I mBaile an Chollaigh, Corcaigh, a rugadh é ar 26 Meitheamh 1892. Ba iad a thuismitheoirí James O’Shea agus Elizabeth O’Neill. Taistealaí tráchtála ba ea James. Múinteoir náisiúnta a mháthair agus b’as Baile Átha Cliath di. Níor éirigh léi Gaeilge a fhoghlaim, fiú ag an gcúrsa ab éigean di freastal air i dtús an tSaorstáit agus í sna seascaidí. Tá beagán dá chuimhní i gcló in Capuchin Annual 1943 agus deir sé iontu gur mhúinteoir i mBéal Átha an Cheasaigh, Co. Chorcaí, ba ea a sheanathair agus gur chainteoir foirfe Gaeilge é ach nár thug puinn den teanga dá chlann.

Fuair sé bunoideachas i mBaile an Chollaigh mar a raibh Séamus Ó Longaigh mar oide aige. Bhí sé ina dhiaidh sin sa Mhainistir Thuaidh agus i gColáiste Bhaile an Róistigh. Chaith sé na blianta 1911-15 i gColáiste Ollscoile Chorcaí (BA i 1914 agus MA i 1915). Chuaigh sé isteach sna Caipisínigh ar 4 Deireadh Fómhair 1909 agus oirníodh é ar 3 Bealtaine 1918. Bhí sé ag múineadh i mBaile an Róistigh ó 1920 go 1925 agus bhí ina uachtarán ar Halla an Athar Maitiú, Corcaigh, ó 1925 go 1934. Bhunaigh sé Feis Mhaitiú i 1927 agus ba é a thug Arnold Bax isteach mar mholtóir. Bhunaigh sé Cumann Drámaíochta na Scol i gCorcaigh. Deir Donncha Ó Súilleabháin in An Cumann Scoildrámaíochta 1934-1984, 1986 go raibh sé ina Uachtarán ar an gCumann ó 1934 go 1938. Tuairim an ama chéanna bhí sé ina chathaoirleach ar Chlann na hÉireann. Thug sé turas ar Mheiriceá i 1937 agus bhí i gCorcaigh arís ar feadh 1937-43. I gCill Chainnigh bhunaigh sé craobh den Réalt.

Pearsa chonspóideach ba ea é maidir le heagrú feiseanna agus rincí Gaelacha.

In An Gael 4 Bealtaine 1935 thug sé fogha faoi pholasaithe Chonradh na Gaeilge i leith na múinteoirí rince, cé go raibh sé ina uachtarán ar Chraobh an Athar Maitiú agus ar Fheis an Athar Maitiú ag an am. In Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 deir Aindrias Ó Muimhneacháin gur shochraigh Mac Giolla Bhríde nach rachadh sé ar aghaidh mar uachtarán ar an gConradh i 1933 ‘toisc é bheith ar mhalairt tuairime le formhór an Choiste Gnótha an uair úd i dtaobh Feiseanna áirithe, dála Fheis an Athar Maitiú i mBaile Átha Cliath, a bhíodh á dtionól ar neamhchead do Chonradh na Gaeilge.’ (Ba iad Cú Uladh [Peadar Mac Fhionnlaoich], a bhí an uair úd ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge, agus an tAthair Micheál, OFM Cap., Uachtarán Fheis Mhaitiú, na príomhagóidithe san iomarbhá úd). Ba é an tAthair Micheál a chuidigh le rún Chormaic Bhreathnaigh ag Ard-Fheis 1928 go dtoghfaí Mac Giolla Bhríde ina uachtarán. Ar ócáid iubhaile órga an Chonartha thug sé an t-ardmholadh seo don eagraíocht: ‘For my part life would never have been so exciting if the Gaelic League had not come. It has opened up my mind and has opened up the Irish world to me so that I stand in the hall of Gaelic where word calls to word and voice to voice in accents that know no whining. My first sermon was in Irish and my first triduum was in Irish and I am at home with the Irish mind everywhere’ (Capuchin Annual 1943). Scríobh sé na leabhráin Faire i dteannta Chríost, 1951 agus Uair naofa i nGaeilge. Bhíodh corr-aiste agus léirmheas aige in An Muimhneach, Bonaventura, Irish Digest, Comhar, Feasta, agus in Father Mathew Record. Léiríodh a dhráma Éanda Oirghialla i 1928 agus arís i 1929. Roghnaigh Séamas Ó Céileachair cúpla dán dá dhéantús le cur in Nuafhilí (1942-1952), 1956. D’éag sé in Ospidéal Bon Secours i gCorcaigh 9 Samhain 1958.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú