Tá cuntas ag Eibhlín Ní Mhurchú ar an bhfile pobail seo in Ár bhfilí: iris na hoidhreachta 3, 1991, in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta, faoin teideal ‘Micheál Ó Sé: Maidhc Sé. File, Rinnceoir agus Ceardaí’

Saolaíodh é ar 18 Meán Fómhair 1877 i mBaile Uí Chorráin i bparóiste Múrach i gCorca Dhuibhne. Peaid ab ainm dá athair. Ceardaí ba ea é siúd freisin agus ba í Cáit Nic Ghearailt máthair Mhaidhc. Bhí seisear eile sa chlann: ceathrar iníonacha agus beirt mhac agus ba é Maidhc an séú duine díobh agus an tríú mac. Bhí sé ar scoil i Sean-Choill agus bheadh sé ina mhonatóir ann, b’fhéidir, murach go raibh sé tinn ar feadh bliana. Chaith sé a shaol leis an siúinéireacht. Bhí cáil ar leith air mar gheall ar na naomhóga agus na maidí rámha a dhéanadh sé. Ó Mhichaelín Hartnett, an ceardaí a rinne an naomhóg ‘Beauty deas an Oileáin’, a d’fhoghlaim Maidhc an ealaín sin.

D’fhoghlaim sé rince ó na máistrí rince ba chailiúla sa cheantar agus d’fhoghlaim sé an veidhleadóireacht freisin ó dhuine díobh, Roger Cinnidí. Bhuaigh sé craobh na Mumhan sa chornphíopa i 1904.

Phós sé Ellen Brick ó Bhaile Uí Dhuinn agus bhí cúigear clainne acu.

Ó 1936 ar aghaidh bhíodh dánta i gcló aige in The Kerryman. Chuir a mhac Pádraig cnuasach díobh ar fáil ar a chostas féin. D’éag Maidhc 4 Lúnasa 1968.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú