Is fearr a aithneofar faoina ainm sinsireachta é: Johnny Shéimisín. Ó Shéamas Ó Domhnaill a scríobh ‘An chéad Mháirt den Fhómhar’ a shíolraigh sé. Saolaíodh an seanchaí cáiliúil seo i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, ar 1 Feabhra 1863. Cé is moite de obair shéasúrach in Albain i rith 40 bliain is i Rann na Feirste a chaith sé a shaol ar fad. Óna athair agus a mháthair a chloiseadh sé bunáite a scéalta ach bhíodh sé ag éisteacht freisin le Niall Ó Baoill, an scéalaí ab fhearr dár chuala sé riamh, dar leis féin. Bhí Johnny Shéimisín ina sheanchaí ag Coláiste Phádraig, Béal Feirste, i 1924–5 agus ag Coláiste Bhríde, Rann na Feirste, ó 1926 go 1941. Fuair an mac ab óige aige, Niall Johnny, bás ar 13 Deireadh Fómhair 1995. Rugadh é in 1907. D’aistrigh sé Muintir Chois Locha, 1934, Mac-Ghníomhartha Fhinn Uí Dhomhnaill, 1934, Eadar Muir is Tír, 1935, Croí na Cruinne, 1937, Caisleán na Smachta, 1937.Tá cuntas air ag Vincie Shíle (Uinsionn Ó Domhnaill) in Donegal Democrat 2 Samhain 1995.

Ba é Johnny Shéimisín a thug don Athair Lorcán Ó Muireadhaigh an giodán talaimh ar ar tógadh Coláiste Bhríde. Chuir Niall Ó Domhnaill eagar ar scór scéal dá chuid in Scéalta Johnny Shéimisín a d’fhoilsigh Comhaltas Uladh i 1948. Ar éigean a bhí cló curtha ar an leabhar nuair a d’éag an scéalaí ar 20 Eanáir 1948. I léirmheas in Inniu, 13 Lúnasa 1948, dúradh: ‘Is breá amach an Ghaeilg a bhí aige—simplí gan truailliú ach saibhear nuair a bhí gá leis agus go minic chomh snasta le rud ar bith a léifeá ag na seanscríobhnóirí’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú