NÍ CHINNÉIDE, Mairéad (1942–2015)

Scríbhneoir géarchúiseach, eagarthóir tuisceanach, iriseoir meabhrach agus staraí a raibh ardmheas uirthi ba ea Mairéad Ní Chinnéide, a chaith a saol agus a dúthracht le cás agus le cúis na Gaeilge.

Sa Bhaile Meánach i gCo. Aontroma a rugadh Mairéad ar 15 Bealtaine 1942, an tríú duine de chúigear le David Kennedy, múinteoir fisice a raibh cáil air mar staraí, agus Margaret O’Hagan, bunmhúinteoir de bhunadh Chontae Dhoire.

Tar éis meánscolaíochta i gColáiste na nDoiminiceach, Dún Liam, Béal Feirste, d’fhreastail Mairéad ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sí céim amach in 1963, sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Is ann, tríd an gCumann Gaelach agus an Cumann Drámaíochta, a casadh Art Ó Maolfabhail uirthi. D’fhill sí ar Bhéal Feirste chun Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Ríona. Ar phósadh dóibh in 1966, chuir Mairéad agus Art fúthu san ardchathair. Rugadh beirt chlainne dóibh, Úna, a cailleadh go hóg, agus Dónall.

Tar éis do Mhairéad dul le saoririseoireacht, is iomaí alt agus léirmheas léi a foilsíodh ar na hirisí Feasta agus Comhar, agus ar feadh blianta bhíodh colún míosúil do dhaoine óga aici ar An tUltach. Scríobhadh sí go rialta do na nuachtáin Scéala Éireann / The Irish Press, Anois agus The Irish Times. Freisin ba mhinic í ar stáisiúin raidió, BBC Uladh ina measc, agus ar feadh tréimhse fhada dhéanadh sí léirmheas na nuachtán ar Adhmhaidin, clár nuachta ar Raidió na Gaeltachta. Paidir do Bhéal Feirste, leabhar leis an iar-Mhéara Máirtín Ó Muilleoir, mar aon le cúrsaí creidimh ina cathair dhúchais, b’ábhar cainte aici an uair dheireanach a labhair sí ar raidió, ar Cormac ar a cúig ar 29 Eanáir 2015.

Tugadh Mairéad ar bhord stiúrtha na hirise Comhar in 1987 agus faoi 1990 bhí sí ina bainisteoir oifige ar an iris. Agus í i mbun LeabhairComhar chuir sí chun cinn sraith úrscéalta d’fhoghlaimeoirí fásta mar aon le leabhair eile. In alt ‘Iriseoir meabhrach, cara dílis: i gcuimhne ar Mhairéad Ní Chinnéide’ (Comhar, Meitheamh 2015) deir Liam Mac Amhlaigh go raibh sí géarchúiseach ach bog, tuisceanach ach lán le splanc agus go raibh uaisleacht ag baint lena saol agus lena saothar. Maidir leis an obair a rinne sí le Comhar Teoranta, deir sé gur eagarthóir liteartha par excellence a bhí inti. Ní hamháin go ndearna sí cúram den eagarthóireacht agus den bhainistíocht a bhaineann le saothar a thabhairt chun cló go slachtmhar, ach ba dhuine sármhaith í chun saothair a choimisiúnú freisin. Dhéanadh sí cúram tréadach den scríbhneoir agus chothaíodh sí smaointe, samplaí agus carachtair in aigne na n-údar. B’fhíorannamh a ghlacadh sí le táille, ach í ag obair go deonach ar son na cúise.

Leabhair do leanaí a scríobh Mairéad i dtosach, Cnoc na sí (1976); Bainne na bó i bpáirt le Clíodhna Cussen (1986); ansin Máire de Buitléir: bean athbheochana (1993), saothar a bhí tar éis duais staire Chonradh na Gaeilge a bhaint amach i gcomórtais liteartha an Oireachtais in 1992. Leabhar do thuismitheoirí ina dhiaidh sin, Ag tógáil clainne le Gaeilge / Speaking Irish at home (2001; atheagrán 2008). Agus sna blianta deireanacha, dhá leabhar mhóra staire, An Damer: stair amharclainne (2008) and Scéal Ghael-Linn (2013). Bhí deis aici sa dá shaothar thábhachtacha chuimsitheacha seo a heolas pearsanta agus gairmiúil ar shaol na Gaeilge, an spéis sa stair a bhí aici agus a scil mar scríbhneoir a chur ag obair as lámha a chéile. Bhí sí ina heagarthóir comhairleach ar Cnuasach Comhar 1982–2012: aistí–ailt–agallaimh (2014).

Ina chuntas iarbháis ar The Irish Times, deir Eagarthóir Gaeilge an nuachtáin sin, Pól Ó Muirí, gur duine de na daoine ab uaisle in Éirinn í, go raibh sí cineálta ciallmhar cumasach ciúin agus nár bhean í ar bhain buaileam sciath léi. Dar le hÓ Muirí: ‘Rinne sí cion mná agus í ag obair le Comhar le leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta a chur i gcló agus is iomaí leabhar atá ann inniu nach mbeadh ann murach a cuid oibre. Seasfaidh an obair sin di i gcónaí.’

Ar na heagrais ar chuir Mairéad comaoin orthu tá Parlaimint na mBan; Coiste Liteartha an Oireachtais – í ina moltóir go minic ar chomórtais liteartha– Fondúireacht an Phiarsaigh; Comhar Teoranta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. D’iarr an Chomhdháil uirthi stair na Comhdhála a scríobh agus chuir sí sin i gcrích in 1995. Nuair a bheartaigh an Chomhdháil ina dhiaidh sin gan an saothar a fhoilsiú ba chúis díomá di é sin. Tá an stair sin i gcartlann na Comhdhála a cuireadh i dtaisce sa Leabharlann Náisiúnta in 2014 tar éis scor na Comhdhála.

Bhí dúil mhór ag Mairéad ar feadh a saoil san aclaíocht: damhsa Gaelach, líonpheil, camógaíocht, snámh farraige agus rith. Bhí an dúil chéanna aici sa taisteal agus i bhfoghlaim teangacha.

Bhásaigh Mairéad Ní Chinnéide i mBaile Átha Cliath ar 21 Aibreán 2015 den ailse a bhuail í roinnt blianta roimhe sin. Ainneoin an tinnis lean sí uirthi ag roinnt a cuid eolais agus ama go fial flaithúil leis na glúnta scríbhneoirí agus eagarthóirí a bhí ag teacht ina diaidh.

Éilis Ní Anluain

Ailt

  • Mac Amhlaigh, L. (2015) ‘Iriseoir meabhrach, cara dílis: i gcuimhne ar Mhairéad Ní Chinnéide’ Comhar Bealtaine, 16-17.
  • Ó Muirí, P. ‘An scríbhneoir agus iriseoir Máiréad Ní Chinnéide ar shlí na fírinne’ The Irish Times, 29 Aibreán 2015.