Ag Brian Mac Giolla Fhinnéin in Seanchas Ard Mhacha, 1993 atá an cuntas is cuimsithí ar an ‘scoláire bocht’ seo. Bhí scoil scairte ar bun ag a mhuintir i Loch an Oileáin, Co. an Dúin, agus is ar Chnoc an Locha i mbaile fearainn Eanach Dorn sa pharóiste sin a rugadh Pádraig. Ba é Terence Lynch, máistir scoile, a athair. Deir Pádraig de Brún agus Máire Herbert in List of Irish MSS in Cambridge Library, 1986 gur chuir sé a ainm le huacht in 1777, rud a thabharfadh tuairim éigin faoina aois. Faoi 1794 bhí Pádraig ag múineadh Gaeilge san Belfast Academy agus i dtithe príobháideacha. Duine dá scoláirí ba ea Tomás Ruiséal (1767-1803) a bhí an uair sin ina leabharlannaí i Halla an Lín, Béal Feirste. Cairde ba ea iad i gceann tamaill agus an Ruiséalach a chuir Pádraig in aithne do Whitley Stokes in 1796 nuair a bhí an dochtúir sin ag ullmhú eagráin Ghaeilge de shoiscéal Naomh Lúcás agus de Ghníomhartha na nAspal. Rinne Pádraig obair dó ach níor luadh a ainm sa saothar foilsithe i 1799. Pádraig ba mhó a shaothraigh chun Bolg an tSoláir, an chéad iris Ghaeilge, a thabhairt amach 1 Deireadh Fómhair 1795.

Bhí William Neilson freisin ag foghlaim na teanga uaidh. Dar le Seán Ó Donnabháin go raibh lámh aige in An introduction to the Irish language, 1808, graiméar Neilson. Is le linn dó a bheith i nDún Dealgan ag cabhrú le Neilson a chóipeáil sé na lámhscríbhinní úd atá anois i Leabharlann na Breataine. In 1802 d’fhostaigh Bunting é chun focail na n-amhrán Gaeilge a bhailiú. Thaistil sé Connachta agus is ábhar an-inspéise na litreacha a chuir sé chuig Bunting agus an cín lae a scríobhadh sé. Tá siad i leabharlann Ollscoil na Ríona agus tá cuid den ábhar sin i gcló ag Charlotte Milligan Fox in Annals of the Irish harpers, 1911. Nuair a d’fhoilsigh Bunting a A general collection of the anc ient music of Ireland in 1809 ní raibh focail na n-amhrán ann, agus arís níor luadh ainm Phádraig.

Bhuail an Ruiséalach leis agus é ar a choimeád i gContae an Dúin i ndiaidh éirí amach Roibeaird Emmet. Nuair a tugadh chun trialach é i nDún Pádraig gabhadh Pádraig agus cuireadh tréas ina leith i gcaoi gurbh éigean dó fianaise a thabhairt sa chúirt. I bhfad ina dhiaidh sin scríobh staraí na nÉireannach Aontaithe, R.R. Madden: ‘I need not dwell upon what passed soon after, when Patrick Lynch was apprehended and fixed upon to identify Russell, in which transaction Lynch was entirely blameless in my opinion.’ Ach d’fhág an eachtra gur lean drochamhras ar Phádraig anuas go dtí ár n-aimsir féin. Deir Mac Giolla Fhinnéin: ‘I ndiaidh thriail an Ruiséalaigh níl iomrá ar Phádraig Ó Loingsigh níos mó. Imíonn sé leis as leathanaigh na staire...’. Ach in Samuel Ferguson: beatha agus saothar, 1993 déanann Gréagóir Ó Dúill talamh slán de gurbh é an Loingseach a bhí ag múineadh Gaeilge sna luath-thríochaidí do Ferguson, do Thomas O’Hagan (1812-85) agus do George Fox agus gur fhág sin ‘gur mar phíosa grinn a roghnaigh Ferguson agus a chomhdhalta Fox an chéad amhrán Gaeilge a d’éirigh leo a aistriú, a bhfuil cáil air mar “The County of Mayo”.’

I dtaifid pharóiste Loch an Oileáin d’aimsigh Mac Giolla Fhinnéin Pat Lynch a d’éag an 27 Samhain 1838 agus ba dhóigh leis gurbh é seo an Pádraig s’againne. Ba mhinic a thógtaí é in amhlachas Phádraig Chuinche agus b’éigean do Shéamus Ó Casaide scríobh faoin bhfadhb seo in Irish Book Lover idir 1929 agus 1934. Tá aistí substaintiúla agus neart taighde i gcló ag Séamas Mac Diarmada in An tUltach (Bealtaine, Meitheamh 2005) ar an Loingseach agus a mhuintir. ‘Nuair nach bhfuil a dhath scríofa fá imeachtaí na mblianta i ndiaidh 1803, táimid ag brath ar fad ar an tseanchas béil sa cheantar a deir gur phill Ó Loingsigh ar Loch an Oileáin agus gur ann a fuair sé bás agus aois mhór air ach ní hinstear cá huair a phill sé. Tá tagairt i Leabhar na mBaistí, na bPóstaí agus na mBreitheanna i Loch an Oileáin gur cuireadh Pat Lynch ar 27/11/1838 sa tsean reilig sa pharóiste agus tá cruthú ann gur seo Pádraig Ó Loingsigh, an “professor of Irish” a thug an fhianaise ag triail an Ruiséalaigh’. Cheal fianaise scríofa tá Mac Diarmada in amhras go raibh Lynch ina mhúinteoir Gaeilge ag Samuel Ferguson. Tá cuntas iarbháis ar Shéamus Mac Diarmada féin in An tUltach, Iúil 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú