Deartháir é le Risteard Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) . Ba é Risteard (1830-1910), feirmeoir i gCnoc Chonaill Aodha idir Eochaill agus Cill Ia, a athair agus ba í Peg Long a mháthair. Cliamhain isteach ba ea an t-athair. Ar 7 Nollaig 1877 a rugadh Micheál. Is inspéise gur dhuine de shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge in 1883 ba ea ‘John Foley, Monea, Ardmore’. Caithfidh sé gurbh é athair Mhichíl é. Tá soiléiriú ar chúrsaí teanga sa teaghlach i nDaonáirimh 1901 agus 1911. I 1901 bhí an t-athair seachtó bliain d’aois agus bhí Gaeilge agus Béarla aige féin agus a bhean (53), ag a mhac William (25) agus ag a iníon Nora (22). Béarla amháin a bhí ag na hiníonacha Bridget (14), Margaret (12), Catherine (9) agus Abina (5). Faoi 1911 bhí an t-athair marbh agus chuir a bhaintreach síos go raibh siad pósta ar feadh 40 bliain, gur rugadh 13 clainne dóibh agus go raibh 11 díobh beo. Ag William (30!) a bhí an fheirm anois agus bhí Gaeilge aigesean agus ag Timothy (36), ‘traveller for brass mountings’. Ní raibh sí ag Kate (18) [sic] ná ag Gobnait (15). Dhealródh sé nach raibh Gaeilge óna óige ag aon duine den teaghlach a rugadh i ndiaidh 1887.

In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Lasmuigh de mhuintir Dhonnchadha ó Charraig na bhFear, ní dóigh liom go dtug aon líon tí eile sa tír oiread cúnaimh chun neart a chur in athbheochain na Gaeilge agus a thug muintir Uí Fhoghludha ó Chill Ia .... Chínn ceathrar acu le linn na nOireachtas fadó. Bhídís a gceathrar uaireanta mar theachtairí ó Chraobhacha. B’annamh amhlaidh a leithéid. Thall i Manchain a chaith Micheál agus Seán seal dá saol, ach bhídís ag gach Ard-Fheis agus gnó acu ann .... Saothraí iontach sa ghluaiseacht is ea Micheál mar is eol dóibh seo a chaitheann aon tamall in Áth Cliath. Agus ní ró-annamh a chuireann sé a pheann ag obair chun lucht cáinte na Gaeilge a chur ina gcónaí’.

Mhaíodh Micheál gurbh i gCraobh Oisín, Manchain, a d’fhoghlaim sé Gaeilge ach b’fhéidir gur léamh agus scríobh na teanga a bhí i gceist. Bhí sé ina chathaoirleach i 1904 ar fhochoiste a scrúdaigh rúnta i dtaobh an Oireachtais le haghaidh na hArd-Fheise. Deir Donncha Ó Súilleabháin go raibh sé orthu sin a chaith blianta fada ag saothrú ar son na féile (Scéal an Oireachtais, 1984). Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó i 1911 agus arís gach bliain ó 1920 go 1932. Chuireadh sé spéis i ndrámaíocht na Gaeilge: bhí litir aige in An Claidheamh Soluis 10 Bealtaine 1913 ag gearán go raibh an páipéar i bhfabhar na gCluicheoirí, cé gur chomplacht príobháideach é, in áit a bheith ar son na nAisteoirí a bhí bunaithe ag craobhacha Bhaile Átha Cliath. Ag 42 Bóthar na Cabraí a bhí cónaí air an bhliain sin agus bhí Risteard agus bheirt dá ndeirfiúracha ann freisin. Bhí Tadhg Ó Donnchadha pósta ar a dheirfiúr Nóra.

Bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916. Ba é a chuir Micheál Ó Coileáin in aithne don phóilín Éamonn Broy. Tuairiscíodh in Misneach 26 Meitheamh 1920 go raibh sé ina chathaoirleach ar Chomhairleoirí na mBocht i mBaile Átha Cliath. Bhí scéal sa pháipéar céanna 3 Iúil 1920 gur phós sé le deireanas. Máire Smartt ab ainm dá bhean agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. Bhuaigh sé an dara duais ag Oireachtas 1921 ar aiste ar chúrsaí tionscail agus ar fheabhsú shaol an phobail. Bhí sé ar dhuine de bhaill an Coiste 15 a bunaíodh i 1925 chun an Conradh a chur ar a bhoinn arís. Bhí sé ina bhall d’fhochoiste a ceapadh i 1937 chun an tOireachtas a athbhunú agus ina bhall de choiste an Oireachtais i 1939 agus den fhochoiste a bhí ag plé leis na cumainn Ghaelacha éagsúla. Bhí sé ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh ar feadh breis agus daichead bliain. D’éag sé ar 17 Meitheamh 1961. Tá sé curtha i nGlas Naíon. Tá aiste ina thaobh in Feasta, Iúil 1961.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú