Saineolaí ar fhilíocht na mbard ba ea an scoláire Froinsiasach seo. Tá cuntas air in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh 5 Márta 1992. Tá a scríbhinní liostaithe in Dún Mhuire, Killiney, 1945-95: Léann agus Seanchas, 1995 in eagar ag Benignus Millett agus Anthony Lynch; le filí na scoileanna is mó a bhaineann an chuid dá shaothar atá liostaithe freisin ag Rolf Baumgarten in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942-71, 1986 ach de bhreis air sin tá ag Millett agus Lynch na hailt iomadúla in New Catholic Encyclopaedia agus Bibliotheca Sanctorum, a mbaineann an chuid is mó díobh le naoimh agus le mainistreacha. Ar Bhóthar Dunblin san Ómaigh, Co. Thír Eoghain, a rugadh é ar 17 Eanáir 1917. Joseph Andrew a ainmneacha baiste agus ba iad Joseph McGrath, meicneoir gluaisteáin, agus Catherine Gallen a thuismitheoirí. Cuireadh oideachas air san Ómaigh agus i gColáiste Choilm i nDoire. Chuaigh sé isteach sna Froinsiasaigh i gCill Airne ar 7 Meán Fómhair 1933 agus roghnaigh sé Cuthbert mar ainm crábhaidh. Ghnóthaigh sé céim sa Léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. I 1938 cuireadh chun na Róimhe é, mar a ndearna sé staidéar ar an diagacht i gColáiste San Isadóir. Oirníodh é ar 6 Iúil 1941. D’fhill sé ar Éirinn an bhliain dár gcionn agus cuireadh go teach an oird i Muilte Farannáin é. Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Ph.D. air i 1946. Bhí sé i gclochar Dhún Mhuire, Cill Iníon Léinín, 1946-51 agus ar feadh 1951-57 bhí sé sa teach ar Ché na gCeannaithe i mBaile Átha Cliath.

Bhí an aiste ‘Meon Froinsiasach an Phiarsaigh’ i gcló aige in Franciscan College Annual 1945/46 agus bhí ‘Ó Dálaigh Fionn cct’ aige in Éigse, geimhreadh 1946. Ó 1948 amach bhí sé ag obair i Scoil an Léinn Cheiltigh mar Scoláire agus ó 1951 go 1964 bhí sé ina Ollamh Cúnta ann. D’fhoilsigh an Scoil a shaothar tábhachtach Dán na mBráthar Mionúr, 1967-80 sa tsraith leabhar Scríbhinní Gaeilge na mBráthar Mionúr. Sa chéad imleabhar tá ‘dánta a chum bráithre bochta d’Ord S. Froinsias; dánta a cumadh fúthu, idir aortha agus duanta molta; dánta faoina mainistreacha agus faoina gcúrsaí; agus dánta faoi naoimh an oird’, 118 ar fad. Sa dara himleabhar tá aistriúcháin ar na dánta sin, chomh maith le nótaí ar na dánta agus ar na filí. Is mar seo a scríobh Brian Ó Cuív i leabhar Millett agus Lynch faoin deacracht a bhain lena chur i gcló: ‘Trí bliana roimis sin [1964] do scoir an tAthair Cuthbert den Ollúnacht a bhí aige i Scoil an Léinn Cheiltigh sara raibh an tarna cuid . . . críochnaithe aige, agus ina dhia’ san, nuair a chuaigh sé ag obair sa Bhreatain Bhig agus sa Ghearmáin, tháinig stad in obair na bprofaí a cheartú. Is é an tAthairPádraig Ó Súilleabháin, a bhí ceaptha mar chomharba ar an Athair Cuthbert san Ollúnacht, a tháinig i gcabhair orainn i dtráth na héigne, agus ins na blianta sara bhfuair sé bás d’oibrigh sé go dúthrachtach chun saothar an Athar Cuthbert a thabhairt chun críche. Faríor! do cailleadh é sa bhliain 1975 agus d’imigh cúig bliana eile sarar foilsíodh an leabhar deireanach i sraith na Scríbhinní.’

Bhí sé ag léachtóireacht in Aberystwyth sa Bhreatain Bheag ó 1964 go 1972. Buaileadh go dona tinn é agus chuaigh sé go dtí an Ghearmáin. Bhí sé ag múineadh in Ollscoil Friedrich Wilhelm, Bonn, anuas go 1976. Le cead an Phápa d’éirigh sé as an ord agus as bheith ina shagart sa bhliain sin. Bhí cónaí air in Oldendorf sa Ghearmáin anuas go 1986 nuair d’fhill sé ar Éirinn. Bhí sé ag cur faoi i nDún Búinne, Co. na Mí. D’éag sé i dteach banaltrais an ‘Dargle Valley’, Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin, ar 11 Nollaig 1990 agus tá sé curtha i gceapach na bhFroinsiasach i reilig Sheanghánach, Co. Bhaile Átha Cliath. Níor luadh an t-ainm Cuthbert ná na Froinsiasaigh sa bhfógra báis. Ní léir gur foilsíodh cuntas iarbháis in aon cheann de na hirisí léannta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú