Nuair a bhíonn stair na Gaeilge i gcúrsaí craolacháin á rianadh luaitear ainm Shéamuis Uí Bhraonáin. Bhí Radio Éireann faoina chúram ó 1942 go 1947. I nDarú, Co. Laoise, a rugadh é ar 21 Eanáir 1881. Feirmeoir ba ea a athair Pádraig. Ba í Máire Bergin a mháthair. I ndiaidh tamaill sa bhunscoil áitiúil, bhog sé go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois agus thosaigh ag obair i dtithe gnótha a dheartháireacha. Tar éis bliana d’éirigh sé as sin agus chuaigh go Coláiste Mhuire, Ráth Maonais. Bhí sé i gCraobh an Chéitinnigh ó 1902 agus is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge.

Fuair sé post in Oifig an Oideachais Náisiúnta. 36 bliana a chaith sé ansin agus sa Roinn Oideachais. I 1937 ceapadh é ina rúnaí ar choimisiún a bunaíodh chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa státseirbhís. Chaith sé beagnach trí bliana leis an obair sin. Ba dhóigh leis féin gur theip ar an scéim. ‘It was really a heart-breaking job.... We appeared to be up against the stone wall of English—outside the office rather than inside and to be making no real progress’. Cuireadh an obair ar fionraí nuair a bhris an cogadh amach.

I 1939 ceapadh Séamus ina Leas-Stiúrthóir ar Radio Éireann i gcomharbacht ar Phroinsias Ó Gallchóir. I mBealtaine 1941 ceapadh ina Stiúrthóir é. Cuireadh fáilte roimh an gceapachán. Bhí cáil air mar fhear a bhí riamh gníomhach i gcúrsaí na teanga. Bhí sé tamall ina rúnaí ar Chraobh an Chéitinnigh agus is ann a casadh a bhean air. Chomh fada siar le 1907 ghlac sé páirt i ndráma Phiarais BéaslaíCormac na Coille. Bhí ceithre bhonn buaite aige i gcraobhchluichí peile na hÉireann le foireann Bhaile Átha Cliath idir 1903 agus 1908. Bhí daoine eile ar thaitin sé leo go raibh sé uair dá shaol ina chaiptín ar fhoireann rugbaí St Mary’s. Bhain sé cáil amach mar rothaí agus lúithnire. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Ghalf-Chumainn Ghaelaigh agus Chumann Gailf Dhomhach Bat. B’eol do dhaoine go raibh dúil aige sna rincí Gaelacha.

Ach bhí an cogadh faoi lánseol i 1941. Bhí ganntanas airgid, easpa foirne agus an chinsireacht ag brú ar an stáisiún. Mar sin féin tháinig borradh agus biseach le linn a théarma. Tionscnaíodh cláir nua. Trí bhéim a chur ar cheolchoirmeacha poiblí dhírigh sé aird ar Cheolfhoireann Radio Éireann. Bunaíodh an Ceolfhoireann Éadrom agus Cór Radio Éireann. Cuireadh feabhas ar na cláir nuachta. Maidir leis an nGaeilge chuir sé roimhe gnaoi na ndaoine a tharraingt uirthi. ‘We want to make Irish as natural and interesting as possible. We want to put it on a par at least with English ... in our programmes’, dúirt sé nuair a ceapadh é. I sraith d’ailt in The Leader (1948/9) dar teideal ‘Seven years of Irish radio’ chuir sé síos ar na fadhbanna a bhí sa tslí roimhe. Cé gur éirigh leis cláir mar Listen and Learn agus Is your Irish rusty? a chur ar siúl bhí sé deacair ábhar oiriúnach agus craoltóirí maithe a fháil. Shíl sé gur theip ar a chuid iarrachtaí. ‘The most disappointing aspect of broadcasting was the apparently complete lack of interest, the indifference, the apathy—call it what you will—of the listeners. So much so that I often wondered whether anyone listened to Irish’. Ní mór cuimhneamh, ar ndóigh, go raibh sé ina 59ú bliain nuair a thosaigh sé ag obair i Radio Éireann.

Ceapadh é ina chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Craolacháin i 1953. Foilsíodh cuimhní ar a óige in The Leader ó Bhealtaine 1964 ar aghaidh faoi na teidil ‘Le Linn m’óige’ agus ‘Im’ Iaróige’. D’éag sé ar 2 Bealtaine 1970. Bhí sé pósta ar Bhrighid Diolúin agus rugadh seisear clainne dóibh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú