Chuir Diarmaid Ó Muirithe a dhánta in eagar in Tomás Ó Míocháin: filíocht, 1988 agus thug eolas ar a bheatha, agus chuir Liam de Paor réamhrá leis (‘Contae an Chláir le linn Thomáis Uí Mhíocháin’). I gcló sa leabhar sin tá ar scríobh Tomás Ó Rathile faoin bhfile in An Claidheamh Soluis 28 Lúnasa 1917. In Dál gCais: the journal of Clare, 1993 chuir Brian Ó Dálaigh leis an eolas sin (‘Tomás Ó Míocháin and the Ennis School of Gaelic poetry c.1730-1804’) trí shleachta as Ennis Journal, Limerick Journal agus Ennis Chronicle ó 1779 go dtí 1805 a chur i gcló.

Ba é an dara mac é ag Tomás Ó Míocháin, táilliúir agus file, Ard Soluis i bparóiste Dhúire i mbarúntacht Bhun Raite, Co. an Chláir. Bhí beirt deartháireacha aige, Dónall, file, agus Seán, ar dhúirt an Rathileach faoi gurbh é seanathair an Athar Micheál Ó Míocháin é. Tuairimítear gur fhreastail Tomás ar scoil scairte agus ansin ar scoil mhatamaitice i Luimneach. Tuairim 1770 bhunaigh sé scoil mhatamaitice in Inis agus is sa bhaile sin a bhí cónaí air as sin amach. Chroch báillí leo a chuid lámhscríbhinní i 1773 nuair nach raibh cáin íoctha aige. Mhaígh sé i 1788 go raibh 400 dalta ullmhaithe aige i gcomhair poist. Ba dhuine é de na scríobhaithe a bhailíodh le chéile i dteach Sheáin Uí Mhaoldomhnaigh, Sráid an Chaisleáin, Luimneach: Aindrias Mac Mathúna, Diarmaid Ó Maolchaoine, Séamus Bonnbhíol agus Seán Lúid. Chaith Lúid tamall ag múineadh i scoil Thomáis—an mheisce faoi deara gur chaill sé an post sin—agus tá dánta Béarla de chuid Thomáis (i gcló freisin ag Ó Muirithe) sa leabhar a scríobh sé, A short tour ... of the county Clare, 1780. Ar 19 Aibreán sa bhliain chéanna sin thug Tomás cúirt éigse le chéile in Inis; tá rialacha na scoile seo i gcló ag Ó Muirithe. In Iúil 1790 d’fhág sé Inis ar feadh cúpla bliain agus chaith tamaill i Luimneach agus i Mala; tuairimíonn Ó Dálaigh go rabhthas tar éis roinnt scoileanna a bhunú in Inis um an dtaca sin agus gurbh fhéidir go raibh ag teip ar ghnó Thomáis. In Ennis Chronicle 18 Meitheamh 1792 d’fhógair sé go raibh feabhas ar a shláinte tar éis dó na huiscí a ól i Mala agus go n-osclódh sé a scoil arís tuairim 1 Iúil. ‘Grown up youth who wish for speedy improvement will be fitted as usual for such departments of life as require the practical use of accompts and Mathematics. Mallow, May 20, 1792.’ Sa nuachtán céanna 13 Nollaig 1804 a bhí scéal a bháis: ‘Died on Sunday night last at Ardsollus in an advanced age Mr Thomas Meehan, these many years past an eminent mathematical teacher in this town. He was a useful and valuable member of society and a man of the strictest integrity. His dissolution is much and most deservedly regretted by his numerous friends and acquaintances and by the public in general.’ Cuireadh acrostic i gcló i gcuimhne air. D’éag sé ar 9 Nollaig agus cuireadh é sa mhainistir i gCuinche (Brian Ó Dálaigh).

Chaitheadh sé tamaill cois farraige i Malbay agus thug ‘príomhspealadóir chuain ghaothchuisnigh, bhorbthonnaigh Malbay’ air féin i dteideal dáin leis. Chum sé dán do Thadhg Gaelach Ó Súilleabháin ‘ar dtréigean baoise an tsaoil agus ar iompó go deighbheathach ina oilithreach dó’, agus ceann don lia cáiliúil Silbhester Ó hAllmhuráin. Gan amhras ní hiad na hamhráin a chum sé i dtaobh mhóreachtraí staire a linne na cinn is lú spéis: ‘Moladh na Volunteers’, ‘Ar nÉirí do Fencibles’, ‘Ar dTréigean Bhoston d’Arm Shasana 1776’, ‘Ar Ghéilleadh Chornwallis ag Yorktown 1781’. Cuireadh cúpla ceann díobh i gcló in The Nation in 1858.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú