In Cnuasach Andeas: scéalta agus Seanchas Sheáin Í Shé ó Íbh Ráthach, 1963 in eagar ag Séamus Ó Duilearga, tá i gcló cuid den ábhar a bhailigh seisean ón seanchaí seo, breis agus céad píosa, idir scéalta, sheanchas agus amhráin, i rith Lúnasa 1925 - Deireadh Fómhair 1934. Sa réamhrá, deir an bailitheoir: ‘Dob iad an bheirt ba fhearr chun scéalaíochta a casadh im threo le linn na haimsire a chaitheas sa Phriaireacht (1923-1930) ná Seán Ó Conaill i gCill Rialaig agus Seán Chormaic Í Shé i gCurrach na nDamh. Dob fhial an chóir a chuireadar orm, agus ba gheal liom na hoícheanta a chaitheas ina bhfochair.’ Líonann scéalta agus seanchas an fhir seo Béaloideas 29, 1961[1963]. In Béaloideas 1V, 1933-4 deir sé gur tháinig Seán féin chuige ag iarraidh air a chuid scéalta, seanchais agus amhrán a scríobh síos uaidh, é á ra nár mhaith leis go gcuirfí in éineacht leis san uaigh iad. Thugadh sé cuairt go minic air agus ba dhóigh leis gurbh fhearr go mór chun seanchais é ná chun scéalta a insint. B’fhéidir a rá faoin réamhrá sin gur cur síos freisin é ar an Duileargach féin agus ar na tréimhsí a chaith sé sa Phriaireacht mar bhailitheoir: ‘...bhínn ag coigilt chugam féin go ceanúil gach aon ní suaithinseach eile a chloisinn aige i dteannta an tseanchais – focail agus ráitis neamhchoitianta, ranna agus robháin, ainmneacha áiteanna agus nithe eile ba leamh liosta le n-áireamh... Mo mhairg go deo ná raibh d’uirlis agam chun bailithe furmhór na haimsire a chaitheas sa Phriaireacht ach an peann! Dá mbeadh taifeadán agam an uair úd is éachtach an cnuasach a gheobhainn a chur ar fáil do lucht taighde i gcúrsaibh leitríochta bhéil na hEorpa agus do lucht suime i gcaint ghonta líofa Ghaoluinn Deasmumhan’.

Ba dhuine de Chárthaigh na Leamhna seanmháthair an scéalaí agus bhí sé bródúil as an ngaol sin. Ba de na Ceithearnaigh é, brainse de mhuintir Shé. Bhí cónaí air i gCurrach, in aice le hImleach Mór, Baile an Sceilg i gCiarraí. I bhFómhar 1925, thug Tomás Ó Rathile a chéad chuairt ar an bPriaireacht agus chaitheadh sé féin agus an Duileargach oícheanta seanchais i dteach Sheáin Chormaic. Cailleadh an seanchaí seo ar 17 Samhain 1934. Luann Ó Duilearga mac leis, Mícheál, a d’aistrigh go Co. na Mí tar éis dá athair bás a fháil.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú