Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 15
Ar 26 Meán Fómhair 1940 bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na hAiséirí, in oifig gnó Uí Chuinneagáin agus Cooke; toghadh é d’aon ghuth mar uachtarán ··· Mhair cuid acu le chéile in aon árasán beag amháin tráth agus bhíodar ag dul d’obair Chraobh na hAiséirí go lánaimseartha, nach mór’ (Mac Aonghusa); ba iad an Cuinneagánach féin, Ó Liatháin, Ó hUiginn, Éamonn Mac Murchú agus Mac an Bheatha na baill sin: is é a bhí gceist go dtabharfadh gach duine iomlán a thuarastail mar mhalairt ar lóistín agus béilí; prátaí bruite amháin a bhíodh acu dá ndinnéir ··· ‘Tharla nár íoc Craobh na hAiséirí táille cleamhnachta leis an Ard-Oifig sa bhliain 1942
In Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’) déanann Dorothy Ní Uigín suimiú ar na heachtraí tábhachtacha ina shaol ··· Chaith sé saoire in Inis Meáin bliain eile. Bliain chinniúnach ina shaol ba ea 1940, an bhliain a bunaíodh Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge 26 Meán Fómhair
Bhí sí ina ball de Chraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge ar feadh an tamaill ghairid eile a mhair an chraobh sin
Chuaigh sé isteach i gCraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge agus bhíodh ag scaipeadh a gcuid foilseachán
I 1942 freisin chuir Gearóid Ó Cuinneagáin[q.v.] a ainm suas mar cheannaire ar Chraobh na hAiséirí nuair a bhí sé i gceist an chraobh sin de Chonradh na Gaeilge a athbhunú mar eagraíocht neamhspleách; ní raibh glacadh ag na baill leis an gceapachán sin toisc nach raibh aon aithne acu air agus toisc gur shíl siad go mbeadh sé níos praiticiúla fear i mBaile Átha Cliath a cheapadh; ba é Proinsias Mac an Bheatha[q.v.] a thogh na baill agus is ar an gcuma sin a bunaíodh Glúin na Buaidhe
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sé ar dhuine den scór díograiseoir teanga a bhunaigh Craobh na hAiséirí i 1940
Timpeall an ama chéanna chuaigh sé isteach i gCraobh na hAiséirí
Bhí sé ar dhuine den scór nó mar sin a bhí sa láthair nuair a bunaíodh Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge i 1941 (Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 : stair sheanchais, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa)
Bhí sé tamall ag obair mar shaoririseoir agus ansin tamall ag obair do Chraobh na hAiséirí, Conradh na Gaeilge, a bhí bunaithe ag Gearóid Ó Cuinneagáin [q.v.]; ceann dá dhualgais eagarthóireacht a dhéanamh ar an mbliainiris Aiséirí
Bhí sé sa láthair i 1940 ag bunú Chraobh na hAiséirí agus ceapadh é ar chomhairle na craoibhe an bhliain dár gcionn; chaith sé tamall ag obair go lánaimseartha don chraobh
Bhí baint aige le Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge agus le Glúin na Buaidhe ó bunaíodh iad 1940-42
Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i gCluain Meala, le Feis Cheapach Chuinn, leis an bhféile drámaíochta san áit sin agus le Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge
Agus chaithfí an tréimhse 1938-43 a áireamh mar ardphointe dóchais agus mórghníomhaíochta i stair na hathbheochana: forbairt an Chomhchaidrimh, athréimniú an Oireachtais, bunú Chraobh na hAiséirí (Conradh na Gaeilge), Ghlún na Buaidhe, Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, borradh nua sa scríbhneoireacht...
Bhí borradh nua ag teacht faoi ghluaiseacht na teanga faoin am ar aistríodh é go Baile Átha Cliath: an tOireachtas athbhunaithe i 1939, Craobh na hAiséirí den Chonradh, bunú Ghlúin na Bua agus Inniu, bunú Comhar...
Fuair sé post státseirbhíse sa Roinn Poist agus Telegrafa; deirtear san Irish Independent gur chaith sé tréimhse freisin sa Roinn Cosanta agus is dóigh gur tagairt é sin don tréimhse de 1943-44 a chaith sé ag obair i mBeairic Uí Choileáin i gCorcaigh. Bhí Pádraig ina bhall gníomhach de Chraobh na hAiséirí roimh dheireadh 1941 agus ar dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe i 1942; i 1943 ba iad Mac an Bheatha, Monica Ní Mhurchú (a phósfadh Mac an Bheatha an bhliain dár gcionn) agus Pádraig Ó Drisceoil baill na hArdChomhairle agus chaith sé suas a phost státseirbhíse i 1944 chun an eagraíocht sin a fhorbairt, ó thaobh na hóg-ghluaiseachta go háirithe