Mac le Charles Brennan, múinteoir náisiúnta, agus Bríd Clifford é agus saolaíodh é i gCathair Saidhbhín ar 12 Eanáir 1875. I ndiaidh tamaill i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne chuaigh sé go Maigh Nuad. I ndiaidh a oirnithe in 1898 thug sé naoi mbliana ina ollamh i gColáiste Bhréanainn. Deirtear nár thosaigh sé ar an nGaeilge a fhoghlaim go dtí gur fhág sé Maigh Nuad ach chomh luath le 1898 bhí cuid dá dhéantús Gaeilge i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge. Bhunaigh sé craobh den Chonradh i gCill Airne agus ba é faoi deara iris mhíosúil Loch Léin (1903–1905) a fhoilsiú. Ó Mhárta go Meitheamh 1905 bhí Irisleabhar na Gaedhilge ag foilsiú a aistriúcháin ar fhilíocht Beranger. Scríobhadh sé freisin scéalta beaga béaloidis agus aistí agus chuireadh sé eagar ar, agus ghléasadh sé, amhráin in The Leader, An Connachtach agus An Claidheamh Soluis. File Béarla a bhí ann freisin agus tá bunáite a dhéantúis le fáil in Studies. Ní raibh sé riamh róthógtha i dtaobh nualitríocht na Gaeilge; shíl sé nach mbeadh a leithéid ann go ceann 100 bliain.

Veidhleadóir maith a bhí ann agus an-dúil aige i gceol clasaiceach. Connoisseur seandachtaí é freisin go háirithe maidir le Chippendale, cruain agus eabhair. Bhí sé eolach ar stair na péintéireachta. Fear iltréitheach gan amhras.

Bhí baint aige leis na hÓglaigh agus é ina shagart cúnta i dTrá Lí i 1916. D’ordaigh na húdaráis mhíleata dó an baile sin a fhágáil. I rith Chogadh na Saoirse sórt séiplinigh ag na colúin reatha ar theorainn Chiarraí agus Chorcaí a bhí ann. Bhí sé tamall ina shagart cúnta i Sráid an Mhuilinn sular ceapadh ina shagart paróiste é i nDroim Tarbh. Scríobh sé: Béarla Sacsan agus an Creideamh in Éirinn, 1913; An Cailín Deorach, dráma gearr in Banba, 1902–3; Leabhráin Locha Léin: 1. Mac an Ríogh, 2. Mac an Iasgaire, 3–5; Aoibhneas Chill Airne (1903) . ‘Oisín’ an t-ainm cleite a mbaineadh sé feidhm as. Ní raibh togha na sláinte aige riamh ach ní raibh aon choinne lena bhás ar 13 Iúil 1937.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú