Ó SÉ, Maidhc Dainín (1942–2013)

Oileán Dhún an Óir

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Ó Chicago go Carrachán (1998). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Is iad na leabhair a tháinig óna lámh is mó a thuill clú do Mhaidhc Dainín Ó Sé, ach ba iomaí sin bua eile a bhí léirithe aige ón am ar saolaíodh é i gCarrachán, láimh le Baile na nGall, Co. Chiarraí, ar 2 Feabhra 1942, go bhfuair sé bás ansiúd ar 29 Lúnasa 2013 – bua an cheoil, na filíochta, an ghrinn, an tseanchais, na cumadóireachta agus na flaithiúlachta ina measc. “Seoid náisiúnta atá imithe uainn,” a dúirt a dhlúthchara Micheál de Mórdha agus é ag labhairt ar a shochraid.

Bá é an leabhar A thig ná tit orm ba thúisce a d’fhógair a chumas scríbhneoireachta – scéal a shaoil mar ógánach in Iarthar Dhuibhneach, mar imirceach i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, as ar fhill sé abhaile in 1969. In 1995 cuireadh an leabhar ar shiollabas na hArdteistiméireachta in ionad Peig. Scríobh Maidhc os cionn scór leabhar eile ina dhiaidh sin, úrscéalta, gearrscéalta, leabhar filíochta agus leabhair don óige, chomh maith leis an dara cuid de scéal a shaoil, Mura mbuafam – suathfam, ina bhfuil cur síos ar a raibh i ndán dó agus é fillte as na Stáit.

Iascaire agus tiománaí hacnaí as an mBaile Loiscthe, Baile na nGall, ab ea a athair, Dainín Dan Ó Sé, agus ba as Baile na Buaile, an Daingean, dá mháthair, Máire ‘Minnie’ Ní Chinnéide. D’fhreastail Maidhc Dainín ar Scoil Náisiúnta Naomh Eirc ar an bhFeothanach agus cé go raibh a mháthair ag iarraidh a shuim a mhúscailt i gcúrsaí acadúla, ba mhó de dhúil a bhí ag Maidhc sa cheol, sa bhothántaíocht agus ina dtéann leo siúd.

Ar an gcóras fruilcheannaigh a fuair sé a chéad bhosca ceoil, ón gcomhlacht Cotts of Kilcock, a raibh a dtuairisc faighte aige ar cheann de na cláir urraithe a bhíodh le cloisteáil ar an raidió ag an am. Bhí sé ina fhuilibiliú sa teach an lá a tháinig an bosca agus tháinig ardiontas ar Mhaidhc nuair a rug a athair ar an mileoidean agus nuair a thosaigh sé á sheinnt. Ainneoin a bheith pósta leis le os cionn scór bliain, ní raibh a fhios ag Minnie ach an oiread go raibh Dainín in ann é a chasadh.

Níorbh é bua an cheoil amháin a thug Maidhc óna athair, fear a bhí thar a bheith tráthúil, deisbhéalach é féin, ach de réir mianaigh arbh fhearr leis tús áite a thabhairt don chur, don iascaireacht agus do bheith ag déanamh tís. ‘Ceol, cú ná cúrsaí caide, sin trí ní nár cheart a scaoileadh faoi dhíon aon tí, mar nach leanann iad ach toirmeasc agus díomhaointeas,’ a deireadh Dainín nuair a thosaíodh a chlann ag argóint faoi chúrsaí peile nó ceoil.

Agus deireadh lena chuid bunscolaíochta, d’fhreastail Maidhc ar an gceardscoil sa Daingean, áit a thaitin go mór leis. Bhí sé ar fhoireann peile na scoile a bhuaigh craobh an chontae don chéad uair riamh in 1958 agus bhíodh sé ag plé le rásaíocht naomhóg freisin. Thugadh sé saoire an tsamhraidh ag tabhairt cúnaimh dá athair, ag obair ag feirmeoirí eile agus ag casadh ceoil ag céilithe a bhíodh ag na scoláirí a bhí tagtha ag foghlaim Gaeilge. Sa cheardscoil bhí an-suim aige sa tsiúinéireacht agus sa líníocht mheicniúil, ach cheal deiseanna fostaíochta sa réimse sin oibre, ní raibh aige ach dul ar imirce agus a thréimhse tugtha ar scoil. I mí Lúnasa 1958, agus gan é ach cosamar sé bliana déag d’aois, thug sé aghaidh ar Shasana – é ráite sa bhaile aige gur chun cluiche leathcheannais na hÉireann sa pheil a fheiceáil a bhí sé ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath.

Chaith Maidhc Dainín bliain i Londain ag obair i monarcha innealtóireachta, ag maireachtáil lena dheartháir Dónall, agus ag seinm ceoil i dtábhairní agus i hallaí Gaelacha na cathrach. Ach bhí sé ina chloigeann i gcónaí tabhairt faoi na Stáit Aontaithe agus faoi Chicago, mar a raibh beirt dheartháir eile dá chuid, Pádraig agus Seán, agus a dheirfiúr Máire. A luaithe agus a bhí a phaisinéireacht saothraithe aige, thug sé féin agus Dónall aghaidh ar an gcathair sin, áit ar chaith a n-athair rompu deich mbliana le linn an Spealta Mhóir, i bhfichidí agus tríochaidí an fichiú haois. Ós rud é nach raibh Maidhc baileach ocht mbliana déag, ba trí phas a athar, saoránach de chuid na Stát, a fuair sé cead isteach ar 20 Deireadh Fómhair 1959.

Ní raibh caite ach dhá lá ag Maidhc in Chicago nuair a bhí post faighte aige leis an gcomhlacht postdíola Sears Roebuck. D’éirigh go seoigh leis agus ainneoin rian den chiníochas a bheith le brath go láidir in Chicago na linne sin, thug Maidhc le fios go luath agus go hoscailte nach raibh aon luí aige féin lena leithéid. Fearacht Londan, ba ghearr go raibh sé le cloisteáil ag seinm an bhosca ceoil i dtábhairní móra Gaelacha na cathrach, áit a mbíodh sé ar stáitse le Joe Cooley, an boscadóir cáiliúil as Tobar Pheadair i gContae na Gaillimhe, agus d’éirigh cairdeas eatarthu.

Ba ag a leithéid de sheisiúin ceoil a chas Caitlín Nic Gearailt as an nGleanntán in aice le hOileán Ciarraí ar Mhaidhc agus phós siad in 1962. Ba in Chicago a saolaíodh an bheirt ba shine dá gcuid páistí, Caoimhín agus Deirdre, agus bhí Caitlín ag súil leis an tríú duine, Danny, nuair a shocraigh siad filleadh abhaile in 1969, mar go raibh treisiú ag teacht ar an gciníochas sna Stáit agus gur thug siad faoi deara freisin go raibh úsáid drugaí ag éirí níos forleithne. ‘Níor theastaigh uaim mo chlann a thógaint mar sin. B’fhearr liom iad a thógaint fé mar a tógadh mé féin. Bhí beirt (leanaí) i Siceagó againn agus ansin fuair Danny free transport abhaile ! Ní caitheadh díol as aon ticéad dó!’

Ba in Éirinn a saolaíodh an triúr deireanach clainne a bhí acu, Danny, Daithí agus Marianne.

Ar fhilleadh abhaile dó in 1969 agus aon bhliain déag caite ar imirce aige, fuair Maidhc Dainín amach go raibh neart oibre ar fáil ina cheantar dúchais ar an scannán Ryan’s Daughter, a bhí á dhéanamh i nDún Chaoin, ach shantaigh sé obair níos buaine ná sin agus fuair a leithéid in Uachtarlann an Daingin. Bhí sé ag tiomáint leoraí bainne dóibh nuair a cheannaigh an comhlacht bia Kerry Co-Op (Kerry Group anois) an gnó in 1974 agus gur éirigh sé as in 2003 thug Maidhc an chuid eile dá shaol oibre ag taisteal feadh iarthar Chúige Mumhan ag bailiú bainne ó fheirmeoirí déiríochta, cúram a d’fheil é agus ina raibh sé sócúl, sásta.

Lean Maidhc leis an gceol ar theacht abhaile dó. Bhíodh sé le cloisteáil go minic ag caint agus ag seinm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus níor lig sé Oireachtas na Gaeilge thairis aon bhliain ón am ar fhill sé. Tá roinnt dá chuid ceoil le cloisteáil ar dhá dhlúthdhiosca, Ó Chicago go Carrachán (Cló Iar-Chonnachta) agus Ó thuaidh – traditional song and music from West Kerry, ar a bhfuil a mhac Caoimhín le cloisteáil ina theannta.

Bhí sé gníomhach freisin i measc a phobail féin. Bhí an-suim aige sna cluichí Gaelacha agus thug sé blianta ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta agus bhain an-sásamh as a bheith ag cur aithne ar na ceantair éagsúla den Ghaeltacht ina mbíodh na cruinnithe ar siúl, áit ar chuir sé aithne ar chuid mhaith de mhórcharachtair agus ar cheoltóirí na linne.

Bhí sé de mhian ag Maidhc Dainín go dtiocfadh sé ar a phinsean nuair a bheadh sé trí scór bliain d’aois, rud a rinne sé ar an gcéad lá d’Eanáir 2003. Ach go gairid sular tharla sin, buaileadh buille trom air nuair a bhásaigh an iníon ba shine aige féin agus ag Cáit, Deirdre, i mí na Nollag 2002 in Pennsylvania na Stát Aontaithe, áit a raibh sí ag cur fúithi le seacht mbliana déag.

Beagán le cois deich mbliana de na blianta pinsin sin a fuair sé agus, mar a dúirt sé san fhocal scoir sa dara cuid dá dhírbheatháisnéis, é anois:

ar mo shuaimhneas, ag scríobh giota anseo is ansiúd agus ag seinm fo-phort i dtigh tábhairne Fhearguis Uí Fhlaithbheartaigh lena chois féin, Con Durham, Bríd Uí Bhriain agus Eric, an Francach Gaelach ag stialláil ar an mbodhrán. Á, nach é sin an saol breá, a bhuachaill ! Up Cuas !”

Ba in 1987 a d’fhoilsigh Coiscéim A thig ná tit orm agus ba bheag bliain ina dhiaidh sin, fad a mhair sé, nár tháinig ar a laghad aon leabhar amháin ó pheann Mhaidhc Dainín Uí Shé. Gearrscéalta a bhí sa chéad leabhar eile dá chuid a foilsíodh, Corcán na dtrí gcos (1988). An bhliain dár gcionn bhuaigh bailiúchán filíochta dá chuid, Citeal na stoirme, duais Oireachtais. An bhliain sin freisin scríobh sé Is glas iad na cnoic, leabhar a bhí dírithe ar ógánaigh mar a bhí Madraí na n-ocht gcos (1998). Leabhar aistí agus eachtraí grinn, lonnaithe i Meiriceá agus in Éirinn, ab ea Chicago driver (1992). B’úrscéalta iad Dochtúir na bpiast (1993) agus Greenhorn (1997).

In 1999 foilsíodh Mair a chapaill agus in 2001 Lilí Frainc, úrscéal a bhí suite i ndrochlaethanta ollchumhacht na dtiarnaí talún. Úrscéal eile Tae le tae (1990) a tháinig roimhe sin. Thug Maidhc ansin faoin dara cuid de scéal a shaoil Mura mbuafam – suathfam (2003). Dhá úrscéal draíochta, Idir dhá lios (2005) agus Nuadha agus Breoghan ar neamh (2006) a tháinig óna pheann ina dhiaidh sin. Eachtra don aos óg a bhí i Seán Óg Máirtín (2007), úrscéal stairiúil ab ea Lucinda Sly (2008) agus leabhar eile don óige, Seáinín agus na madraí uisce (2009).

Úrscéalta ab ea an dá leabhar dheireanacha a scríobh Maidhc Dainín Ó Sé, Cara go brách (2010) agus Punt isló, as a bhfuair sé duais Oireachtais an bhliain sular bhásaigh sé.

Foilsíodh freisin leagan Béarla, de A thig ná tit orm, a bhí aistrithe ag an scríbhneoir Gabriel Fitzmaurice, ach nuair a ceistíodh Maidhc faoi aon fhonn a bheadh air féin tabhairt faoi bhunsaothar sa teanga sin, d’fhreagair sé: ‘Ní scríobhfainn litir as Béarla fiú amháin!’

Mártan Ó Ciardha

Agallamh

  • Budhlaeir, C. (2010) Agallamh le Maidhc Dainín Ó Sé. Ar fáil ag http://www.beo.ie/alt-maidhc-dainin-o-se.aspx [Faighte 4 Nollaig 2014].