Ba í a aoir ‘Doicheall’, faoin teideal ‘An Extempore Satire’ agus é in eagar ag Gearóid Ó Murchadha, an chéad mhír dár foilsíodh san iris fadsaolach Éigse in earrach 1939. Tá sé i gcló arís ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967, in éineacht le marbhna a scríobh sé ar Aodh Mac Diarmuda, an tSrúibh, Co. Shligigh agus le dán eile a leagtar air, ‘Deabhaidh i leacain mhná’. Tá ‘Doicheall’ i gcló in Nua-Dhuanaire I, 1986. Seo é fáth na haoire: ‘Ag seo mar a dúirt dís bráthair do ráinig chun tí fir de mhuintir Dhorchaí ag iarraidh caomhnadh air in aimsir pianbhrú na hEaglaise, ach do rinne doicheall rompu agus do dhíbir uaidh iad.’

Tá beagán eolais air: ag Cainneach Ó Maonaigh in Éigse, samhradh 1939 agus ag Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980. Gearailt a ainm baiste agus ghlac sé le hAntaine mar ainm crábhaidh nuair a chuaigh sé isteach san Ord Froinsiasach i 1683; thuairimítí tamall go raibh beirt fhilí den sloinne céanna sna Froinsiasaigh. Chum sé an aoir tuairim 1703 agus tá fianaise i lámhscríbhinn san Acadamh Ríoga go n-úsaideadh sé an t-ainm John Foster toisc na bpéindlithe. Bhí sé ina ghairdian ar choinbhint Bhaile an Mhóta in 1703–05 agus ar choinbhint Dhrom Dhá Thiar i 1705–8 agus arís i 1711. Tá i gcló ag Mhág Craith tagairtí suimiúla as teistiochtaí a tógadh 1712–14 go bhfacthas é anseo is ansiúd i Sligeach agus i Liatroim ag feidhmiú mar shagart. Faoi 5 Meán Fómhair 1733 bhí caoga bliain caite aige san ord. Idir Iúil 1739 agus Bealtaine 1741 a cailleadh é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú