Bhailigh Seán Ó Súilleabháin le chéile a dhánta, cúig cinn is tríocha díobh, agus a raibh de sheanchas ina dtaobh agus i dtaobh Dhiarmuda in Diarmuid na Bolgaighe agus a chómhursain, 1937. I dTuaith Ó Siosta, Co. Chiarraí, a rugadh an file seo; i nDroing sa pharóiste sin a thuairimigh a eagarthóir. Ba é an seachtú mac é agus bhí sé in ann tinneas darb ainm ‘piast’ a leigheas. Fuair sé scolaíocht i scoil fóidín i Lochán na gCrann ó scoláire bocht. Bhí eolas maith ar an mBíobla aige agus creidtear go raibh léamh aige ach nár scríobh sé síos aon chuid dá dhéantús féin. Sa cheantar sin na Droinge, ar phíosa talún a thug a athair dó, a bhí cónaí air féin agus a chlann. Le mairnéalacht a chuaigh sé ar dtús. Bhí bád seoil aige féin tamall agus d’iompraíodh sé im agus uibheacha ó Chill Macallóg go cathair Chorcaí do cheannaithe Thuaith Ó Siosta agus thugadh ar ais chucu earraí le díol. Bhíodh sé ag obair freisin ar húicéir ar le ceannaí sna Cathracha í. Creideadh gurbh i rith turais áirithe abhaile ó Chorcaigh timpeall an chósta is ea a fuair sé bua na filíochta. Níos deireanaí ina shaol théadh sé a spailpínteacht go Port Láirge. Phós sé bean de mhuintir Shé agus tá sé sa bhéaloideas go bhfuair an sagart paróiste amach blianta fada ina dhiaidh sin go raibh siad róghairid i ngaol dá chéile agus gur thug sé orthu scaradh ó chéile ar feadh tamaill cé go raibh siad ag dul in aois. Deirtear freisin gur thréig sí Diarmuid agus go ndeachaigh ag siúl lena mac, ar mháistir rince é, ach gur ghlac Diarmuid ar ais í.

Bhí Mac Fínín Duibh (Sylbhester Ó Súilleabháin), ‘taoiseach’ an cheantair, an-mhaith dó agus shaor ón gcroich é uair, más fíor. Nuair a d’éag seisean in 1809 chuaigh cúrsaí an fhile in olcas. Deir Seán Ó Súilleabháin: ‘D’fhág a bhás siúd an file bocht gan taca gan teannta, agus is mó den duairceas agus den domblas atá le tabhairt faoi ndeara ina laoithe ina dhiaidh sin ná mar atá de mheidhir agus de dhóchas.’ Ní chuireadh fear céile dheirfiúr Mhic Fhínín Duibh aon fháilte roimhe i dteach mór an taoisigh sa Doirín. Bhí cíos le híoc aige anois agus ba mhinic na báillí chuige. Bhí a bhean marbh faoin am ar sciob gála an díon leis agus, tharla nach raibh airgead aige chun an teach a dheisiú, is ar seachrán agus ag iarraidh déirce a bhí sé as sin amach. I ndeireadh an tsamhraidh in 1846 bhí sé ag filleadh ó Dhá Dhroim agus d’éirigh leis teach seancharad i gCaiseal Chaoilte a shroicheadh. Bhí sé anois folamh agus ann a d’fhan Diarmuid go bhfuair bás den ocras. A luaithe a bhraith sé an bás chuige chuir sé fios ar Mhuircheartach Ó Sé, fear san áit a raibh scríobh aige, agus d’iarr air an véarsa is fiche dá aithrí a scríobh síos uaidh. Seo é an tuairisc a fuair Ó Súilleabháin air: ‘Fear mór dealrúil ab ea é, chomh fada is is eolach. Bhí an ceann aige ar an bpobal, agus é cumasach córach dá réir. D’fhág an bholgach a rian air, ámh, agus do lean an mháchail sin ’on uaigh é. Gruaig dhubh a bhí air agus uidhre na haimsire ina chneas.’ Ar 7 Iúil 1930 cuireadh suas leacht cuimhneacháin i gCill Macallóg agus ainmneacha Dhiarmuda agus Mhortaí Learaí Uí Shúilleabháin, file, air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú