‘If she was not exactly the foundress she was the chief mainstay of the Cúig Cúigí branch of the League’, a dúradh in The Leader 23 Bealtaine 1925. Nuair a cailleadh a deartháir dúradh in An Claidheamh Soluis 7 Bealtaine 1915 gurbh í ‘an duine is dúthrachtaí agus is dílse sa Chonradh, b’fhéidir’.

Rugadh Dorothy Vera French ag St Ann’s, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, ar 13 Meitheamh 1882. Dlíodóir a hathair John Alexander French, é ina uachtarán ar Chumann Dlí na hÉireann ar feadh tamaill. Ba de bhunadh Luimnigh an mháthair Elizabeth Mary Stockley ach is i gCanada a rugadh í. Péintéir ba ea í. Beirt mhac agus cúigear iníonacha a bhí sa chlann. Protastúnaigh ba ea iad.

Dúradh in The Leader freisin: ‘Her life for at least two decades was devoted to the Irish language cause. She was one whose upbringing and associations would rather have inclined her to the West British side and that partly explains, perhaps, the great and single-minded energy she put at the service of the Irish language cause when she became convinced that it was right’.

Bhí sí ina rúnaí ag Craobh na gCúig gCúigí ar feadh i bhfad agus nuair a bunaíodh an chomplacht Na hAisteoirí bhí sí ina comhrúnaí acu. Dhéanadh sí obair ar son Fheis Bhaile Átha Cliath, chun Fleá na Leanbh a eagrú go háirithe. Ag Ard-Fheis 1915 fuair sí an cúigiú vóta ab airde i roinn Bhaile Átha Cliath don Choiste Gnó. Fuair sí an vóta ab airde an bhliain dár gcionn, agus arís i 1918. Toghadh í gach bliain anuas go 1924.

Chuartaigh saighdiúirí Breataineacha áras Chraobh na gCúig gCúigí 1920: ‘Thángthas ar maidin le motor agus carr armálta agus cuardaíodh an áit ó chúl fraigh. Briseadh gach aon chófra agus curpad a raibh glas air agus tógadh ábhar páipéirí agus seanchlaíomh pionsála leis an rúnaí, Deora Frinseach, chun siúil’ (Misneach 23 Deireadh Fómhair 1920).

D’iompaigh sí ina Caitliceach tamall sula bhfuair sí bás ar 2 Bealtaine 1925. Bhí an tsláinte go dona aici le tamall. D’fhág sí £200 le huacht ag Conradh na Gaeilge agus a bailiúchán de leabhair Ghaeilge ag Seán Beaumont agus Lil Nic Dhonnchadha agus cead acu iad a thabhairt don Chonradh. Cuireadh í i Reilig Ghráinseach an Déin.

Dúirt Fáinne an Lae 9 Bealtaine 1925 fúithi: ‘Bhí sí ar na hoibrithe ba dílse agus ba dúthrachtaí dá raibh ar lucht cothaithe na teanga’ agus dúirt An tÉireannach, Meitheamh 1925: ‘Má bhí aon duine riamh a chaill a saol agus a sláinte ar son na Gaeilge ba í Deora an duine sin’.

Tuairiscíodh in Scéala Éireann 6 Feabhra 1956 gur osclaíodh an Halla Frinseach ag 19 Plás Éile, Baile Átha Cliath. Luadh go raibh Deora ina ball de Chumann na mBan, go raibh sí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus gur chaith sí tamall i ngéibheann i gCill Mhaighneann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú