DIX, Peter (1925–2007)

Tá cuntas ar a shaol i gcló in The Irish Times 10 Feabhra 2007. Ar feadh sé bliana is tríocha bhí an Gaeilgeoir seo ar fhoireann Aisteoirí RTÉ. I rith an ama sin b’fhéidir a rá go raibh páirteanna aige i mbreis agus míle dráma raidió. Ba é a bhí ann ó cheart Reginald Peter Vignoles agus is in Torquay, Devonshire, Sasana, a rugadh é ar 2 Eanáir 1925. Ba iad John Vignoles, aisteoir/bainisteoir, agus a bhean Joyce a thuismitheoirí. Ní raibh de pháistí eile acu ach a n-iníon Deirdre. Nuair a fuair an mháthair bás in 1935 is é a shocraigh an t-athair gurbh iad Ernest Reginald MacClintock Dix (1857–1936), dlíodóir agus leabharbhách a bhfuil cuntas air in DIB, agus a bhean Úna [Ó Díosca ] a d’uchtódh Peter agus Deirdre. I Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí ar an lánúin sin. Chun go bhfoghlaimeodh sé Gaeilge cuireadh Peter ar scoil i gConamara. Bhí sé ina dhiaidh sin i gColáiste Dhroichead Nua, Co. Chill Dara. Chaith sé tamall i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sular bhuail fonn é dul le haisteoireacht. Chaith sé tamall ag foghlaim na ceirde sin ó Lennox Robinson in Amharclann na Mainistreach. Le comhlacht taistil Carl Clopet a thosaigh sé ag obair agus bhí sé ina dhiaidh sin i gcomhlachtaí Louis Dalton, Anew McMaster agus Ronald Ibbs. Chaith sé tamall le compántas taistil a bhí urraithe ag rialtas na Sé Chontae agus luaitear é a bheith i ról Laertes acu in Hamlet. Ina dhiaidh sin chaith sé tamall i Manchain le Ceardlann Amharclainne Joan Littlewood. Thaistil sé Críoch Lochlann agus an tSeicslóvaic leo i gcomhluadar Ewan McColl and Peggy Seeger. Ar ais in Éirinn dó bhí sé ag aisteoireacht le mórchomhlachtaí amharclainne an Gheata agus an Olympia. Bhí ról aige timpeall an ama sin in The heart’s a wonder, leagan ceolmhar de The playboy of the western world, sa Gaiety i mBaile Átha Cliath ar dtús, agus ar ball in Amharclann Westminster, Londain.

Fostaíodh é mar bhall d’Aisteoirí RTÉ in 1961 agus d’fhan sa phost lánaimseartha sin go ndeachaigh sé ar pinsean i mí Eanáir 1997. Gan aon amhras bhí róil aige i mórchuid drámaí Gaeilge a chraol RTÉ i rith na tréimhse sin. Ní mór cuimhneamh gurbh in aontíos lena mháthair altrama Úna Uí Dhíosca (d’éag 1958), scríbhneoir Gaeilge, i gCill Dara agus ansin i gCill Mocheanóg in aice le Bré, a bhí cuid mhaith dá shaol caite aige agus gur mhaith agus gur bhinn a bhí sé in ann Gaeilge a labhairt. Thugadh RTÉ deis dó glacadh le páirteanna stáitse agus cuimhnítear air sna 1980idí i ról Antonio in The Merchant of Venice, ceann de na léirithe deiridh ag Edwards / MacLiammóir in Amharclann an Gheata, agus i bpáirt Inspector Lestrade in The Mask of Moriarty le Hugh Leonard. Bhaineadh sé taitneamh as babhtaí aisteoireachta sna scannáin agus ar an teilifís. In 1995 bhí páirt aige in eipeasóid de Father Ted (1995–1998). An bhliain chéanna sin bhí ról aige in Agnes Brown (1999), scannán de chuid Anjelica Huston agus Brendan O’Carroll. I bhfad roimhe sin bhí róil aige in Captain Lightfoot (1955) agus in The siege of Sydney Street (1960). In 2002, san Amharclann Chathartha i dTamhlacht, a bhí sé ar stáitse den uair dheiridh agus é sa dráma The Chairs le Eugène Ionesco agus bhí an ról teilifíse deiridh aige in léiriú Granada de Malice aforethought in 2003. Bhí sé pósta ar Anne McGovern (d’éag 2005) agus bhí mac agus triúr iníonacha acu. Bhí sé tugtha go mór don tsiúlóid agus is dá chois a thaistil sé cuid mhór d’Éirinn agus den Bhreatain. D’éag sé ar 5 Feabhra 2007.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú