Ba de bhunadh Albanach é agus ní léir go raibh aon bhaint riamh ag a mhuintir le hÉirinn. Ach rinne Aindrias Ó Muimhneacháin an cur síos seo air in Feasta, Iúil 1956: ‘... duine den lucht saothair ba dhúthrachtaí agus ba dhílse dá raibh ag an nGaeilge lenár linn-ne... agus fear fairis sin a shaothraigh leis an lándícheall dúthrachta céanna d’fhonn comhaontacht tuisceana a shnadhmadh idir na náisiúin Cheilteacha ...’. Ar feadh dhá bhliain déag bhí comhfhreagras ag Ó Muimhneacháin leis. In Kirkoswald, Cumberland, a rugadh é 13 Márta 1891. D’aistrigh an líon tí go Tyneside i 1901 agus is ansin a chaith sé an chuid is mó dá shaol. Is beag scolaíocht fhoirmiúil a fuair sé ina óige. Théadh sé chuig ranganna oíche agus d’éirigh leis eolas a chur ar theangacha, ar gheilleagar agus ar ábhair eile. Tuairim 1905 thosaigh sé ar a phrintíseacht oirtheoireachta is deileadóireachta, obair a bhí aige go 1932, seachas tamall a chaith sé ag obair in Éirinn do Chonradh na Gaeilge. Bhí poist aige i gcomhlachtaí in Gateshead, Billingham-on-Tees, Helburn agus i mbailte eile.

Beirt phíobairí as Albain a chuala sé ag labairt i nGaeilge na hAlban nuair a bhí sé ina bhuachaill óg a spreag a spéis sa Ghaeilge an chéad uair. D’fhoghlaim sé an Ghàidhlic ar dtús ó leabhair mar Gaelic Proverbs le Nicholson agus ina dhiaidh sin ó bheirt Albanach a bhí ag obair leis. Micheál Ó Gallchobhair, Cláiríneach, a thug leabhair Eoghain Uí Ghramhnaigh dó agus cheartaíodh seisean na ceachtanna dó. Bhí beirt eile a chuidigh go mór leis: Domhnall Ó Mathúna, siopadóir i Newcastle, ar chainteoir dúchais Gaeilge ó cheantar Chúirt Mhic Shéafraidh, Co. Chorcaí, é; agus Brian Mac Gabhann, as Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo. Rinne Brian agus Tomás margadh le chéile: mhúin Tomás léamh agus scríobh na Gaeilge dósan agus d’fhoghlaim sé ceartfhuaimeanna na Gaeilge ó Bhrian. ‘Is amhlaidh san a tharla gurbh í canúint Mhaigh Eo is mó chleachtaíodh Tomás, cé go raibh ard-eolas aige ar na canúintí go léir’, a dúirt Ó Muimhneacháin.

Thart ar 1908 a bunaíodh craobh den Chonradh i Newcastle-upon-Tyne agus toisc níos mó eolais a bheith ag Tomás ar léamh na Gaeilge ná bhí ag aon duine eile sa rang ba é a bhí ina mhúinteoir. Lean an chraobh ar aghaidh go dtí 1915, nuair a cuireadh stop leis mar gheall ar an gcogadh. Le cuidiú sagairt Éireannaigh athbhunaíodh í i 1919. Deir Ó Muimhneacháin freisin gurbh í an Ghaeilge faoi deara dó iompú ina Chaitliceach Rómhánach tuairim 1916. Phós sé an bhliain dár gcionn Máire Ní Shíothcháin, ar chainteoir dúchais Gaeilge as ceantar Mhala a hathair. Tomás is mó a mhúin an teanga di. Bhí beirt mhac agus iníon acu.

Toghadh é ina thimire ag cruinniú den Choiste Gnó (Fáinne an Lae 20 Deireadh Fómhair 1923) agus thosaigh sé ag obair i gContae Shligigh. Ach d’fhill ar Shasana um Nollaig. ‘Ní dúirt sé éinní riamh liom i dtaobh fáth a imeachta, cé gur thuigeas uaidh go mba mhór an díomá dhó nárbh fhéidir dó fanacht anso farainn ag gabháil do mhórmhian a chroí’ a dúirt Ó Muimhneacháin in Feasta i ndiaidh a bháis. Ach in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1911-1932, (c.1975) scríobh sé go ndúirt ‘cara agus dalta’ le Mac Neacail leis: ‘Níor cuireadh mórán fáilte roimhe, de réir mar a thuigim an scéal’.

Bhí obair an-ghann i Sasana tuairim 1932 agus cuireadh na ‘Dole schools’ ar bun chun oideachas a thabhairt d’ógánaigh dhífhostaithe. Fuair Tomás post sealadach mar mhúinteoir i gceann díobh. Timpeall an ama chéanna, de thoradh scrúdaithe a rinne sé le ‘City and Guilds of London’, bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir miotalóireachta. Ceapadh ina mhúinteoir é i Scoil Naomh Aloysius i Newcastle-upon-Tyne agus is ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol oibre.

Bhí tuairiscí in An Gael i dtaobh an Chonartha i Newcastle-upon-Tyne: ar 19 Meán Fómhair 1934 go rabhthas tar éis Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin a athbhunú; ar 1 Nollaig na bliana sin go raibh Tomás ceaptha ina rúnaí air; in Aibreán 1936 gur bronnadh comhartha measa air. Deir Ó Muimhneacháin: ‘Ach ins an bhliain 1934 do bhailigh sé ochtar de Ghaela Alban agus beirt is fiche Éireannach agus ba é féin a bhí ina rúnaí ar an gcraobh. Mhair seo ceithre bliana. Ba é ba mhó faoi deara “Cumann Gaelach Bhaile an Chaisleáin Nua” a bhunú i 1954’. Tá cuid dá mheon léirithe aige i litir a chuir sé chuig Ó Muimhneacháin i 1948: ‘Táim idir an dá stól. Níl aon iontaoibh ag na hÉireannaigh asam de bhrí nach de bunadh na hÉireann mé, agus níl aon bhlas ag na hAlbanaigh anseo orm mar gheall ar gur Caitliceach mé, ach ina dhiaidh sin is uilig, táim ag déanamh rud éicint i gcónaí’. An bhliain sin bhí Gaeilge á múineadh aige i gcraobh den Anti-Partition League. D’éirigh chomh maith sin leo sa chéad bhliain go bhfuair sé íocaíocht as an obair. Nuair a theip ar an iarracht lean sé air ina bhall den chumann. Bhíodh ranganna aige ina theach féin. D’éag sé i Newcastle-upon-Tyne 16 Márta 1956. Bhíodh ábhar aige in Fáinne an Lae, Misneach, agus in An Sguab idir 1918 agus 1924 agus in Ar Aghaidh ina dhiaidh sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú