Tháinig fás tapaidh faoi Chonradh na Gaeilge sna sé bliana anuas go 1906: 964 craobh an bhliain sin le hais an 120 i 1900. Ceann de na cúiseanna ba ea obair na dtimirí agus ba é Tomás an chéad timire. Naoi mí i ndiaidh a cheaptha bhí an méid seo i gcló in An Claidheamh Soluis (23 Meán Fómhair 1899): “A man of untiring perseverance, gigantic energy, and sterling business qualities, he is emphatically the right man in the right place. He is, besides, the orator par excellence of the movement. He speaks with wonderful passion and earnestness, and is complete master of the whole oratoric art”.

In Inis Meáin in Árainn a rugadh é ar 16 Samhain 1870. Bhí aon duine déag clainne ag a athair Páidín (James): seisear leis an gcéad bhean Máire Ní Mheachair agus cúigear leis an dara bean, Anna Ní Fhatharta as Gort na gCapall, Inis Mór, máthair Thomáis. Ba é Tomás an duine ab óige. Toisc go raibh sé fionn a thugtaí ‘Tomás Bán’ air agus toisc go raibh Tomás eile ina chomharsa aige.

San uimhir chéanna úd de An Claidheamh Soluis dúradh i dtaobh an tamaill a bhí caite aige ar scoil in Inis Meáin: “Many a cut did he get from the master’s cane for venturing, now and then, to speak a word in the only language he knew and even at that early age, his heart would swell with indignation at the injustice against which he dare not protest. Needless to say, when he left school, he knew precious little English”. Is cosúil nach raibh sin fíor agus gur ag iarraidh an polasaí oideachais i gcoitinne a dhamnú a bhí eagarthóir na hirise. Bhí litir ón múinteoir David O’Callaghan ag mionnú nár cuireadh pionós ar Thomás ná ar aon dalta eile faoi Ghaeilge a labhairt. Ach thuigfeá ón litir nach raibh puinn Gaeilge ag an gCeallachánach le linn do Thomás bheith ar scoil aige, gur ina dhiaidhsean a d’fhoghlaim sé an teanga.

Chaith Tomás tamall gairid i Scoil na mBráithre Paitríseacha i nGaillimh agus i samhradh 1887 d’fhág sé Inis Meáin le dul go dtí na Stáit Aontaithe. Bhí a leasdeartháir Séamus agus a dheartháir Máirtín ann le tamall roimhe.

Chaith sé sé mhí ag obair i mBostún agus ag dul ar scoil go dtí Boston College san oíche. Chuaigh sé go California ansin agus chaith bliain go leith i Livermore ag obair i bhfíonghort Shéamuis agus ag freastal ar Choláiste Livermore san oíche. Fuair sé post i gceann de na comhlachtaí greantóireachta ba mhó in San Francisco. Shiúil sé páirt mhór de na Stáit, British Columbia, Ceanada, Meicsiceo agus Meiriceá Láir agus bhí sé i gCúba sular bhris an cogadh amach ansin. Chaith sé tamall de 1896 i gColáiste Tráchtála Eastman in Poughkeepsie, Nua Eabhrac, mar a bhfuair sé M.A. sa chuntasaíocht. Chuaigh sé ansin go dtí Cathair Mheicsiceo mar a raibh gnó stampaí rubair aige. I gcuntas fada in Feasta (Samhain 1970) deir Pádraig Ó Cléirigh gur le linn dó bheith sa chathair sin a chonaic Tomás an Ghaeilge i gcló den chéad uair riamh san iris An Gaodhal a d’fhoilsíodh Micheál Ó Lócháin. Píosa ó láimh an Athar Peadar a bhí ann agus aistriúchán Béarla in éineacht leis. Lena chabhairsean a d’fhoghlaim Tomás léamh na teanga. Chuir sé fios ar gach leabhar Gaeilge dá raibh le fáil. Chuir sé clóscríbhneoir speisialta le cumas ar shéimithe agus ar shínte fada a chomharthú á dhéanamh dó féin i mBostún. Ag an am seo freisin a chuir sé airgead abhaile chuig an iris The Shan Van Vocht (1896–1899) ar leis a cuireadh an chéad fheis ar siúl i Maigh Chromtha ar 20 Márta 1898. In Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896 bhí litir uaidh i gcló agus an seoladh seo air: “Tomás Ó Concheanainn, déantóir stampaidhe cúitsiúc agus gach uile chinéil stenseul, Calle del Correo Mayor No. 4, City of Mexico”. In uimhir na Nollag bhí mír nuachta i dtaobh a thairiscinte in The Shan Van Vocht go dtabharfadh sé duaiseanna do mhúinteoirí náisiúnta agus do mhic léinn i ranganna Chonradh na Gaeilge ar na haistí ab fhearr i nGaeilge.

Bhí cuid mhaith den saol feicthe aige faoin am seo. Dúradh in An Claidheamh Soluis: “He has gathered oranges in Florida, grapes in California, bananas in Mexico. He has seen a revolution in the streets of Santiago de Cuba, and has joined the thousands that thronged to witness the bullfights in the cities of the old kingdom of the Aztecs”. Gan amhras bhí líofacht Spáinnise aige.

Tháinig sé abhaile ar cuairt in Iúil 1898 toisc go raibh a mháthair tinn. Bhí ag éirí go maith leis thall agus bhí rún aige filleadh ar na Stáit. Ach chuir sé ard-spéis i ngluaiseacht na teanga a bhí faoi lánseol um an dtaca seo. Casadh Pádraig Mac Piarais air in Inis Meáin agus bhunaigh siad beirt chraobhacha den Chonradh i gCill Rónáin agus sa dá oileán eile.

Bhí sé socair le bliain anuas ag an gConradh go gceapfaidís múinteoir/timire don Ghaeltacht. Thairg siad post do Thomás agus chuaigh sé i mbun a chúraimí nua ar 7 Eanáir 1899. Tá na cuntais a scríobh sé ar a chuid timireachta le fáil in An Claidheamh Soluis as sin amach. Nuair a ceapadh Peadar Ó hAnnracháin agus Pádraic Ó Máille ina dtimirí bhí post an Ard-Timire ag Tomás. Bhí sé ina Ard-Timire i Leath Mogha nuair a cuireadh Fionán Mac Coluim i gceannas ar thimirí Leath Choinn.

Tugann Pádraig Ó Cléirigh cuntas ar an taisteal marfach a dhéanadh Tomás ar fud na tíre. Is air a bhí an file Alice Milligan ag cuimhneamh sa dán “The man on the wheel” a foilsíodh in Sinn Féin (8 Feabhra 1908).

Bhí sé mar réamhthimire ag an gCraoibhín don turas a thug sé ar na Stáit Aontaithe in 1905 chun airgead a bhailiú don Chonradh. Breis is £12,500 a bailíodh. Dúirt an Craoibhín faoi Thomás in Mo thuras go hAmeirice: “Muna mbeadh an chrua-obair a rinne sé ní bheadh sé inár gcumas an oiread sin airgid a chnuasach do Chonradh na Gaeilge”.

I ndiaidh filleadh dó phós sé Helena Bhreathnach (1878–1952), deirfiúr le Lughaidh Breathnach. Toghadh í ina Teachta Dála in 1933 agus bhí sí ina ball den Seanad ó 1938 amach. Scríobh sí tuairim 15 leabhar, idir théacsleabhair staire, leabhair chrábhaidh, bheathaisnéisí, fhilíocht, etc. sa tréimhse 1920–1952. Ní raibh aon chlann acu.

Ghlac Tomás post Cigire Ranna faoi Choimisiún an Árachais Náisiúnta Sláinte in 1911. Deir Pádraig Ó Cléirigh gur cáineadh é faoi phost a ghlacadh faoin rialtas gallda ach deir sé freisin: “De bharr Thomáis Bháin chuir an Roinn sin den rialtas breis is dosaen go leith de chiorcláin éagsúla amach ag míniú Acht an Árachais i nGaeilge: an chéad aitheantas riamh don Ghaeilge ón rialtas úd”. In aiste a scríobh garnia leis, Micheál Ó Concheanainn, san iris, The Mantle (Earrach 1967) deir sé gur buaileadh Tomás breoite de bharr taistil agus fliucháin timpeall 1911 nuair a d’éirigh sé as an timireacht. I gCluain Eois a bhí sé ina chónaí ach i nGaillimh a bhí sé ag cur faoi ó dheireadh 1912 amach agus lean sé ar aghaidh ag obair go toildheonach don Chonradh ansiúd agus bhíodh sé i láthair ag Ard-Fheiseanna thar ceann Chraobh Inis Meáin anuas go dtí 1917. Taobh amuigh de shlánú na teanga ba bheag a spéis i gcúrsaí polaitiúla agus b’fhéidir a rá gur ag laghdú a bhí a pháirt in obair an Chonartha de réir mar bhí ag méadú ar pholaitiúlacht na gluaiseachta. Chuaigh sé ar pinsean in 1938. D’éag sé ar 20 Aibreán 1961.

D’aistrigh sé scéilíní le Máire de Buitléar agus dráma le Séamus MacManus agus scríobh sé leabhráin don Chonradh idir 1901 agus 1905 agus leabhair scoile agus leabhair do pháistí idir sin agus 1926. Scríobh Séamus MacManus cuntas inléite in Sinn Féin 5 Bealtaine 1906 ar thuras go hAlbain in éineacht leis. Níl amhras ach gurbh é a spreag go leor de mhórcharachtair na hathbheochana ar nós Pheadair Uí Annracháin, Mhichíl Breathnaigh, Choilm Uí Ghaora agus an tSeabhaic chun luí isteach ar an scríbhneoireacht. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge Tomás Bán (1996) a thiomsaigh an tSiúr Finnín Ní Choncheanainn; an Dr Ciarán Ó Coigligh a chuir in eagar é. Dúirt Colm Ó Gaora faoi: “Níor sheas i mbróig leathair máistir ba mhó a imní dhá chuid fear ná é. Chomharluíodh sé iad i dtaobh a saol agus a sláinte. Fear é a rinne obair na gcapall ar son na teanga”.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú