I gCraig an Rí, i gConga, Co. Mhaigh Eo, ar 26 Bealtaine 1887 a rugadh an múinteoir taistil seo nuair ba Ghaeltacht an ceantar sin. Peter Waldron, feirmeoir, agus Brigid Hopkins a thuismitheoirí. Cuireadh meánoideachas air i gColáiste Iarlatha, Tuaim. Tar éis dó ceangail le Conradh na Gaeilge thosaigh sé ag múineadh anseo is ansiúd i dtrí cinn de na cúigí. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an choláiste Gaeilge i dTamhain 1909 agus ba é an chéad phríomhoide é. De Valera a tháinig ina dhiaidh. I 1912 bhí sé ag múineadh i gColáiste Bhríde in Ó Méith. Cheangail sé leis na hÓglaigh agus is in iarthar an Chláir a bhí sé ag timireacht don Chonradh anuas go 1916. Is thar ceann Choiste Ceantair Inis Díomáin a bhí sé i láthair ag Ard-Fheis 1915.

Bhí sé ina aidiúnach i mBriogáid Lár an Chláir agus um Cháisc 1916 bhí sé faoi arm in Inis Díomáin ag fanacht ar orduithe. Gabhadh é agus chaith sé tamall i bpríosún Wakefield sular aistríodh go Frongoch é. Scaoileadh amach é Márta 1917 agus bhí sé ag timireacht i gContae Mhaigh Eo nuair a dúirt an Conradh leis dul ar ais go dtí an Clár chun cabhrú leis an mbailiúchán náisiúnta. Ní ligfeadh na húdaráis dó bheith ansin. D’ordaigh siad dó cur faoi i gContae Phort Láirge. ‘The children of the police were attending the Irish classes taught by Éamonn. Now the police have fittingly rewarded Éamonn for his efforts to enlighten their offspring. The Gaelic League collection in the town totals double last year’s figures’ (An Claidheamh Soluis 28 Aibreán 1917).

Chabhraigh sé le reáchtáil Oireachtas 1917 i bPort Láirge. Faoi Dheireadh Fómhair na bliana sin bhí sé ar ais sa Chlár mar fhothimire. Ach arís gabhadh é, mar gheall ar an ‘gcomhcheilg Ghearmáineach’ i mBealtaine 1918, agus chaith sé bliain nach mór i bpríosún i mBirmingham. Mar gheall ar dhrochshláinte a scaoileadh amach é. Fuair sé post múinteora i gColáiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir, ach um Nollaig 1920 gabhadh arís é agus chaith sé tréimhse i bPríosún Luimnigh.

Phós sé Harriet Gibson in Inis 1932. Ó 1929 amach is gColáiste Éinne agus i gColáiste Iognáid i nGaillimh a bhí sé ag múineadh. Sa chathair sin bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Shamhraidh an Ardeaspaig Mhic Héil, Scoil Fhursa, agus Áras na nGael. D’éirigh sé as obair 1959 agus d’éag 6 Aibreán 1966.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú