I bhFeabhra 1773 a rugadh é. Cé nach raibh Gaeilge aige, ní mór é a áireamh mar dhuine a d’adhain spéis phobal an Bhéarla san oidhreacht Ghaelach. B’as Derbyshire dá athair, innealtóir mianadóireachta a bhí i gceannas an mhianaigh guail in Oileán an Ghuail, Co. Thír Eoghain. Éireannach dar sloinne Ó Coinn a mháthair. Deir Breandán Breathnach in Ceol agus Rince na hÉireann (1989) gur de shliocht Phádraig Ghruama Uí Choinn, flaith de shliocht Uí Néill a maraíodh i gCogadh 1641, í. In Ard Mhacha a rugadh Edward agus is ó orgánaí na hardeaglaise ansiúd a d’fhoghlaim sé féin agus a dheartháir mór ceol. Nuair a chuaigh an deartháir a mhúineadh ceoil i nDroichead Átha in 1782 bhí Edward in éineacht leis agus é ag foghlaim uaidh ar feadh dhá bhliain ann. In aois aon bhliain déag dó fuair sé obair mar fhear ionaid an orgánaí i bparóiste Naomh Áine i mBéal Feirste, agus ceapadh é ar ball ina leasorgánaí. Ba ghairid go raibh sé ina ollamh le ceol. I dteach Henry Joy, uncail le Henry Joy McCracken agus le Mary McCracken, a bhí sé ar lóistín fad a bhí sé sa chathair.

Féile na gCláirseoirí in 1792, a raibh baint mhór ag Henry Joy leis, a shocraigh a intinn ar sheancheol na hÉireann a bhailiú. Fostaíodh é go háirithe chun foinn a scríobh síos i rith na Féile. Chuir sé aithne ag an am sin ar na cláirseoirí agus fuair a thuilleadh fonn uathu ina dhiaidh sin. In 1792 freisin thaistil sé Co. Mhaigh Eo agus scríobh síos foinn. An t-eolaí cáiliúil Gaillimheach Richard Kirwan a bhí mar threoraí aige. Ba é toradh na hoibre seo gur foilsíodh in 1796 bailiúchán de 66 fonn, A General Collection of the Ancient Irish Music. Ba í an leabhar seo is mó a sholáthair foinn do Thomas Moore. Lean sé air ag bailiú ceolta i dTiobraid Árann, Ros Comáin agus sa Chabhán. In 1802 d’fhostaigh sé Pádraig Ó Loingsigh ó Loch an Oileáin chun a bheith ag bailiú i gContae Mhaigh Eo. Focail na n-amhrán a scríobh seisean síos. Bhí Bunting féin in éineacht leis ar feadh tamaill. D’fhoilsigh sé cnuasach eile in 1809, A General Collection of the Ancient Music of Ireland, 77 píosa; deir Breathnach gur dramhaíl iad na focail Bhéarla a cuireadh leo. In 1819 phós sé Mary Anne Chapman i mBaile Átha Cliath. D’aistrigh sé go dtí an chathair sin agus bhí fostaithe mar orgánaí in eaglais Naomh Stiofán. In 1840 tháinig an tríú bailiúchán uaidh, The Ancient Music of Ireland aranged for the Pianoforte, to which is prefixed A Dissertation on the Irish Harp and Harpers, including an account of the Old Melodies of Ireland, suas le 160 fonn agus gan aon fhocail leo an babhta seo. Deir Breathnach gurbh é Petrie a bhrostaigh chun na hoibre seo é.

Dar leis an scoláire Máire Uí Bhaoill, bhí baint mhór ag píobaire darbh ainm Séamus Mhac Óda (Cody / Coady) le bailiú na n-amhrán: ‘Duine lárnach in obair Bhunting ab ea Séamus Mhac Óda, ach dá ainneoin sin níor tugadh mórán aird air le dhá chéad bliain anuas .... Bhí tábhacht ar leith le Mhac Óda maidir le bailiú na n-amhrán mar gurbh eisean an t-aon duine de na bailitheoirí a raibh cruinnscríobh na Gaeilge agus scríobh an cheoil aige .... Bhí Mhac Óda in ann an dá thrá a fhreastal. Bhailigh sé idir théacsanna agus fhoinn .... Tá níos mó ná daichead amhrán agus 165 píosa ceoil i lámh Mhic Óda i lámhscríbhinní Bhunting’. Tá sí dóchasach go dtiocfar ar eolas breise ar shaol an phíobaire seo de réir mar a thiocfaidh foinsí nua chun solais. Ní luíonn an cuntas a thugann Francis O’Neill in Irish minstrels and musicians: The story of Irish Music (1913) ar phíobaire den ainm sin leis an obair chúramach a rinne Mhac Óda do Bhunting thar na blianta. Ní foláir nó bhí eolas ag Breandán Breathnach air ach ní luann sé a ainm in Ceol agus rince na hÉireann (1989). Dhealródh gurbh as deisceart Thiobraid Árann nó as Cill Chainnigh don phíobaire. Sheinn sé ceol ag dinnéar Chumann Chláirseach na hÉireann i mBéal Feirste Lá Fhéile Pádraig 1809 agus bhí baint aige le múineadh na Gaeilge sa scoil a bhunaigh an Cumann dá bhaill sa chathair an bhliain sin. Ba dhóigh le Máire ar fhianaise sa Leabharlann Náisiúnta go raibh sé beo in 1818. Foilsíodh Bunting's Messiah (2003) le Roy Johnston. Leis an tréimhse a chaith Bunting i mBéal Feirste a bhaineann sé.

D’éag sé i mBaile Átha Cliath ar 21 Nollaig 1843 agus tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróm. Cé gur mhinic é ag athrú an cheoil, nó á fheabhsú, mar a shíl sé, géilleann Breathnach gurbh é ‘an chéad duine é a d’fhéach le cnuasach de cheol na hÉireann a chur i láthair go healaíonta agus go críochnúil.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú