I gCathair Phort Láirge a rugadh í 16 Samhain 1900. Ba é Denis Kennedy, LRCSI & LRCPI, etc. [sic] a hathair, dar leis an teastas breithe, agus ba í Katherine Redmond a máthair. Bhí cónaí orthu ag 3 Sráid Uí Chonaill. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Denis (38) a rugadh i gContae Thiobraid Árann, dochtúir agus máinlia; a bhean Katherine (35), a rugadh i i gcathair Phort Láirge; Catherine (8); Raymond (6); Denis (5); Mary (3); Sheilagh (ceithre mhí). Faoi 1911 is i mBóthar an tSagairt, Trá Mhór, Co. Phort Láirge, a bhí cónaí orthu. Is mar seo a cuireadh síos ar an teaghlach i nDaonáireamh na bliana sin: Denis Kennedy (48); Katherine (45); Katherine (18), mac léinn; Raymond (16); Denis (15); Mary (13); Shelagh (10); John (8); Thomas (6); Ursula (5). I gcathair Phort Láirge a rugadh iad go léir ach amháin Katherine a rugadh i Londain agus Ursula a rugadh idTrá Mhór. Ag Raymond agus ag Denis amháin a bhí Gaeilge. Bhí cócaire agus bean freastail sa teach acu, Mary Anne Walsh, a rugadh i gContae Phort Láirge agus a raibh Gaeilge aici. Den deichniúr a rugadh don lánúin bhí ochtar beo fós. Luadh Tommy, Kitty, Maureen agus Ursula i dtuairiscí báis Shíle.

Ghnóthaigh sí BA i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i 1923, agus i 1925 céim mháistir, scoláireacht taistil, agus an tArd-Teastas Oideachais. Chaith sí seal ar an mhór-roinn agus seal ag teagasc sular ceapadh í ina Léachtóir le Stair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, i 1927. D’fhan sí ann go 1967. Bhí sí mar chomhollamh i 1965-70 agus mar ollamh gradaim ina dhiaidh sin anuas go lá a báis. Bhí sí ar an gcéad bheirt a ceapadh chun cúrsaí léinn a theagasc trí Ghaeilge sa chóras ollscoile agus thaispeáin sí cad ab acmhainn don teanga mar mheán teagaisc agus taighde. Chuir sí téacsleabhar fiúntach ar fáil, An tSean Eoraip a d’fhoilsigh An Gúm. Bhí sí ar bhunaitheoirí na hirise Galvia agus chaith tréimhse rathúil ina comheagarthóir air. D’fhoilsigh sí saothar scolártha den scoth trí Ghaeilge.

Foilsíodh saothar léi sna hirisí logánta staire agus seandálaíochta. Bhain an chuid is mó dá saothar taighde leis an 18ú agus an 19ú haois, le stair na hÉireann agus leis an gcaidreamh Franco-Éireannach sa tréimhse sin. Chuir sí eagar ar chuntais a scríobh Francaigh éagsúla ar staid na hÉireann. D’éag sí ar 8 Meitheamh 1980. Bhí cónaí uirthi ag an am i gCillín, Páirc Moinseal, Gaillimh. Tá sí curtha i reilig Ráthún, Gaillimh. Tá cuntas uirthi ag Gearóid Ó Tuathaigh in North Munster Antiquarian Society Journal, 1980.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú