Ó MARCAIGH, Caoimhín (1933–2014)

B’eagarthóir agus foilsitheoir ildánach é Caoimhín Ó Marcaigh a raibh dlúthbhaint le litríocht na Gaeilge aige ar feadh a shaoil. Ba scríbhneoir cumasach é fosta a bhain gradam an Prix Italia as a dhráma teilifíse A week in the life of Martin Cluxton (1971).

Ba i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath, a tógadh Caoimhín Ó Marcaigh, mac le Barney agus Winnie Markey, arbh as an taobh ó thuaidh de lár na cathrach iad beirt. Ba Bhaile Cliathach go smior é Mac Uí Mharcaigh agus é an-bhródúil as oidhreacht a thuismitheoirí. Níorbh iontas ar bith an teach a bheith lán ceoil agus Caoimhín ag teacht aníos nó ba é an bainisteoir é a athair ar an Capitol Playhouse i Sráid an Phrionsa, agus bhí a chroí siúd istigh sa cheol agus sna ceoldrámaí. Ní raibh moill ar Chaoimhín ná ar a dheirfiúracha, Una, Eily agus Máirín, an ceol a thógáil agus uirlisí éagsúla a sheinm. Fuair sé a chuid scolaíochta sa Chlochar i nGlas Naíon, i Scoil Naomh Uinseann, Glas Naíon agus ar Choláiste Mhuire, scoil lán-Ghaeilge i gCearnóg Parnell. Ba pheileadóir cumasach é a d’imir do Chumann Kickham agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Na Fianna ina dhiaidh sin. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann mionúr Bhaile Átha Cliath.

Ba le Gaeilge agus Iodáilis a chuaigh sé agus é ina fhochéimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus i ndiaidh na céime, bronnadh Dioplóma san Oideachas air. Chaith sé bliain ag teagasc i gColáiste Mhuire agus dhá bhliain ina dhiaidh sin ag na Bráithre Críostaí i nDún Dealgan. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus chuaigh a theagasc i Scoil Naomh Seosamh, Fionnradharc. Bhí sé ina rúnaí cúnta ag an Chomhchaidreamh sa tréimhse chéanna, grúpa ar dhual dó gréasán a bhunú a raibh tionchar fada buan aige. ‘Duine den dream óg fuinniúil atá ag neartú Ghael-Linn agus á dhaingniú i saol na tíre is ea Caoimhín Ó Marcaigh,’ a dúradh in alt faoi Ó Marcaigh a bhí ar Scéala Éireann (27 Meán Fómhair 1958) agus é cúig bliana is fiche d’aois. Faoi dheireadh na 1950idí bhíodh Ó Marcaigh ag reáchtáil céilithe seachtainiúla i dTeach an Ard-Mhéara agus ba mhinic an teach céanna lán. Bhíodh sé ag obair fosta ar dhrámaí raidió Ghael-Linn agus ba é stiúrthóir Chomórtais Liteartha an Chomhchaidrimh é de réir comhfhreagrais le hOireachtas na Gaeilge in 1961.

‘Dual athar dom bainistíocht a dhéanamh ar amharclann,’ a dúirt Ó Marcaigh agus é ag scríobh faoi na trí bliana idir 1957 agus 1960 a chaith sé mar bhainisteoir ar amharclann an Damer i bhFaiche Stiabhna. Tréimhse an-bhisiúil ba ea í ina mbíodh leithéidí An giall (1958) le Breandán Ó Beacháin á léiriú ann. Is léir fosta go raibh a sciar féin den dúshlán ag rith leis, mar chúram, rud a mhíníonn Mairéad Ní Chinnéide ina leabhar An Damer: stair amharclainne (2008):

Cuireadh an dráma [An Giall] ar stáitse an Damer ar 16 Meitheamh 1958. Ócáid mhór ba ea oíche na hoscailte agus bhí an bainisteoir, Caoimhín Ó Marcaigh, gléasta i gculaith thráthnóna chun fáilte a chur roimh na haíonna a raibh Risteard Ó Maolchatha, ceannaire Fhine Gael ag an am, agus iartheachta Dála de chuid an pháirtí sin, Mícheál Ó hAodha, ina measc. Ní raibh an dráma ach ag tosú nuair a chuaigh an clár leictreachais trí thine toisc ualach rómhór a bheith air. Theastaigh ón lucht múchta tine deireadh a chur leis an seó ag an chéad sos. Murach gur tháinig príomhleictreoir an Capitol agus gur chuir sé cóir shealadach ar chúrsaí ní cheadófaí dul ar aghaidh leis. Ba é an bainisteoir, Caoimhín Ó Marcaigh, a chuir fios air.

B’fhéidir gurbh é an cor ba mhó a cuireadh ina chinniúint sna blianta sin é bualadh le hAngela (Aingeal) Callaghan as an Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall. Dála Chaoimhín, ba chéimí í Aingeal de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhíodh sí ag obair mar mhúinteoir i rith an lae agus mar bhanghiolla sa Damer san oíche. Phós siad in 1961 agus saolaíodh triúr clainne dóibh, Fiachra, Aengus agus Sinéad.

Is le heagarthóireacht a chuaigh Ó Marcaigh i ndiaidh dó an mhúinteoireacht a fhágáil ina dhiaidh sna 1960idí. Thosaigh sé le Comhlacht Oideachais na hÉireann mar eagarthóir ar a gcuid leabhar oideachais. É féin a scríobh an treoirleabhar do The playboy of the western world le Synge in 1972 agus is furasta taithí Uí Mharcaigh mar fhear amharclainne agus Gaeilge a aithint ar an saothar sin. Tarraingíonn sé chuige, mar shampla, sleachta as Mo chara Stiofán (1939) le Liam Ó Rinn agus é ag trácht ar bheatha J.M. Synge.

I dtrátha an ama chéanna scríobh Ó Marcaigh an dráma teilifíse A week in the life of Martin Cluxton do RTÉ agus thabhaigh an Prix Italia ar a shon. Ba é ab ábhar don dráma seachtain i saol gasúir de chuid lár chathair Bhaile Átha Cliath a bhí i ndiaidh filleadh ó scoil saothair.

Bhí cúraimí éagsúla foilsitheoireachta ar Ó Marcaigh i rith a shaoil. Bhí sé seal ina eagarthóir sinsearach agus ina bhainisteoir ar Mercier Press i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ar stiúrthóirí an chomhlachta sin go dtí 2007. In 1981 thóg sé féin agus Aingeal cúram an chomhlachta Sairséal agus Dill ar láimh agus tugadh Sairséal Ó Marcaigh ar an ghnó sin feasta. Lean Sairséal Ó Marcaigh orthu go dtí 2009 nuair a ghlac Cló Iar-Chonnacht a gcuid cúraimí ar láimh.

Ceapadh Ó Marcaigh ina Eagarthóir Sinsearach ag an Ghúm in 1981, post a bhí aige gur éirigh sé as in 1996. Ina eagarthóir dó, leag sé an-bhéim ar an leabhar mar tháirge agus mhaisigh sé go leor clúdach leabhair é féin, do Mercier Press go háirithe. Ealaíontóir cumasach a bhí ann riamh. Lena chois sin, chuir sé go mór leis na haistriúcháin a dhéanadh an Gúm ar leabhair do pháistí agus bhí sé ina nós aige freastal ar aontaí leabhar Frankfurt agus Bologna le leabhair a roghnú. Le cois na n-aistriúchán, thug sé an-sásamh dó bunleabhair nua ar ardchaighdeán a choimisiúnú ó údair agus ó ealaíontóirí Éireannacha, go háirithe leabhair do pháistí. Nuair a d’fhoilsigh an Gúm An foclóir póca in 1986, d’éirigh le hÓ Marcaigh páipéar a aimsiú a bhí an-tanaí agus an-láidir san am céanna. D’fhág sin go raibh foclóir póca dátheangach ar an mhargadh a bhí éadrom so-iompair de réir a mhéide ach an-chuimsitheach de réir líon na gceannfhocal agus an eolais foghraíochta agus gramadaí a bhí ann. Bhí an-tóir ar An foclóir póca agus ar an fhoclóir Gaeilge-Gaeilge a d’fhoilsigh an Gúm in 1991, An foclóir beag. Níorbh iontas, agus an t-éileamh sin ar fhoclóir póca Gaeilge cruthaithe ag an Ghúm, gur chuir comhlacht foilsitheoireachta Collins a bhfoclóir póca féin ar an mhargadh in 1997.

Ba é an dúil a bhí ag Ó Marcaigh i ndéanamh an leabhair mar tháirge a chuir a dhéanamh leabharcheangail mar chaitheamh aimsire é. Thóg sé fosta leis an photadóireacht. I ndiaidh dó dul ar scor in 1996 chaith sé féin agus Aingeal cuid mhór ama i Rosa Thír Chonaill mar a mbíodh faill aige go leor iascaireachta a dhéanamh. Níor mhaolaigh a shuim sa scríbhneoireacht riamh agus bronnadh roinnt duaiseanna Oireachtais air lena linn as saothair éagsúla. Fuair sé bás ar 28 Márta 2014.

Fionntán de Brún

Leabhair

Ailt