Seo é an treabhdóir ar scríobh Percival Arland Ussher síos uaidh an t-ábhar atá in Caint an tSean-Shaoghail, 1942 agus Cúrsaí an tSean-Shaoghail, 1948. Tá cuntas gairid ag Micheal Ó Domhnaill air in Iolscoil na Mumhan: Ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne 1987. Deir sé gur i dTuar an Fhíona, Co. Phort Láirge, a rugadh é ach gur chaith sé breis is caoga bliain i gceantar na Ceapaí, é ag obair ar eastát Ussher ar feadh breis is daichead bliain. I nDaonáireamh 1911 i gCnoc na Cruaiche sa Cheapach bhí: Thomas Murray (30), ‘farm servant’, a raibh léamh, Gaeilge agus Béarla aige; agus a bhean Annie, a raibh léamh agus scríobh aici, í pósta le sé bliana agus ceathrar clainne acu, Thomas (5), Patrick (4), John (2) agus Kathleen (ocht mí). Ní raibh Gaeilge ag na leanaí seo. D’éag Thomas Murray, ‘labourer’, baintreach fir in aois a 75 bliain ag Cnoc na Cruaiche, Ceapach, 12 Iuil 1958. A mhac Micheál a thug an t-eolas don chláraitheoir. Ní léir aon tuairisc a bheith i bpáipéir Phort Láirge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú