Ar feadh seacht mbliana déag bhíodh colún laethúil ag Roddy the Rover in Scéala Éireann. Bhí cáil air i measc na ngnáthléitheoirí agus go háirithe i measc an aosa óig. Bhíodh idir ghreann agus stair, idir litríocht agus dinnseanchas sa cholún éachtach seo agus chabhraigh sé go mór chun dúil sa léitheoireacht agus suim sa léann dúchais a chothú. ‘A national figure and the daily delight of many readers’, a thug léirmheastóir ar an gcolúnaí, Aodh de Blacam.

B’as an Iúr, Co. an Dúin, dá athair William George Blackham. Poitigéir a a bhí ann. Phós sé Sasanach, Elizabeth Evison Saunders. Rugadh Aodh (Hugh Saunders Blackham) i Londain ar 16 Nollaig 1891. Le linn a óige thagadh sé go dtí a ghaolta san Iúr ar cuairt. Thaitin saol na hÉireann go mór leis. Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i gConradh na Gaeilge i Londain. Thall freisin a casadh air Máire Nic Cearbhaill as Teach na dTrí Mhíle i gContae Mhuineacháin. D’fhill siad ar Éirinn i ndiaidh a bpósta. Timpeall an ama seo a d’iompaigh Aodh ina Chaitliceach. Fuair sé post san Enniscorthy Echo i 1915. Tharraing sé chuige ‘Aodh de Blacam’ mar ainm cleite ach tar éis tamaill chloígh sé leis ar fad.

I 1917 foilsíodh Dornán Dán, cnuasach d’aistriúcháin agus de bhundánta. Bhí sé gníomhach i Sinn Féin agus scríobhadh fógraíocht dóibh. I 1919 foilsíodh Towards the Republic. Imtheorannaíodh é ar feadh tamaill i 1922. I 1929 foilsíodh a mhórshaothar Gaelic literature surveyed. Cuireadh eagrán nua ar fáil i 1974, é tugtha suas chun dáta ag Eoghan Ó hAnluain. Dúirt seisean ina réamhrá: ‘After almost fifty years the work of Aodh de Blacam remains the best introduction to Irish literature’.

I measc na leabhar eile a scríobh sé tá The Black North (1938), Gentle Ireland (1930) agus A first book of Irish literature (1934); The ship that sailed too soon and other stories, 1919; Holy Romans: a young Irishman’s story, 1920; The druid’s cave, 1920; Songs and satires, 1920; What Sinn Féin stands for, 1921; From a Gaelic outpost, 1921; The story of Colmcille, c.1929; The flying cromlech, 1930; The lady of the cromlech, [1930]; Roddy the Rover and his Aunt Louisa, 1933; Old wine: verses from the Irish, Spanish and Latin done chiefly in Irish metres, [1934]; The life story of Wolfe Tone set in a picture of his time, 1935; For God and Spain: the truth about the Spanish War, 1936; Saint Patrick, Apostle of Ireland, 1941; The saints of Ireland. The life-stories of SS. Brigid and Columcille, 1942; Golden priest: a three-act drama on the martyrdom of Blessed Oliver Plunkett, 1943; O’Kelly’s Kingdom, 1943; Dhá rioghacht (Two kingdoms), dráma aon-mhire, 1944 (an tAthair Seosamh Ua Maoláin do chuir i nGaeilge); Ambassador of Christ: a three-act drama of Saint Patrick, 1945; St. John of God (1495-1550) [?1950]. Chuir sé réamhráite le Sinn Féin and socialism, c.1920 le Selina Sigerson, agus le The bard of Clanrye, 1932 lena fhear gaoil Henry Hamilton Blackham. I rith a shaoil iriseoireachta scríobh sé eagarfhocail in The Irish Times, bhí sé ina léirmheastóir litríochta, ina eagarthóir tamall ar Commonweal agus ar an Standard agus ó 1931 go 1948 ba é Roddy the Rover in Scéala Éireann é.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Fhianna Fáil ach i 1947 cheangail sé le Clann na Poblachta. Bhí sé ina iarrthóir acusan i gContae Lú in olltoghchán 1948. Níor toghadh é. Ceapadh é ina bhall den Choimisiún chun moltaí i dtaobh imirce a dhéanamh (1948–54) agus i 1949 ceapadh ina Stiúrthóir Poiblíochta sa Roinn Sláinte é. Cailleadh é ar 13 Eanáir 1951. Dúirt M. J. McManus faoi: ‘Of the men and women with whom I have had an intimate acquaintance none had such a varied or striking array of talents as Aodh de Blacam. He was historian, novelist, playwright and poet.... As a journalist he was the most versatile I have ever known and the most industrious. Only the most fluent of pens could have achieved his output which at times was breath-taking’ (Scéala Éireann, 15 Eanáir 1951).

Dúirt sé féin le Muiris Ó Droighneáin (Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge): ‘Má tá cor láimhe déanta agam ar son na Gaeilge is mar “Literary Critic” agus mar “Phopular Journalist” a rinneas é’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú