In Father Michael Meehan and the Ark of Kilbaha [g.d. ] agus in The Diocese of Killaloe 1800-1850, 1992 tugann Ignatius Murphy cuntais ar an sagart seo. Tá cuntas air freisin in Cuchulain’s Leap. A history of the Parish of Carrigaholt and Cross, 1992 le Pat Murphy. Seanuncail dó an file Tomás Ó Míocháin (Tomás Ó Míocháin: filíocht, 1988 in eagar ag Diarmaid Ó Muirithe). Is cosúil gur in Inis a rugadh é, cé go luaitear Ard Soluis i nDúire freisin. Nuair a cailleadh a mháthair thóg a aint é sa Chrois agus ina dhiaidh sin i Móinín. Is dóigh le Murphy gur fhreastail sé ar scoil chlasaiceach Stephen O’Halloran in Inis. Bhí sé ina bhall den gharda cosanta a bhí ag Domhnall Ó Conaill le linn toghchán 1828. Chuaigh sé go Maigh Nuad in 1829. Tharla ganntanas sagart de dheasca calair oirníodh é in 1832. Bhí sé ag obair i nDúire, sa Tulach agus in Inis 1832-37 agus i gCill Rois ina dhiaidh sin. Bhí sé ina uachtarán ar chumann na lánstaonairí ansiúd. É féin agus Jonathan Furlong is mó sa chontae a bhí ag cabhrú leis an ngluaiseacht sin. Bhí sé gníomhach freisin i gCumann Reipéil agus thug óráid ag cruinniú i gCill Rois in 1840. In 1846 bhí eagla ar na daoine an mhin bhuí a ithe agus mar shampla dóibh is ea a mhair sé féin, sagart cúnta eile agus an sagart paróiste ar an min ar feadh coicíse. In The Tablet, Iúil 1847 tá cur síos a rinne sé ar an ngorta sa cheantar. In 1848 chuidigh sé leis an Éireannach Óg Richard O’Gorman (1820-95) éalú go Meiriceá.

Nuair a cailleadh an tAthair ‘Parliament’ Malachy Duggan den chalar ba é Ó Míocháin a ceapadh mar chomharba air i bparóiste Cill Bhaile Uí Eoghain / Maigh Fhearta i mBealtaine 1849. Bhí uncail leis ina shagart paróiste ann go 1817. Ag fágáil Chill Rois dó bhronn a chairde £200 air chun cur lena chompord féin i gCarraig an Chobhaltaigh ach thug sé gach pingin de do bhochta an pharóiste. In imeacht dhá bhliain bhíothas tar éis tuairim 20,000 duine a dhíshealbhú i gceantar Chill Rois. Bunaíodh coiste Parlaiminteach i Londain in 1850 chun fiosrú a dhéanamh i dtaobh an chruatain a lean sin agus chuaigh Ó Míocháin ann chun fianaise a thabhairt.

Paróiste mór fairsing a bhí aige, gan ann ach dhá scoil scairte. D’éirigh leis scoil a bhunú faoin mBord Náisiúnta agus de réir a chéile bunaíodh scoileanna i Maigh Fhearta agus i gCill Bhaile Uí Eoghain. B’fhéidir gurbh iad na chéad scoileanna stáit iad ina raibh Gaeilge á múineadh go foirmiúil. Bhí leagan Gaeilge den teagasc críostaí á scaipeadh aige. Chuidigh William Smith O’Brien san obair seo agus bhronn leabhair ar na daltaí. Go luath ina dhiaidh sin bhunaigh bíoblóirí trí scoil sa pharóiste. Bhí baint ag Marcus Keane, gníomhaire Westby, an tiarna talún, leo agus bhí sé ina chogadh dearg aige leis an Athair Micheál. Tuairiscíodh in Clare Journal gur chuir an sagart a mhallacht ón altóir ar thuismitheoirí a bhí ag cur a leanaí ar na scoileanna úd ach shéan sé sin. Deir Ignatius Murphy: ‘It is clear that while Fr Meehan was happy in his own mind that he had not uttered a curse and that the English versions of what he had said in Irish were inaccurate, he certainly tried to frighten the people who were sending their children to prosleytizing schools.’ Chuir Keane brú ar thionóntaí a leanaí a chur chuig na scoileanna agus díshealbhaíodh cibé duine nach ndéanfadh amhlaidh.

Ní raibh aon séipéal aige i Móinín agus ní thabharfadh Keane cead ceann a thógáil ná aifreann a rá i dteach ar bith. Chinn sé ar Áirc Chill Bheatha a thógáil. £10 an costas a bhain leis. Tá an tuairim ann gurbh é bosca snámha na bhfámairí a chuir ina cheann é. Bothán so-ghluaiste a bhí ann agus is istigh ann, thíos ar an trá, a bhíodh aifreann á rá. I gceann cúig bliana tugadh suíomh dó le haghaidh séipéil i Móinín; tá an áirc bheag ar taispeáint ann. Thug sé cuairt ar Shasana chun airgead a bhailiú agus osclaíodh an foirgneamh nua i nDeireadh Fómhair 1858. Chun fiacha na scoileanna agus an tséipéil a ghlanadh chaith sé trí bliana ó 1864 amach i Meiriceá. In 1865 thug sé seanmóirí Gaeilge i Nua-Eabhrac. Chaith sé tamall fada in Chicago.

Bhí ag teip ar a shláinte ó lár na 1870idí amach agus d’éag sé i Luimneach 24 Eanáir 1878 (Murphy). Bhí sochraid mhór air agus cuireadh é taobh leis an Áirc. Bhí ríspéis aige sa cheol agus d’eagraíodh sé bannaí. Deirtear gur scríobh sé amhráin agus iomainn agus gur mhúin sé sna scoileanna iad. Deirtear gurbh é a scríobh ‘Ag Críost an síol’ (mar shampla Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 lch 49). Tá iomann a chum sé, ‘Ó namhaid mo chreidimh, namhaid mo thír’, i gcló in Amhráin Diadha Chúige Chonnacht ag Dubhghlas de hÍde. D’aistrigh sé an t-iomann ‘Adoro Te Devoto’ go Gaeilge agus bhí na focail i litriú foghraíochta ar bhilleoga aige sna scoileanna. Tá plaic le Jim Connolly ina onóir ar ché Chill Beatha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú