LAMB, Peadar (1929–2017)

Oíche Nollag 1929 a saolaíodh Peadar Lamb ar an mBóthar Buí in aice na Ceathrún Rua. Ba as Port an Dúnáin i gContae Ard Mhacha dá athair, Charles, ealaíontóir a tháinig go Conamara ar mholadh Phádraic Uí Chonaire agus a bhfuil cáil mhór ar a shaothar, go háirithe na pictiúir ina bhfeictear gnáthmhuintir Chonamara agus Árann.

B’iníon le Ford Madox Ford, úrscéalaí agus file Sasanach, ar de bhunadh na Gearmáine í, máthair Pheadair, Katharine. I Sasana a tógadh ise, ach nuair a diúltaíodh cead isteach di sa Choláiste Ríoga Tréidliachta i Londain mar gur bhean a bhí inti, tháinig sí go hÉirinn agus bhain an chéad áit i ngach ábhar amach nuair a cháiligh sí sa Choláiste Tréidliachta i nDroichead na Dothra. D’oibrigh sí mar thréidlia ar feadh tamaill i gConamara ach d’éirigh sí as nuair a saolaíodh cúigear páistí di féin agus dá fear céile: Seán, Peadar, Máire, an cúpla Cristina agus Eibhlín nó ‘Laillí’ mar ab fhearr aithne uirthi (a phós an saineolaí dúlra Éamon de Buitléar ina dhiaidh sin). Bhásaigh iníon eile, Tina, de bharr meiningítis in 1942 agus gan í ach naoi mbliana d’aois.

D’fhreastail Peadar Lamb ar Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua agus ina dhiaidh sin chaith sé cúig bliana i gColáiste Éinde i mBóthar na Trá, Gaillimh, sular oileadh mar bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Chaith sé trí bliana ag teagasc i Scoil Náisiúnta an Tuairín i bhfoisceacht cúpla míle den áit ar tógadh é. Ba ag an am sin a thosaigh sé ag caitheamh níos mó ama leis an drámaíocht, rud ar chuir sé suim ann agus é sa mheánscoil. Chuaigh sé le hAisteoirí Mhic Easmuinn ar a bhaile dúchais agus bhí ar stáitse leo ag tráth ar mhór i gceist an drámaíocht i saol tuaithe na hÉireann.

Ba é Micheál Mac Liammóir a thug a chéad pháirt dó ar stáitse na Taibhdheirce i nGaillimh agus a dhráma féin Diarmaid agus Gráinne á léiriú mar chuid de chomóradh ceathrú céad na hamharclainne. Go gairid ina dhiaidh sin, in 1954, d’éirigh Peadar as an múinteoireacht ar fad agus thug aghaidh ar Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, áit a raibh Earnán de Blaghd ina bhainisteoir stiúrtha agus é ag earcú aisteoirí a bheadh chomh líofa i nGaeilge agus a bheidís i mBéarla.

Ar stáitse Amharclann na Mainistreach roinnt blianta ina dhiaidh sin a chas aisteoir eile darbh ainm Geraldine Plunkett dó. Blianta dár gcionn d’fhág an tsraith teilifíse Glenroe go raibh sise ar dhuine de na haisteoirí ab aitheanta sa tír, ach nuair a phós sí féin agus Peadar in 1965 bhí siad beirt ag tabhairt faoi ghairm a chleacht siad go ceann leathchéad bliain ina dhiaidh sin agus a thuill clú agus cáil dóibh beirt. Bhí seachtar clainne orthu, Peadar, Katharine, Breifne, Michael, Susie, Marcus, agus Jenny a bhásaigh go hóg. Lean beirt acu sin gairm a dtuismitheoirí – Susie agus Marcus – agus is ealaíontóir a bhíonn ag plé leis an ngloine dhaite den chuid is mó é Peadar.

Ón mbliain 1954 go dtí go gairid sular bhásaigh sé, bhí Peadar Lamb ar dhuine de na haisteoirí Éireannacha ab aitheanta agus ba chruógaí dá raibh – ar stáitse, ar teilifís agus i scannáin. Rinne sé aisteoireacht i ndrámaí a scríobh cuid de na drámadóirí is cáiliúla dá raibh: Shakespeare, Samuel Beckett, Breandán Ó Beacháin, Synge, O’Casey agus a leithéidí. Roinn sé an stáitse le Cyril Cusack, Dónal McCann, Ray McAnally, agus os comhair na gceamaraí d’oibrigh sé le haisteoirí cáiliúla mar Richard Harris, Donald Sutherland agus Julie Christie. Bhí Peadar ionann is seachtó bliain nuair a rinne sé ceann de na páirteanna is mó a thuill clú dó, páirt Fargo Boyle sa tsraith ghrinn teilifíse Father Ted. Bhí a thragóid féin ag baint leis an eagrán áirithe sin den tsraith, cúpla lá tar éis a thaifeadta bhásaigh an príomhaisteoir Dermot Morgan gan choinne agus ba é an t-eagrán áirithe sin, ‘Chirpy Burpy Cheap Sheep’, an ceann deireanach a rinne sé.

I dtús a shaoil ar stáitse bhí Peadar Lamb páirteach mórán i ngach ceann de na drámaí agus de na geamaireachtaí i nGaeilge a ndearnadh léiriú orthu in Amharclann na Mainistreach mar chuid de pholasaí na linne sin. D’fhág a shaol fada aisteoireachta go raibh sé freisin sna céadta dráma i mBéarla. Ba é The playboy of the western world an ceann ab ansa leis féin agus ghlac sé páirt Michael James Flaherty nuair a thug Aisteoirí na Mainistreach an dráma ar fud Mheiriceá agus Hong Cong in 1990. Ar chuid de na mórpháirteanna eile a ghlac sé bhí Estragon in Waiting for Godot, Myles na Coppaleen in The colleen bawn, Mr Gallogher in The shadow of a gunman agus Brennan on the Moor in Red roses for me. Ghlac sé páirt Monsewer sa leagan Béarla agus Gaeilge de dhráma an Bheachánaigh, The hostage/An giall. Bhí sé sáite i gceardchumann na n-aisteoirí Equity agus ar feadh tamaill bhí ionadaíocht aige ar son na foirne ar bhord Amharclann na Mainistreach.

Nuair a tháinig deireadh le stórchompántas na hamharclainne sin sna 1990idí, chuaigh Peadar Lamb i mbun a cheirde ar bhonn féinfhostaithe, agus in 2002 ba aige féin agus ag Geraldine a bhí na príomhpháirteanna sa dráma Hummin’ a léirigh an compántas Red Kettle. Ba aige a bhí páirt an tseanmháistir scoile nuair a léiríodh dráma Joe Steve Ó Neachtain, Níor mhaith linn do thrioblóid i dTaibhdhearc na Gaillimhe i mbliain na mílaoise agus páirt an Mháistir Mhóir sa leagan scannáin de leabhar Mháirtín Uí Chadhain Cré na cille in 2007.

Páirt bheag i scannán Éireannach darbh ainm This other Eden a eisíodh in 1959 a d’fhág go raibh Peadar Lamb le feiceáil ar an scáileán den chéad uair. Faoin am a ndearna Channel 4 taifeadadh ar an tsraith teilifíse No offence 46 bliain dár gcionn bhí a ainm luaite le os cionn dhá scór sraith teilifíse agus scannán i nGaeilge agus i mBéarla. Ar chuid de na sraitheanna teilifíse bhí: Ros na Rún (TG4); Fair city, Killinascully, The Bourke enigma (RTÉ); No offence (Channel 4); Mystic knights of Tir na Nog (Fox); Custer’s last stand (BBC/RTÉ). Tá a ghlór ar cheann acu siúd atá le cloisteáil ar Jakers! The adventures of Piggley Winks, sraith beochana do leanaí a taispeánadh ar PBS i Meiriceá.

Ar na scannáin eile a raibh Peadar Lamb páirteach iontu bhí Men of consequence (1981), Painted out (1984), Budawanny (1987), The field, The lilac bus agus Shoot to kill (1990), The treaty agus December bride (1991). Ghlac sé páirt freisin in The railway station man (1992), scannán ina raibh Donald Sutherland agus Julie Christie agus atá bunaithe ar úrscéal de chuid Jennifer Johnston – ba i nGleann Cholm Cille a rinneadh an scannánaíocht. Le cur leo sin tá The bishop’s story (1994), Yesterday’s children (2000), Bobbie’s girl (2002), chomh maith le Man about dog (2004) agus Secret of the cave (2006). Chomh maith lena chuid oibre físe agus stáitse ba mhinic é i ndrámaí raidió de chuid RTÉ. Bhí sé rannpháirteach sa tsraith a scríobh Eoin Ó Súilleabháin, Colm i Sasana agus Colm sa bhaile.

Sa bhliain 2012 bhí Peadar, Geraldine agus a mac Marcus páirteach i leagan Gaeilge de dhráma Beckett Come and go, a d’aistrigh Gabriel Rosenstock agus a léiríodh sa leabharlann i mbaile dúchais an aisteora, an Cheathrú Rua. Ba ansiúd le linn a óige a chuir sé suim sa tseoltóireacht, caitheamh aimsire ar fhan sé dílis dó go ham a bháis. Ba leis an mbád An Chailleach Dhubh a bhuaigh geallta go leor ag féilte fud Chonamara agus Johnny Jimmy Pheaitsín Mac Donnchadha á gabháil.

Bhásaigh Peadar Lamb ar an 1 Meán Fómhair 2017 agus tá sé curtha sa reilig i nGráinseach an Déin, Baile Átha Cliath.

Mártan Ó Ciardha