Each actor on his ass (1961); Where stars walk (1962) (dráma); The importance of being Oscar (1963); Ill met by moonlight (1964) (dráma); Ireland (le E.Smith) (1966); An Oscar of no importance (1968); W.B.Yeats and his world (1977). Na dialanna Gaeilge nó na garbhnótaí ar chuir sé tús lena scríobh in 1920, agus arb orthu atá na leabhair dhírbheathaisnéise bunaithe, tá siad i seilbh an North West University, Illinois. Bronnadh Duais an Chraoibhín air in 1957, Bonn an Bhantiarna Gregory in 1960 agus bhronn Coláiste na Tríonóide dochtúireacht air 1963. Bronnadh saoirse Bhaile Átha Cliath air in 1973. Foilsíodh in 1994 The boys: a biography of Micheál Mac Liammóir and Hilton Edwards le Christopher Fitzsimons.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú