Ba é seo an cláirseoir ba shine dá raibh ag Féile na gCláirseoirí i mBéal Feirste i mbliain a 1792. Deirtear go raibh sé 97 ag an am. Sa Chreig Mhór in aice le Garbhachadh, Co. Dhoire, mar a raibh feirm ag a athair Brian, a rugadh é. Bhain an bholgach radharc na súl de in aois trí bliana dó agus naoi mbliana ina dhiaidh sin thosaigh sé ag foghlaim na cláirsí ó Bhríd Ní Chatháin agus ó chláirseoirí eile ina diaidh. Bhronn daoine gustalacha a bhaill dúchais cláirseach a rinne Cormac Ó Ceallaigh na gCláirseach air (Cláirseach Dhún Bó nó ‘The Downside Harp’) agus nuair a bhí 18 bliain slán aige thaistil sé Éire agus Albain ar feadh deich mbliana. Sheinn sé cúpla babhta leis an gCearbhallánach. Bhí sé in Albain arís i 1745 agus sheinn i láthair Shéarlais Óig in Holyrood. Cheannaigh Easpag Dhoire, Frederich Augustus Hervey, Iarla Bhriostó, teach dó in Aird Mhic Giollagáin i nDoire. Phós sé bean as Aird Mhic Giollagáin i 1781 agus rugadh iníon dóibh. Bhí ardmheas ag Bunting air; b’eisean an t-aon chláirseoir ag Féile 1792 nach leis na méara a phiocadh sé na téada ach lena ingne fada crúcacha ar an nós ársa agus scríobh sé foinn síos uaidh. In 1805 thug an tUrramach George Sampson cuairt air: ‘I found him lying on his back in bed, near the fire of his cabin, his harp under the bedclothes, by which his face was covered also. When he heard my name, he started up, being already dressed, and seemed rejoiced to hear the sound of my voice . . . . He then tuned his old time-beaten harp, his solace, and his bedfellow, and played with astonishing justness and good taste . . . “The Coolin”, “The Dawning of the Day”, “Eibhlín a Rún”, and “Ceann Dubh Dílis”.’ D’éag sé in aois 112 dó, más fíor, ar 5 Samhain 1807.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú