Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 8
Tá aiste ag Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] [q.v.] faoi in An Gaedheal 27 Deireadh Fómhair 1934 agus deir sé go raibh baint aige leis na Fíníní sula raibh dhá bhliain déag d’aois aige ··· Bhí Sceilg pósta ar dhuine dá dheirfiúracha agus in éineacht leis an gcur síos aigesean in An Gaedheal bhí rud a scríobh Pádraig Ó Duinnín[q.v.]: ‘Tá an seanlaoch, oidhre ceart ar sheanmhaithe na nGael, imithe uainn, fear an chroí mhóir agus an tsuilt agus an chomhrá bhinn bhlasta, fear na féile is na maitheasa, fear nár dhís lámh iata riamh dó chun an té bhí in easpa cabhrach’
I mBaile Mhic Andáin a deirtear a rugadh a athairsean, James, agus is inspéise go ndúradh in An Gaedheal, Deireadh Fómhair 1937, faoi dheartháir Éamoinn, Pilib: ‘Through family relationships [he] had long and enduring connections with Kilkenny and Waterford’ ··· Thug sé eolas ina thaobh féin in An Gaedheal, Samhain 1936 et seq.
Tá sé curtha san Uaimh. Bhí aistí i gcló aige ó 1924 ar aghaidh in Irisleabhar Mhaigh Nuad, Éigse, Bonaventura, An Camán, An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Guth na nGaedheal, An Gaedheal...
Ceapadh ina mhúinteoir é i Scoil Naomh Aloysius i Newcastle-upon-Tyne agus is ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol oibre. Bhí tuairiscí in An Gael i dtaobh an Chonartha i Newcastle-upon-Tyne: ar 19 Meán Fómhair 1934 go rabhthas tar éis Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin a athbhunú; ar 1 Nollaig na bliana sin go raibh Tomás ceaptha ina rúnaí air; in Aibreán 1936 gur bronnadh comhartha measa air
Tá cuntas air in An Gael 1 Meitheamh 1935
I gCill Chainnigh bhunaigh sé craobh den Réalt. Pearsa chonspóideach ba ea é maidir le heagrú feiseanna agus rincí Gaelacha. In An Gael 4 Bealtaine 1935 thug sé fogha faoi pholasaithe Chonradh na Gaeilge i leith na múinteoirí rince, cé go raibh sé ina uachtarán ar Chraobh an Athar Maitiú agus ar Fheis an Athar Maitiú ag an am
Sa Chomhairle a bhí sé go ndeachaigh sé amach ar pinsean. Bhí sé ina bhainisteoir agus tamaill ina eagarthóir ar An Gaedheal idir 1931 agus 1934 agus ar An Camán ó 1934 go 1936, irisí a tháinig in áit An Claidheamh Soluis ach a bhí faoi chomhchúram Chumann Lúthchleas Gael agus Chonradh na Gaeilge
Bhíodh ailt aige in An Gaedheal, An Camán, An Glór