Gheofar eolas ar an bhfile Gaeilge is Béarla seo in: The white page/An bhileog bhán: twentieth-century women poets (1999), in eagar ag Joan McBreen; ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995); in alt le Risteárd Ó Glaisne in An tUltach, Deireadh Fómhair, 1991; agus in agallamh a rinne sí le le Siobhán Ní Fhoghlú in Comhar, Meán Fómhair 1991. I nGleann Searúill, Ardach, Co. Luimnigh, a rugadh í ar 28 Feabhra 1923. Múinteoirí i scoil náisiúnta Charraig Chiarraí, Co. Luimnigh, ba ea a tuismitheoirí, Seán Ó Conaill agus Caitlín Ní Líonáin. Ar scoil ansiúd a bhí sí agus chaith sí bliain ag freastal ar an gclochar sa Chaisleán Nua. Ansin chaith sí bliain i mBaile an Sceilg, Co. Chiarraí. As sin chuaigh sí go Scoil Mhuire, Inis, Co. an Chláir. Chaith sí tamall gairid i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach sula bhfuair sí post sa státseirbhís i mBaile Átha Cliath in 1942. Bhí sí ina ball de Chraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge ar feadh an tamaill ghairid eile a mhair an chraobh sin. Thosaigh sí ag foilsiú dánta in An Glór, páipéar an Chonartha, agus foilsíodh dánta léi in Comhar 1943-44 faoin ainm Eithne Ní Chonaill. Bhí sí tamall ag freastal ar Choláiste na Tríonóide agus í ag obair ag an am céanna agus is ann a casadh uirthi Rupert Strong (1911-84), col ceathrair le L. A. G. Strong; file agus sícainilísí ba ea an Sasanach Protastúnach seo ar foilsíodh cúig leabhar filíochta leis. Theastaigh uathu pósadh ach bhí a muintir glan ina choinne. ‘Thógadar abhaile go Luimneach mé; d’éalaigh mé ar mo rothar. D’éirigh liom mo shlí a dhéanamh ar ais go Baile Átha Cliath ach ní fhéadfainn dul ar ais go dtí an státseirbhís ná go dtí Coláiste na Tríonóide. Chuaigh mé i bhfolach uathu. Phósamar agus rugadh leanbh dúinn. B’uafásach an rud domsa a bheith in aighneas le mo thuismitheoirí ach caitheann gach duine a shlí féin a threabhadh. Nuair a fuaireadar amach, cheap mo mháthair go rabhas damanta in ifreann. Mhair an deighilt sé nó seacht de bhlianta. Ansin tháinig col ceathrair liom abhaile ó Mheiriceá—Íosánach ba ea é—agus thug sé ar dhearcadh eile iad’ (Comhar). In 1943 a phós siad; naonúr a rugadh dóibh. D’éirigh léi filleadh ar Choláiste na Tríonóide in 1969 agus bhain sí céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Ó 1975 go 1988 bhí sí fostaithe mar mhúinteoir teangacha i scoil den dara leibhéal agus bhí ag cleachtadh na saoririseoireachta.

Deir sí san agallamh sin in Comhar gur mheas a fear céile go raibh an Ghaeilge ag teacht idir é agus na páistí. Is filíocht Bhéarla dá cuid is mó a d’fhoilsigh an Runa Press, comhlacht a bhí bunaithe aici féin agus Rupert agus daoine eile. Bhí sé mar aidhm acu an fhilíocht a chur os comhair an ghnáthphobail agus go scaipfidís ‘an saothar sin ó dhoras go doras’. D’fhoilsigh siad: Poetry Quartos (1943-45); Songs of living (1961) (Pádraig Colum a scríobh an réamhrá); Sarah, in passing (1974). Is dóigh gur chabhraigh an tamall ollscolaíochta léi chun filleadh ar an nGaeilge agus d’fhoilsigh Coiscéim na cnuasaigh seo: Cirt oibre (1980); Fuil agus fallaí (1983); Aoife faoi ghlas (1990); An Sagart Pinc (1990), Nobel (1998). Foilsíodh bailiúcháin eile léi i mBéarla: Flesh—the greatest sin (1980); My darling neighbour (1985); Let live (1990); agus Spatial nosings: new and selected poems (1993). Foilsíodh úrscéal Béarla léi, The love riddle (1993) agus cnuasach gearrscéalta, Patterns (1981). Deir Ó Cearnaigh: ‘Tá a saothar le fáil san iliomad díolaimí agus foilseachán—gach rud ó Aquarius 12 faoi eagarthóireacht Eddie Lindon i Londain go dtí an North Dakota Quarterly. Tugadh cuireadh di dán a sholáthar don lámhscríbhinn “Leabhar Mór Chlais an Ghainimh”.’ Aistríodh roinnt dá dánta go Fraincis, Iodáilis agus Gearmáinis. Bhí sí ina ball d’Aosdána. Roghnaigh Gearóid Denvir dán léi in Duanaire an chéid (2000) agus tá ceithre dhán léi i gcló in Fearann Pinn: filíocht 1900-1999 (2000), in eagar ag Greagóir Ó Dúill. Deir Siobhán Ní Fhoghlú san agallamh úd: ‘Ba cheannródaí tusa, a Eithne, mar bhanscríbhneoir. Ba tú an chéad bhean in Éirinn a labhair amach i dtaobh fadhbhanna na mná ar mhian léi clann a thógáil agus, ag an am céanna, slí a dhéanamh dá forbairt féin mar scríbhneoir.’ D’éag sí 24 Lúnasa 1999 agus tar éis seirbhís sochraide in Eaglais Pharóiste Bhaile na Manach, Dún Laoghaire, cuireadh í i gCeallúrach, Co. Chill Mhantáin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú