Ó MUIRITHE, Diarmaid (1935–2014)
Grianghraf: Matt Kavanagh; le caoinchead ó The Irish Times

‘Keeper of Ireland’s word-hoard’ an cur síos a rinne an file cáiliúil Séamus Heaney ar Dhiarmaid Ó Muirithe, ardmholadh ó ardfhile agus fear focal, ach moladh a bhí tuillte go maith ag Ó Muirithe. Thuig pobal na hÉireann a shaineolas trína cholún, ‘The words we use,’ colún a scríobh sé ar feadh breis agus dhá scór bliain in The Irish Times – breis agus míle mír ar fad – míreanna a léití ó cheann ceann na tíre le díograis.

I Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman, a rugadh Diarmaid Ó Muirithe ar 11 Samhain 1935, an chéad duine clainne ag Seán Ó Muirithe (1906–1979), cainteoir dúchais agus múinteoir meánscoile as Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, agus a bhean Eilís Nolan (1910–1985), bunmhúinteoir ó Ros Mhic Thriúin. Bhí beirt mhac eile acu, Frank, príomhoide bunscoile i gceantar Ros Mhic Thriúin, agus Tomás, múinteoir meánscoile i mbaile Loch Garman, agus beirt iníonacha, Máire agus Siobhán, a leathchúpla, a cailleadh in 1943 in aois a dhá bhliain. Bhí cónaí ar an teaghlach i dTeach na Prióireachta ar Shráid na Prióireachta.

Cúig bliana d’aois a bhí Diarmaid nuair a thosaigh sé ag baint duaiseanna ar fheiseanna i bPort Láirge i gcomórtais éagsúla Gaeilge sa chomhrá, sa scéalaíocht, sa drámaíocht, agus in aithriseoireacht na filíochta, rud a lean fad agus a bhí sé ar mheánscoil na mBráithre Críostaí i Ros Mhic Thriúin agus ar Choláiste Bhaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí. Chuir sé an-suim, leis, i gcúrsaí spóirt.

Ar cháiliú mar bhunmhúinteoir dó in 1955, in aon rang le John McGahern i gColáiste Phádraig, phós Diarmaid Mary Gallagher, as Dún Lúiche, Gaoth Dobhair, a bhí ag staidéar i mBaile Átha Cliath. Chaith sé tamall ag múineadh ina sheanscoil i Ros Mhic Thriúin agus i bparóiste an Ghleanna Mhóir, Co. Chill Chainnigh, agus dhá bhliain ina phríomhoide ar scoil náisiúnta na Ceathrún Riabhaí, Teach Munna, Co. Loch Garman. Ar na drámaí a chuir sé ar stáitse fad agus a bhí sé ann, bhí An táilliúir, a scríobh a athair.

Sna 1960idí, mar shaoririseoir agus mar léitheoir nuachta Gaeilge agus Béarla in RTÉ, scríobh Diarmaid scripteanna do chláir Ghaeilge agus Bhéarla, a chuir sé féin i láthair, ar a raibh Sing the peasantry (1970), sraith ar théamaí na himirce, na scoileanna scairte, an t-ionnarbadh, an imirce, Ó Conaill agus Reipéal, na tithe móra agus amhráin ón ochtú haois déag; Hands, clár ar cheirdeanna traidisiúnta na hÉireann; Voices from a hidden people, faoin Yólais, canúint Fhothart agus Ó Bairrche, Co. Loch Garman; clár ar charúil na Cille Móire, Co. Loch Garman; The taverns of New York (1973), ar na cultúir éagsúla i Nua Eabhrac. Bhuail sé leis an Uachtarán Nixon sa Teach Bán agus leis an Seanadóir Daniel Patrick Moynihan.

In 1969 bhronn an Taoiseach Jack Lynch an chéad Ghradam Jacob’s do chláir raidió ar Dhiarmaid dá chlár dátheangach Idir shúgradh is dáiríre, a bhain le ceol agus le litríocht ón am fadó. Sa litir ó chathaoirleach an phainéil moltóirí dúradh go rabhadar chun é a thabhairt dó mar gheall ar ‘your inventiveness and clever exploitation of radio in the programme.’ Scríobh sé script eile a chuidigh le RTÉ duais idirnáisiúnta Nordring a bhuachaint.

Rinne Diarmaid bunchéim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na Tríonóide, agus bhain M.Litt. in 1975 faoi stiúir an Ollaimh David Greene, ‘Foclóir agus téacsanna ó oirdheisceart Loch Garman,’ ábhar a bhfillfeadh sé air in The dialects of Forth and Bargy (1996) saothar a scríobh sé i gcomhar le T.P. Dolan agus a d’fhoilsigh Four Courts Press. Ba é Tomás de Bhaldraithe a thug isteach go UCD é in 1977 mar léachtóir agus rinne sé PhD faoina stiúir a foilsíodh mar leabhar ina dhiaidh sin, An t-amhrán macarónach (1980).

Bhí Diarmaid ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann (1982–1987) agus i rith an ama seo fuair sé cuireadh teacht chuig Ollscoil Villanova, Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar Scoláire Fulbright don bhliain 1984–85. Thug sé cúrsaí ar litríocht na Gaeilge agus ar Joyce, O’Casey, Beckett, Stephens, Somerville agus Ross. Chaith sé an bhliain 1988 in Ollscoil Naomh Muire in Halifax, Ceanada, mar Chathaoir i Léann na hÉireann.

In 1991, d’iarr Conor Brady, eagarthóir The Irish Times ag an am, ar Dhiarmaid cúpla píosa a chur chuige féachaint an gcuirfeadh léitheoirí suim iontu. Chuir agus mhair a cholún ‘The words we use', breis is dhá bhliain fichead.

More than 1,000 columns later, his colourful etymologies continued to attract a devoted following through the years. “Conor’s hunch was right. People in Ireland are fascinated by words,” Diarmaid said. “The English we speak in Ireland has been influenced by Latin, Old Norse, Norman French, Scots, the English dialects and, of course, Irish. So the words we use in Ireland reflect the social history of the island. It is an extraordinarily rich language (The Irish Times 12 Iúil 2014).

Níor leasc le Diarmaid a ladar a chur isteach i ndíospóireachtaí reatha a bhain le Béarla na hÉireann. I gcolún leis, ghlac sé seasamh ar litriú an fhocail ‘craic’ i mBéarla:

The constant Gaelicisation of the good old English-Scottish dialect word crack as craic sets my teeth on edge. It seems, indeed, that many people think the word is an Irish one; The Irish crack, with its connotations of ribaldry and divilment in general, came to us, I suppose, by way of Donegal emigrants, who have borrowed many good words from their Scottish friends (The Irish Times 5 Nollaig 1992).

Luadh seo arís sa chuntas iarbháis sa nuachtán céanna, ‘He never forgave The Irish Times for its part in the dodgy Gaelicisation of “crack” – “a good old English/Scottish word” – as “craic”’ (The Irish Times 19 Iúil 2014).

Thug Richard Ingrims, eagarthóir The Oldie, iris i Londain, cuireadh do Dhiarmaid colún rialta a scríobh dó, rud a rinne ar feadh fiche bliain, faoin teideal, ‘Words, words, words', ar eascair leabhar den teideal céanna uaidh ó Lilliput Press. Ag plé le Béarla Shasana a bhíodh sé sa cholún sin ar chuir léitheoirí an-suim ann, rud ba léir ón méid litreacha a d’fhaigheadh sé. Bhí sé seo sa chuntas iarbháis ar The Irish Times:

Ó Muirithe met actress Joanna Lumley at a lunch for contributors to the Oldie, a British magazine, and they discovered a shared passion for words. Together they challenged the compilers of the Oxford English Dictionary, who said the word “fad” was of unknown origin. She, a child of the British Raj, maintained it came from the Malagasy language of the Malay peninsula. They won (The Irish Times 19 Iúil 2014).

I mblurba, Words, words, words (2004) tá sé seo ag Lumley: ‘His brilliant column is the first thing I turn to. He once called me a tome feek and I’m still blushing.’

Bhí Diarmaid ar an bpainéal moltóirí, mar aon le Alan Titley agus Áine Ní Ghlinn, do leabhair i nGaeilge a bhí á meas do dhuais an Irish Times ó 1997 go 1999.

Cúigear clainne a bhí ar Dhiarmaid agus Mary: John, Barra, Dermot, Donncha agus Aifric. Nuair a thosaigh Diarmaid le RTÉ d’aistrigh an teaghlach aneas agus chónaíodar sna Clocha Liatha, i gCill Chomhaid agus i gCill Pheadair i gCo. Chill Mhantáin. Chaith Mary blianta fada ag múineadh i scoil shóisearach Choláiste na Toirbhirte, Bré. Tar éis bhás a mhná i samhradh na bliana 1998 chuir Diarmaid faoi i nDún Garbhán, Co. Phort Láirge, áit a raibh cónaí ar a iníon agus a bhí gar dá mhac John agus a chlann sa Seanphobal i nGaeltacht na Rinne. Sa chnuasach Electric light (2000) le Seamus Heaney, tá dán, ‘Sruth,’ i gcuimhne ar Mary Ó Muirithe.

Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh sa Léann Ceilteach ar Dhiarmaid Ó Muirithe ar 1 Nollaig 2011. Is mar seo a thrácht Seansailéir Ollscoil na hÉireann, an Dr Maurice Manning, ar Dhiarmaid tar éis báis dó:

Diarmaid O'Muirithe was a fine scholar of extraordinary versatility who had a great ability to communicate his scholarship to a very wide audience. He was an internationally respected expert on dialect based on his knowledge of English dialect and what has now been recognised as a distinct field of study, Hiberno-English.

In 2007 phós Diarmaid Karin Lach, leabharlannaí sinsearach i Roinn an Bhéarla, Ollscoil Vín, an Ostair. Bhí spéis acu araon sa litríocht agus sa cheol clasaiceach. Thagaidís go hÉirinn go minic, go háirithe d’ócáidí teaghlaigh a chúigear clainne agus a chúigear garpháistí. Bhí cónaí orthu i gcathair Vín ach is in Guntramsdorf, baile beag ar imeall na cathrach a thaitin go mór leis, a d’iarr sé go gcuirfí é, agus b’in a tharla tar éis a bháis i Vín ar 11 Iúil 2014.

Éilis Ní Anluain

Ailt

Suíomhanna gréasáin

  • Chancellor pays tribute to Diarmaid Ó Muirithe Ar fáil ag: http://www.nui.ie/news/2014/diarmaidOMuirithe_RIP.asp [Faighte 10 Nollaig 2015].