NÍ FHOGHLUDHA, Áine (1880–1932)

Ba í an banfhile Gaeilge í ba mhó ar a raibh aird an phobail roimh 1940. Sa Mhóta, an Rinn, Co. Phort Láirge, a rugadh í ar 10 Samhain 1880 agus Anna Gertrude na hainmneacha a baisteadh uirthi. Micheál Ó Foghludha, máistir scoile na Rinne, a hathair agus ba í Eibhlín de Bron ón Seanphobal, múinteoir sa scoil chéanna, a máthair. Bhí beirt deirfiúracha aici, Eibhlín a bheadh i gceannas na gcailíní i Meánscoil na Rinne ar ball, agus May a fuair bás an-óg in 1895 agus deartháir amháin, Tomás.

I mBaile an Róid, Dún Garbhán, a rugadh Micheál Ó Foghludha in 1846. Chaith sé an tréimhse 1868-1905 i Scoil na Rinne, Maoil an Choirnigh. In 1873, an bhliain a phós sé (25 Feabhra), a thosaigh sé ag múineadh na Gaeilge. Bhuaigh sé Duais an Chliabhraigh i bPort Láirge gach bliain ó 1887 go 1893 don oide scoile ab éifeachtaí sa chontae dá raibh ag múineadh na teanga. Glacadh leis an rún seo ag cruinniú de Chumann Múinteoirí Náisiúnta Dhún Garbhán i mí Iúil 1893, dar le Irisleabhar na Gaedhilge: ‘That we thank the Rev. E.D. Cleaver for the great interest he has taken in the Irish Language, and we also wish our esteemed chairman, Mr. M.J. Foley, Ringville N.S., joy in securing the Cleaver prize in the Irish Language for the County Waterford for the seventh year in succession’. Is dóigh gurb é an t-oide scoile é is mó a mbíodh trácht san Irisleabhar ar a ghníomhartha ar son na teanga. Fuair sé bás Domhnach na Pailme 1905. Tá cuntas ar a shaothar ag Micheál Ó Domhnaill in Coláiste na Rinne: gearr-stair (1988).

Tar éis bunoideachais sa Rinn d'fhreastail Áine (Neans a thugtaí uirthi de ghnáth) ar mheánscoil Chlochar na Trócaire i nDún Garbhán. Ghnóthaigh sí céim B.A. sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Gach samhradh bhíodh sí ag ranganna an Dochtúra de Hindeberg sa Rinn. Ceoltóir maith ba ea í agus chleachtadh sí an phéintéireacht. Bhí poist aici i meánscoil Chlochar na Trócaire i nDún Garbhán agus i mbunscoileanna Mhóin na Mian agus Thigh an Chnoic. Deirtear gur mar gheall ar ró-náisiúnachas sa rang aici i ndiaidh 1916 a briseadh as a post múinteora í. Nuair nár fhéad sí post eile a fháil bhí ar intinn aici dul ar imirce go Meiriceá. Is ag an bpointe sin a chuir Séamus Ó Néill ceiliúr pósta uirthi. Pósadh iad ar 21 Meitheamh 1917 agus chuaigh siad chun cónaithe i gCaiseal. Ní raibh aon chlann acu.

I nDún Garbhán ar 17 Meitheamh 1892 a rugadh Séamus. Ball den Chonstáblacht Ríoga ó Bhrí, Co. Loch Garman, a athair John, agus Ellen Coady ón Tulach, Ceatharlach, a mháthair. Aistríodh an t-athair go Cluain Meala in 1898 agus d'éirigh sé as a phost in 1903. Bhí Séamus ag Scoil na mBráithre Críostaí i gCluain Meala agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Oiliúna De La Salle, an Baile Nua i bPort Láirge. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó 1905 amach agus in 1909 ghlac sé mionn Bhráithreachas na Poblachta. Bhí sé ina cheannaire ar ghasra Chluain Meala d'Fhianna Éireann. Timpeall 1913 fuair sé post ollaimh i gColáiste Charraig an Tobair agus cuireadh i gceannas an IRB i gCaiseal é. Sa bhliain sin freisin a thosaigh sé ag dul ar saoire go dtí an Rinn.

Bhí sé i gceannas Chomplacht Chaisil de na hÓglaigh agus gabhadh é ar 4 Bealtaine 1916. Bhí sé in York, Wormwood Scrubbs agus Frongoch mar a raibh cúram na ranganna Gaeilge air. Chaith sé 1918 i bPríosún Durham. Bhí páirt aige i ngníomhartha na Treas Briogáide den IRA agus nuair a gabhadh arís, é cuireadh i bPríosún Brixton é.

Níor ghlac Séamus aon pháirt sa Chogadh Cathartha. Bhí sé ar dhuine de na chéad fhir a chuaigh isteach sa Gharda Síochána. Tugadh post ceannfoirt dó sa Phríomháras i mBaile Átha Cliath agus freagracht oideachais agus oiliúna air. Bhí baint mhór aige le bunú na gcóras scrúdaithe, le cúrsaí traenála agus le struchtúir na n-arduithe céime. B'fhéidir gur measadh go raibh béim rómhór á cur aige ar an nGaeilge sna gnóthaí sin. Chreid sé gur mar gheall air sin a aistríodh é go dtí Guaire i Loch Garman. Chaith sé tamaill i gCathair Saidhbhín, i dTír Chonaill, sa Daingean agus bhí sé i nGaillimh ó 1937 go ndeachaigh ar pinsean in 1957.

Chaill Séamus a phost i gCarraig an Tobair mar gheall ar 1916 agus ceapadh Seán Ó Curraoin ón Rinn ina ionad. Go dtí go bhfuair sé an post sa Gharda Síochána, bhíodh Áine ag múineadh anseo is ansiúd, go háirithe i gClochair na Toirbhearta i gCaiseal agus i bhFiodh Ard. Chuaigh sí chun cónaithe go Fiodh Ard ar feadh tamaill ó tharla Séamus a bheith i bpríosún. Bhí sí an-ghníomhach i gCumann na mBan sna ceantair sin agus ba mhinic í ag rothaíocht mílte fada sa drochaimsir i mbun teachtaireachtaí do Shean Ó Treasaigh, Séamas Mac Róibín agus a leithéidí. Deirtear go raibh siopa leabhar ar bun aici ar feadh tamaill i gCaiseal. Nuair a bhí Séamus sa Gharda Síochána bhí siad ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, i gCuan Bhaile na Cúirte agus i gCathair Saidhbhín. I gCathair Saidhbhín a d'éag sí ar 14 Aibreán 1932. Ní raibh an tsláinte go maith aici sna 1920idí agus, cé gur den niúmóine a fuair sí bás, meastar go raibh an eitinn uirthi le tamall. Tá sí curtha sa Rinn. Phós Séamus an dara huair agus bhí clann aige. D'éag sé ar 24 Eanáir 1974.

Foilsíodh aon chnuasach dánta Áine, Idir na fleadhanna, in 1922 agus tháinig an dara heagrán amach in 1930. In 1925 foilsíodh Brosna, cnuasach scéalta do leanaí. In 1934 tugadh amach a haistriúcháin ar cheithre mhiondráma an Athar M.H. Gaffney: Díthreabhach an tobair (1934) (The hermit of the well); Breacadh an lae (1934) (The breaking day); Bréag-riocht Apollo agus cúiteamh .i. Dhá dhráma i gcóir na ngasóg (1934) (Apollo’s understudy and retribution); Róis dhearga agus buadhann Críost (1934) (Red roses; Christ conquers).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú