In Filíocht Sheáin Uí Bhraonáin, 1972 le Pádraig de Brún tá: cibé fíorbheagán eolais atá ar fáil i dtaobh an fhile seo ó thaifid, ó eolas inmheánach na ndánta, agus sa bhéaloideas; cuntais ar na daoine a raibh caidreamh aige leo agus orthusan, bíoblóirí go háirithe, ar scríobh sé dánta ina dtaobh; eagar curtha ar 39 dá dhánta. Tá cíoradh déanta ag an údar ar cúrsaí ginealaigh agus áitribh féachaint cér dhíobh é. Deir sé nach bhfuil d’eolas againn ar shinsir Sheáin Uí Bhraonáin ach go mb’fhéidir gur Domhnall ab ainm dá athair. I mBaile Mhic Aindriú, paróiste Chill Mhaoile i dtuaisceart Chiarraí, a tógadh é. Bhí eolas ar Laidin aige agus ní foláir nó bhí sé ag freastal ar cheann de scoileanna an cheantair. Chuaigh sé féin le múinteoireacht, más fíor don traidisiún, agus bhí scoileanna aige in Ard Fhearta agus i mBaile Mhic Aindriú. Luann an Brúnach freisin go raibh scoil aige i mBaile Ó bhFinn, paróiste Chill Mhaoile. Chuala Pádraig Ó Siochfhradha gur chaith sé tamall ina mhúinteoir fáin in oirthear agus i lár Chorcaí agus gurb eisean an Braonánach atá luaite san amhrán macarónach ‘Anonn ’s anall a Mháirín’ (‘I’m a pupil of Jack Braenan’s / ’s an áit ina gcónaím Mucros’). Bhí sé suite de freisin gurbh é a chum an t-amhrán ‘A Chailín na n-urlann donn’. Deirtear gur phós sé bean de mhuintir Bhruic agus go raibh seisear nó seachtar mac acu. D’fhan sé dílis don chreideamh Caitliceach agus ba mhinic é ag cáineadh na mbíoblóirí ina chuid véarsaí agus tagairtí drochmheasúla aige do Phrotastúnaigh iontu. Micheál Óg Ó Longáin an file is cáiliúla a raibh caidreamh aige leis agus tá na freagraí fileata a thugadh siad ar a chéile i gcló ag de Brún. Deirtear gurbh i reilig Chill Mhaoile a cuireadh é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú