BEAUMONT, Seán Nelson (1893–1959)

Ag Springvale i mBaile an Róba, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é (John Nelson Beaumont) ar 21 Samhain 1893. Cuntasóir ab ea a athair William a bhí an uair sin ina ghníomhaire talún ag Tiarna Mhaigh Eo. D’éag sé nuair a bhí Seán cúig bliana d’aois. Ba í Helen Mayne a mháthair. Tógadh é ina Phreispitéireach agus cuireadh oideachas air i gColáiste Naomh Aindriú, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste na Tríonóide mar ar bronnadh céim sa Léann Ceilteach air in 1915 agus céim sa Dlí mar aon le scoláireacht sa Mhatamaitic in 1916.

I mí na Samhna 1912 glacadh leis mar bhall de Chumann Gaelach an Choláiste. Faoi 1914 bhí sé ina rúnaí taifeadta ag an gCumann nuair a ghair siad daoine chun cruinnithe in ómós do Thomás Dáibhís ar 17 Samhain 1914. Bhí cuireadh chun labhartha faighte ag W. B. Yeats agus ag Pádraig Mac Piarais. Chuir an Leas-Phropast Mahaffy toirmeasc ar an gcruinniú agus ansin chuir sé an cumann féin faoi chois toisc ‘a man called Pearse’ le bheith ar an ardán. Díbríodh Beaumont as an gColáiste ach ar ball tugadh cead dó filleadh (Gaeilge i gColáiste na Tríonóide Ó Glaisne 1992). Bhí sé sa láthair ag cruinniú san ollscoil in 1922 nuair a athbhunaíodh an Cumann Gaelach.

In 1917 bhí sé ina reachtaire ar Ghasra Bhaile Átha Cliath den Fháinne agus bhí ina rúnaí ag an bhFáinne ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, dar le Cathal Ó Tuathail sa tsraith ‘Gaeil Éireann’ (The Sunday Independent 3 Meitheamh 1934). Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1918. Bhí sé ina bhall an bhliain sin den Officer Training Corps, Coláiste na Tríonóide (Bureau of Military History, Witness Statement 709, Comhad S 1925, Cartlann Náisiúnta na hÉireann). Dar le Risteárd Ó Glaisne in LÁ 19 Feabhra 1985, bhí sé ina bhreitheamh i gCúirteanna Shinn Féin, tharla céim sa dlí a bheith aige. Bhailíodh a dheartháir Willie, a bhí ina bhall d’Fhiúsailéirí Bhaile Atha Cliath sa Chogadh Mór, eolas ó shaighdiúirí Sasanacha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus thugadh do Sheán é le cur ar aghaidh chuig Micheál Ó Coileáin. Le linn an tSosa Cogaidh chuaigh Willie agus Roddy Connolly, mac le James Connolly, chun na Gearmáine d’fhonn armlón a cheannach do Cheanncheathrú an Deiscirt den IRA agus sin i ngan fhios do Mhicheál Ó Coileáin. Dar le fianaise Sheáin Beaumont don Military History Bureau bhí Séamus Robinson (1890–1961) míshásta faoina laghad arm a bhí an ceanncheathrú faoin gCoileánach ag roinnt leo. Chuaigh Seán chun na Gearmáine i mí Mheán Fómhair 1921 d’fhonn leanúint leis na teagmhálacha a bhí déanta ag an gcéad toscaireacht, ar dá mbarr a sheol Charles McGuinness (1893–1947) dhá long agus agus armlón go hÉirinn idir Shamhain 1921 agus Márta 1922. Ón nGearmáin chuaigh Seán chun na Rúise faoin ainm ‘MacNeill’ ach toradh ní raibh ar an gcuairt sin (Emmet O’Connor, ‘Communists, Russia and the IRA, 1920-1923,’ The Historical Journal, 46, 1, 2003). Bhí sé faoi choinneáil i mbeairic Wellington agus i gCampa an Churraigh i rith Mheán Fómhair 1922.

Ó 1917 go 1934 bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus in 1921 ceapadh é ina bhall de choimisiún a bhí curtha ar bun ag an gCoiste Gnó chun scéal na timireachta agus cúrsaí an Chonartha i gcoitinne a iniúchadh. Is de dheasca a raibh d’éadulaingt sa Choiste Gnó i dtaobh cluichí ‘gallda,’ rincí ‘gallda,’ snagcheol etc. agus i dtaobh laigí eile sa Chonradh i rith na dtríochaidí a d’éirigh sé féin agus cuid eile de na baill is ainmniúla as an eagraíocht sin. Tugann Aindrias Ó Cathasaigh cuntas ar thrioblóidí sa Chonradh ag an am sin in Ré nua os comhair na nGael? conspóidí Chonradh na Gaeilge 1932-39 (2009). In 1935 bhí Seán ar na daoine a bhunaigh Cumann Gaedhealach na hÉireann a mhair go dtí lár na ndaichidí. In alt in The Irish Times 4 Samhain 1939, lá tosaigh an Oireachtais athbheoite, tá léiriú le fáil ar an tuiscint áirithe sin a a bhí aige ar an nGaeltacht: ‘Caithfear a thuiscint gurb é fear an bháinín an fear ar fónamh i saol na hÉireann, agus má tá Coiste an Oireachtais ag rith ar a leas tabharfaidh siad tús áite d’fhear na Gaeltachta agus cúl don bhoicín.’

Bhí sé seal ina mhúinteoir, seal eile ag cigireacht agus seal eile fós ina Phríomhfheidhmeannach ag Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath ó 1925 go dtí gur ceapadh é ina léachtóir le Gaeilge agus le Matamaitic i gColáiste na Tríonóide in 1929, post a bhí aige go ceann tríocha bliain. I bhféilire an choláiste 1947-48 luaitear go raibh ceithre léacht matamaitice sa tseachtain trí mheán na Gaeilge á dtabhairt aige. Ar feadh tamaill ghairid de bhlianta ó 1956 amach, in éineacht le David Greene agus Máirtín Ó Cadhain, thugadh sé léachtaí sa chúrsa oíche i Léann na Gaeilge. Chuir an bac ar fhreastal na gCaitliceach ar Choláiste na Trionóide, a bhí i bhfeidhm ó 1944 go 1970 ag an Ardeaspag Mac Uaid, isteach chomh mór sin ar an tinreamh gurbh éigean deireadh a chur leis tar éis beagán blianta.

In 1928 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste an Phiarsaigh ar an Tulaigh i gConamara a raibh Máire Ní Ghuairim agus a deirfiúr Sorcha mar mhúinteoirí ann. Bhí sé freisin ar dhuine de bhunaitheoirí Choiste na bPáistí i 1933 a bunaíodh d’fhonn páistí lucht oibre Bhaile Átha Cliath a chur ag foghlaim na teanga sa Ghaeltacht.

Bhunaigh sé an páipéar seachtainiúil An tÉireannach i 1934 agus bhí ina eagarthóir air. Sa chéad uimhir (2 Meitheamh 1934) cuireadh síos ar aidhm an pháipéir:

Tiubhraidh An tÉireannach tuairisg don Ghaedheal ar imtheachtaí agus ar ghluaiseachtaí in Éirinn. Tiubhraidh sé tuairisg ar chúrsaí an domhain mhóir ó sgaradh muid leis an tír nár léi muid ó thús.... Tiubhraidh An tÉireannach cothrom na Féinne do gach dream polataidheachta agus eile agus ní déanfar aon iarracht ar a lochta ná a ngiomhartha a mholadh ná a cháineadh acht mar tá tuillte acu.

Chuir an páipéar spéis ar leith i saol mhuintir na Gaeltachta. Pléadh rudaí go leor seachas ceist na teanga ann - ábhair shóisialta, eacnamaíochta etc.. Dhíoltaí 2,000 cóip in aghaidh na seachtaine, roinnt mhaith díobh sa Ghaeltacht. Tháinig deireadh le An tÉireannach i 1937. Bhí Seán thíos go mór leis, fiacha troma air nár éirigh leis a ghlanadh go ceann i bhfad. Foilsíodh An tÉireannach 1934-1937: páipéar sóisialach Gaeltachta (1993) le hÉamon Ó Ciosáin.

Ar feadh a shaoil bhí bá aige leis an sóisialachas agus le gluaiseacht an lucht oibre. Níor chaill sé riamh a spéis san iriseoireacht. Anuas go 1957 bhí sé ina eagarthóir Gaeilge go páirtaimseartha in Scéala Éireann. Fuair sé bás i dtaisme bhóthair ar 11 Nollaig 1959 agus tá sé curtha i Reilig Mount Jerome i mBaile Átha Cliath. In 1923 phós sé Máirín Nic Dhaibheach (1894–1972) as Gleann Arma, Co. Aontroma, ar neacht í le hEoin Mac Néill. I gCraobh na gCúig gCúigí den Chonradh a casadh ar a chéile iad. Bhí mac amháin agus beirt iníonacha acu. Tá cuntas ar Mháirín in DIB agus tuairiscítear ann ar a páirt i ngluaiseacht na saoirse ó 1915 ar aghaidh, í ina ball d’Ardchoiste Chumann na mBan. Bhí sí ar ball ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Bhríde i 1917.

(Tá na húdair fíorbhuíoch don Dr Éamon Ó Ciosáin, garmhac le Seán Beaumont, a sholáthair eolas dóibh nach raibh sa chuntas in Beathaisnéis a hAon).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú