Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 25
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ag fágáil beirt Árannach as an áireamh, den 322 Gaillimheach a cuireadh i bpríosún in Frongoch b'as iarthar na Gaillimhe do thriúr díobh: Micheál Ó Droighneáin seo, Pádraig Ó Máille agus Conchubhar Ó Laoghaire a rugadh i Ros an Mhíl (Frongoch: university of revolution, 1987 le Seán O’Mahony) ··· Áiríonn Seán O’Mahony é mar dhuine den seisear ba ghníomhaí i ngnóthaí na teanga in Frongoch ··· Ach mhair an cairdeas a bhí snaidhmthe aige le ceannairí an taoibh eile agus go háirithe le hiarghéibheannaigh Frongoch ar nós Thomáis Uí Dheirg. Bhí sé ina bhall de Mhuintir na Gaeltachta ó thosach agus ina chathaoirleach ar choiste Chonnacht den eagraíocht ó 1955
Tar éis tamaill i bPríosún Risteamain cuireadh go Knutsford é ar feadh sé sheachtain agus ansin go Frongoch ··· Bhí sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge in Frongoch
Bhí a athair agus uncail leis i bpríosún in Wormwood Scrubs, in Wandsworth agus in Frongoch i ndiaidh 1916: tá Owen Hughes, Achadh Ghobhair, agus Charles [Cathal/Cormac] Hughes, Cathair na Mart, liostaithe ag Seán O Mahony in Frongoch: University of Revolution, 1987; toisc a óige a bhí sé is go dtí Barlinnie in Albain a cuireadh a uncail Pádraig
Bhí sé in York, Wormwood Scrubbs agus Frongoch mar a raibh cúram na ranganna Gaeilge air
Is i ngeall ar an mballraíocht sin a díbríodh as Albain é agus a chaith sé tamall i bhFrongoch i rith Chogadh na Saoirse agus tamall eile i bPríosún Mhuinseo i rith an Chogaidh Chathartha
Níor cuireadh cúirt airm air tar éis an Éirí Amach ach imtheorannaíodh é go mí na Nollag 1916 in Frongoch, tuaisceart na Breataine Bige, áit ar tháinig sé chun tosaigh go mór san ‘ollscoil réabhlóide’, mar a thugtar air; chuireadh sé suas do na húdaráis i ngeall ar dhálaí an phríosúin, bhíodh sé i lár díospóireachtaí agus plé faoi straitéisí míleata, agus ghlacadh sé páirt i ranganna Gaeilge, ainneoin nach raibh aon chéim oifigiúil aige
Bhí seisean ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus chaith sé sealanna i bpríosún Wakefield agus Frongoch tar éis Éirí Amach 1916
Shocraigh sé síos i gCill Dalua i 1914, é fostaithe ag an gConradh ar dtús agus faoin gCoiste Gairmoideachais sa deireadh. Gabhadh é tar éis Éirí Amach 1916 agus chaith sé tamall in Frongoch agus Wakefield
Deir Seán O’Mahony in Frongoch: university of revolution, 1987 go mba dhuine de ghéibheannaigh Fhrongoch é
Tar éis an Éirí Amach chaith sé tamaill i ngéibheann i mBeairic Risteamain, i Wandsworth, mar a raibh sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge, agus in Frongoch mar ar chabhraigh sé le Micheál Ó Coileáin chun cimí a earcú i mBráithreachas na Poblachta
Bhí sé féin agus Éamonn, mac William, le chéile in Frongoch
Mar oifigeach coimisiúnaithe sna hÓglaigh bhí sé ar dhuine de cheannasaithe na bpríosúnach i gCampa Frongoch
Chaith sé tamall i ngéibheann i Wakefield agus in Frongoch
Chaith sé tréimhsí gairide de 1916 agus 1917 i ngéibheann in Wakefield, Frongoch, Reading, Corcaigh, Béal Feirste agus Dún Dealgan
Bhí sé sa bhaile ar saoire um Cháisc 1916 ach gabhadh é agus chaith sé tamaill i bpríosún i Woking, Wormwood Scrubbs agus Frongoch
Gabhadh é tar éis an Éirí Amach agus tugadh ó Bheairic Mhíleata Chluain Meala é go Príosún Chorcaí, as sin go Beairic Risteamain agus go príosún Barlinnie in Albain sular aistríodh go Frongoch é
Chaith Gearóid tamaill i bpríosún i Knutsford agus Frongoch
I ndiaidh 1916 cuireadh i bpríosún é i bhFrongoch agus Reading
Gabhadh é agus chaith sé tamall i bpríosún Wakefield sular aistríodh go Frongoch é
I ndiaidh an Éirí Amach chaith sé dhá mhí i bpríosún Wandsworth agus bhí ar dhuine den chúigear a bhí ag múineadh rang Gaeilge ann, agus sé mhí i gcampa Frongoch
Gabhadh é i Luimneach i ndiaidh an Éirí Amach agus chaith sé tamaill i ngéibheann i Luimneach agus i mBeairic Richmond sular cuireadh go Sasana é mar ar chaith se tamaill i Wakefield agus i bhFrongoch
Chaith Séamus téarmaí in Wakefield agus Frongoch
Gabhadh Tomás 3 Bealtaine agus cuireadh go príosún Wakefield i Sasana é ar dtús agus ansin ar 10 Meitheamh go Frongoch
Chaith seisean tamall in Frongoch i 1916 agus níor mhair rófhada ina dhiaidh
Chaith sé tamaill i mBeairic Richmond, i Wandsworth, Woking agus Frongoch agus scaoileadh saor é um Nollaig 1916. Gabhadh é arís i bhFeabhra 1917 toisc gur iniúch sé paráid Óglach i gCathair Saidhbhín