Rinne sé rud neamhghnách, péire imleabhar dírbheathaisnéise a scríobh. Sa Linn Dubh i gcathair Chorcaí a rugadh é. Níl amhras ach gur Cashman a shloinne Béarla: i gcáipéis promhtha uacht John Cashman deirtear gur éag sé 26 Eanáir 1982 agus go raibh cónaí air ag 45 Ascaill Chnocán Doirinne i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath; faoin ainm Seán Ó Ciosáin atá a theastas báis—fuair sé bás, in aois 86 dó, an lá céanna ag an seoladh céanna agus nia leis a thug an t-eolas don chláraitheoir.

Ba de mhuintir Cheallacháin a mháthair, dá mba fhíor rud a deir sé ina dhírbheathaisnéis. Is é an t-eolas a thugann sé ar a chúlra gur chliamhain isteach ba ea a athair agus go raibh cónaí ar sheacht nduine sa teach agus é ag fás suas: na tuismitheoirí, a sheanmháthair, a aint, a bheirt deirfiúracha agus é féin. Níl ainm an athar ná a cheird ná ainmneacha na máthar, na seanmháthar ná na ndeirfiúracha tugtha aige ná seoladh an teaghlaigh. Ceart go leor, luann sé Nóra, deirfiúr a mháthar. Shíl an nia gur Mary Sullivan ab ainm dá sheanmháthair. Níorbh fhéidir teacht ar aon John Cashman ar Cheallachánach a mháthair sna taifid breithe. Ní raibh teastas pósta a bheadh ina chabhair sa chás seo: ina fhocail féin, baitsiléir ó bhroinn ba ea Seán. Tugann sé leide i dtaobh a sheoladh: bhí teach tábhairne ag muintir ‘Uí Riain’ ag cúinne Shráid Uí Chonaill os comhair a thí amach. Ag cúinne na sráide sin agus Sráid Mhór Liam Uí Bhriain sa Linn Dubh bhí teach tábhairne ag James Ryng. In aice leis, ag 53 Sráid Mhór Liam Uí Bhriain, bhí teach agus siopa ag Mary O’Sullivan (73), baintreach a rugadh i gContae Chorcaí, a bhí pósta le 52 bliain agus ar rugadh ochtar di, a raibh ceathrar díobh beo. Líon sí isteach baill an teaghlaigh: a hiníon Nora O’Sullivan (29), gúnadóir; a hiníon Mary Brigid Cashman (36) a bhí pósta le 15 bliana agus ar rugadh triúr di ; John Cashman (39), céile a hiníne, cúntóir tí tábhairne a rugadh i gContae Chorcaí; a garmhac John Cashman (14) a raibh Gaeilge aige; a gariníonacha Christina (11) agus Netta (8). Sa chathair a rugadh gach duine ach amháin an bheirt sin a rugadh sa chontae. Tá comhdhéanamh an teaghlaigh, mar a chuir Seán síos air, ar aon dul go díreach leis an teaglach sin sa Daonáireamh; b’in í an aois a bheadh ag Seán i 1911, dar lena theastas báis; dar leis an nia úd gur Christina ab ainm dá mháthair féin. Tá sé ionann is cinnte gurb in é an teaghlach. Ach cén fáth a ndéarfadh Seán gur de mhuintir Cheallacháin a mháthair? Níl puinn amhrais ach gur Shúilleabhánach ba ea í. San Ardeaglais, 30 Deireadh Fómhair 1894, phós John Cashman, fear stórais a raibh cónaí air ag 49 Madden’s Buildings, mac le John Cashman, fear stórais, Mary Bridget O’Sullivan, iníon le Daniel O’Sullivan, fear stórais eile, agus dar leis an teastas pósta go raibh cónaí uirthisean ag 35 Gt Britain Street. Bhí an bheirt athair beo ag an am. Botún eagarthóra, ní foláir, nó sciorradh cuimhne an tseanduine, b’fhéidir, ba chúis leis an sloinne Ceallachánach a tharraingt isteach sa scéal. Bhí an teaghlach sa teach céanna i 1901 ach gur ‘45 Great Britain Street’ ba ea an seoladh ag an am sin. ‘Grocer’s porter’ an cur síos ar shlí bheatha an athar sa Daonáireamh sin.

Ó na mná rialta sa bhunscoil áitiúil a fuair sé a chéad cheacht Gaeilge. Sa Mhainistir Thuaidh a cuireadh meánoideachas air. Ghabh sé le Conradh na Gaeilge i 1911. Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste De La Salle i bPort Láirge i 1915. Ba mhaith leis dul le meánmhúinteoireacht agus fuair post i gceann de scoileanna na mBráithre Críostaí i gCorcaigh. Theastaigh uaidh an Máithreánach a dhéanamh i dtreo go bhféadfadh sé céim a fháil agus thosaigh sé ar staidéar ar an Laidin. D’éirigh sé an-bhreoite de dheasca crua-oibre. De bharr Éirí Amach 1916 bheartaigh sé ar a dhúthracht a chaitheamh leis an nGaeilge. Léigh sé gach leabhar Gaeilge dár foilsíodh beagnach. Bhí sé ina bhall de choiste Chraobh an Pharóiste Thuaidh den Chonradh agus thug siad scoláireacht go Coláiste na Mumhan dó. Bhí sé ag obair mar fhothimire agus mar thimire faoi Choiste GnóChonradh na Gaeilge ó 1917 go 1920. Tá cur síos aige in Cois Laoi na Sreabh ar sheachtain a chaith sé in aontíos le Pádraic Ó Conaire i gCill Airne nuair a bhí Ard-Fheis an Chonartha ann i 1918. I gCorcaigh Thiar is mó a bhí sé. Tuairiscíodh ag Ard-Fheis 1920 gur thug na póilíní droch-úsáid dó.

Faoi 1921 bhí post múinteora aige i scoil Trimbath’s Lane, ceantar an-bhocht i gCorcaigh, ach níor chaith ann ach bliain. An tAthair Seámus Ó Floinn [B1] a bhí mar bhainisteoir aige. Bhí sé ina rúnaí ag Ardchoiste Chorcaí den Chonradh ag an am sin (Misneach 16 Aibreán 1921). Ba é a bhunaigh scéim chun airgead a bhailiú le haghaidh múinteoirí Gaeilge i gContae Chorcaí agus ghlac sé le post faoin scéim sin. Ranganna oíche a bhíodh á múineadh aige agus thug sin deis dó freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, mar a ndearna sé cúrsa onórach sa stair agus sa Ghaeilge. D’éirigh leis onóracha den chéad ghrád a fháil sa dá ábhar. I rith na tréimhse sin thugadh sé léachtaí do mhúinteoirí ar theagasc ábhar éagsúla trí Ghaeilge. Bhí sé ina léachtóir i gColáiste na Mumhan i 1923 agus ina ollamh i gColáiste Samhraidh an Daingin an bhliain dár gcionn. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ó 1920 go 1925.

Ceapadh é ina chigire bunscoileanna i 1925. I ndiaidh bliain go leith i mBaile Átha Cliath bhí sé ag taisteal an stáit ar fad ach amháin Ciarraí agus Loch Garman. Bhí sé bliain go leith i nGaeltacht Dhún na nGall. I bhfad ina dhiaidh sin bhí aiste aige, ‘Athchuairt Mhuimhnigh ar Ghaeltacht Thír Chonaill’, in Inniu 21 Deireadh Fómhair 1962. Tharla dó nár thug sé an ghnáthchuairt cúirtéise ar an easpag agus d’éirigh sé as a phost nuair a bhíothas ar tí a aistrithe go Béal an Átha Mhóir i Liatroim, áit a raibh meas áitribh pionóis air i measc cigirí. Tharla gan post aige ar feadh tamaill, chaith sé trí mhí ag aistriú The Vicar of Wakefield le Goldsmith (Viocáire Wakefield, 1931) go Gaeilge. Domhnall Ó Corcora a mhol dó ansin tabhairt faoi Wuthering Heights (Arda Wuthering, 1934) a aistriú. Tá inste aige in Is ait an mac an saol, 1973 gur tharla dó féin agus Frank O’Connor, scríbhneoir, a bheith san óstán céanna sa Ghleann Garbh. ‘D’iarr sé orm leabhar éigin a thabhairt dó mar nach raibh aon ábhar léitheoireachta aige. Dúirt mé leis nach raibh agam ach profaí Wuthering Heights. Thug mé dó iad, agus an lá a bhí chugainn dúirt sé liom go raibh sé tar éis an oíche a chaitheamh á léamh agus gur fearr a thaitin mo leagansa leis ná an bunleagan!’. Dúirt Micheál Mac Liammóir leis go raibh sé léite trí huaire aige.

Bhí sé ina léachtóir le Gaeilge agus le tíreolaíocht i gColáiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge ó 1930 go dtí gur dúnadh an coláiste i 1939. I rith na tréimhse sin thugadh sé cuairteanna ar Londain, sé huaire ar a laghad in aghaidh na bliana. Rinne sé ceirnín le Parlaphone, sé hamhráin i nGaeilge, i 1934. Bhíodh páirt aige sna cláir scoile a chraoltaí ar Radio Éireann. Chaith sé tamall ag múineadh i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach ach dúnadh an coláiste go sealadach i rith an Chogaidh Dhomhanda. Chuaigh sé go Sasana ansin agus bhí ag múineadh i Scoil Thomas Hardy in Dorset agus ina dhiaidh sin i gColáiste Derby. Bhí guth breá baratóin aige agus ardspéis aige i gceol. Tá tagairt in Inniu 1 Bealtaine 1959 don choirm cheoil Ghaelach a chuir sé féin agus Duncan Morrison as Barra ar bun in Londonderry House, Park Lane, Londain. D’fhill sé ar Éirinn i 1956, agus bhí ina aistritheor oifigiúil i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean.

Thosaigh sé ag scríobh in aois a 16 bliana dó. Bhíodh aistí agus scéalta i gcló aige ó 1923 amach in Fáinne an Lae agus go háirithe in The star i 1929/30. Bunleabhair leis is ea na cnuasaigh gearrscéal: Scéalta cois Laoi, 1935 agus Idir chéin agus chomhgar, 1952 agus Príomhtháirgí an domhain, 1957. Sa dá imleabhar dírbheathaisnéise, Cois Laoi na sreabh, 1970 agus Is ait an mac an saol, 1973, tá a scéal anuas go dtí tuairim 1938. Níor phós sé, cé go raibh sé i ngrá uair; thuig sé féin gur dhuine leithleach é.

Scríobh Tarlach Ó hUid cuntas air in Inniu 19 Feabhra 1982: ‘Is saoithiúil an duine ar a lán dóigheanna a bhí i Seán Ó Ciosáin agus duine cineál achrannach, ainneoin an-chiall don ghreann a bheith aige. Shíleadh sé i gcónaí go raibh daoine ag iarraidh suí ina bhun (agus b’fhéidir go raibh cuid acu amhlaidh)—go háirithe faoi chúrsaí airgid! Sea, duine taghdach, ach Gael breá dúthrachtach dílis, comhráiteach iontach agus compánach taitneamhach. Slán go suaimhní sé’. Rinne Séamus Ó Murchadha a bhusta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú