Ó DÚSHLÁINE, Séamas (1904–2000)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá cuntas ag Bairbre Ní Fhloinn ar an mbailitheoir lánaimseartha béaloidis seo in Foinse 29 Iúil 2001 agus tá In Memoriam le Bo Almqvist in Béaloideas 69, 2001. Deir Bairbre Ní Fhloinn: ‘Bhí Séamas ar dhuine de na daoine ba mhó le rá i gcúrsaí bhéaloideas agus sheanchas na hÉireann.’ I Loch Garman a rugadh é 13 Aibreán 1904. Captaen loinge a athair Richard Delaney. Brigid Hoare ba ainm dá mháthair. Fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamaill ina mheánmhúinteoir i nDún Pádraig, Co. an Dúin, agus i mBaile Átha Cliath. Le Patrick Kennedy (1801-73), bailitheoir béaloidis ceannródaíoch i Loch Garman, a bhaineann a thráchtas MA. Tuairim an ama sin d’iarr an Duileargach air teacht agus obair leo sa Choimisiún. D’éirigh sé as an múinteoireacht agus ceapadh é ina bhailitheoir i gCoimisiún Béaloideasa Éireann in 1954. Ba le linn dó a bheith ag déanamh an MA sin a casadh Máire Ní Bhrádaigh as an Longfort air, tharla an bheirt acu ag déanamh MA sa Bhéarla – bhí BA ag Séamas i nGaeilge agus i mBéarla. Pósadh iad in 1955. Múinteoir meánscoile ba ea Máire. Bhí mac amháin, Eoin, agus iníon amháin, Jeanne, acu. Chónaigh siad tamall i mbaile mór an Longfoirt agus i mbaile mór Ros Comáin go dtí gur chuir siad fúthu i gCill Tuama, Co. Ros Comáin, trí mhíle siar ó thuaidh ó Áth Luain, gar do bhruach thiar Loch Rí. Ábhar i mBéarla is mó a bhailíodh Séamas ach bhailigh sé ábhar i nGaeilge freisin ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, mar a raibh sealla saoire acu. Fiche míle leathanach a líon sé: amhráin, scéalta, seanráitis, agus caint, nósanna agus creidiúintí. Bhíodh ailt aige in iris staire Loch Garman, The Past, agus in Béaloideas. Deir Almqvist: ‘Probably nobody has collected more and more detailed information than he about objects made of rods, reeds, and straw. Describing the techniques and methods used in making baskets, sheep-cribs and other such objects calls for special skills, which Jim possessed in the highest degree.’ In Scéal na hIomána (1980) luann Liam P. Ó Caithnia 18 cuntais a rinne sé a thaifeadadh i Ros Comáin, Uíbh Fhailí, an Longfort, an Iarmhí agus Liatroim. Luann Almqvist scoláirí agus na scríbhneoirí eile a bhí curtha faoi chomaoin ag Ó Dúshláine agus ina measc tá George Gmelch, David Thomson agus Diarmaid Ó Muirithe. Deir sé freisin: ‘Jim’s life was not lacking in hardship and suffering. In particular, he was for many decades afflicted by bad hearing, finally leading to almost total deafness.’ Fuair sé bás 28 Nollaig 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú